Sonraí an Chúrsa

Ranganna Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge 2014

Tá Conradh na Gaeilge i Baile Átha Cliath ag reáchtáil ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.

Cuirfear tús leis na ranganna ar 28 -30 Eanáir 2014

Beidh leibhéal éagsúla ar fáil ó thosaitheóirí go hardrang

Am: 7-0-9i.n (sos tae ag 8i.n)

Fad Téarma: 10 seachtaine (rang sa tseachtain)

Ionad:
Conradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Táille: €180

Tá ard-thaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge ag múineadh agus ag tabhairt chúnaimh d’fhoghlaimeoirí le blianta fada.

Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gcónaí le béim mhór ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhic léinn.

Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 01 4757401 nó seol ríomhphost chuig eolas@cnag.ie. Is féidir clárú ar -líne ag www.cnag.ie chomh maith.

***********************************************************************************

Tá ranganna Gaeilge an Earraigh arna eagrú ag Conradh na Gaeilge ag 45 Sráid Doiminic i nGaillimh  chomh maith. 

Cuirfear tús leis an gcéad shraith ranganna Gaeilge eile in Áras na nGael ar oíche Luain 27 Eanáir 2014.

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i roinnt ionad eile ar fud an chontae chomh maith le himeachtaí eile chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as an méid atá á fhoghlaim acu
 
Tuilleadh eolais: 091 567824  / conradh@bradan.iol.ie

nó Is féidir clárú ar líne ag www.arasnangael.ie

©Foilsithe ar Gaelport.com 09 Eanáir 2014

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge 



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214