Sonraí an Chúrsa

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Ar mhaith leat bheith i do craoltóir ar Raidió Fáilte?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh i dianchúrsa traenála  Raidió Fáilte i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Beidh an cúrsa ag tosú ar an 1ú Feabhra 2014 agus mairfidh sé 4 seachtain san iomlán

(gach Satharn 10:00rn-1:00in).

Cúrsa saor in aisce atá ann agus tá sé oscailte do Ghaeilgeoirí thar 18 bliain d’aois.

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lena gclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.

Le cois bunscileanna craoltóireachta, beidh an deis ag na rannpháirtithe scileanna taighde agus iriseoireachta a fhoghlaim, scileanna agallaimh agus cur i láthair, scriptscríbhneoireacht, eagarthóireacht agus meascadh fuaime, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid gléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo.

Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair

sa lá – óna stiúideo ar Bhóthar na bhFál, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a léiriú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge. 
Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.  

Gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com  roimh an 27ú Eanáir 2014.

Tuilleadh sonraí le fáil ar www.raidiofailte.com

Foilsithe ar Gaelport.com 15 Eanáir 2014 

 
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214