Sonraí an Chúrsa

Dianchúrsa sna Meáin Shóisialta

Tá Ealaíon na Gaeltacht ag eagrú dianchúrsa sna Meáin Shóisialta d’eagraíochtaí ealaíon sa nGaeltacht ar Déardaoin, 6 Márta, 2014.

Ionad:
  Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Am:
10.30 r.n  – 4i.n

Costas:
€30

Cé dó an cheardlann?  D’Ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon sa nGaeltacht.
An bhfuil sé ar do chumas grianghraf a aistriú ón bhfón póca go Facebook? An bhfuil a fhios agat céard is ‘hashtag’ ann? An bhfuil tú ábalta bolscaireacht a dhéanamh go héifeachtach trí na meáin shóisialta? An bhfuil sé deacair aird an phobail a tharraingt ar d’imeachtaí nó ar do shaothar?

Más freagra diúltach atá agat ar na ceisteanna thuasluaite, is cinnte go mbainfidh tú tairbhe as an dianchúrsa seo.

Is é cuspóir na ceardlainne, go mbeidh sé ar do chumas na meáin shóisialta a úsáid go héifeachtach. Cuideoidh na teagascóirí leat snas a chur ar shuíomh d’eagraíochta agus foghlaimeoidh tú conas an leas is fearr a bhaint as na meáin shóisialta éagsúla.

Tá gach eolas ar fail ó hÁisitheoir Ealaíon Réigiúnach ag m.nidhroighneain@udaras.ie nó ag 503100 le spás a chur in áirithe. 

Spás teoranta atá i gceist mar sin tá sé molta teagmháil a dhéanamh chomh luath agus is féidir.  
 
©Foilsithe ar Gaelport.com 19 Feabhra 2014

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214