WinGléacht
GaelSpell
Is litreoir cumhachtach é GaelSpell a oibríonn laistigh de Microsoft Word chun cabhrú le daoine fadhbanna litrithe a aimsiú agus a cheartú. Tá GaelSpell úsáideach dóibh siúd uile a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar ríomhairí - idir mhic léinn, mhúinteoirí, léachtóirí agus iriseoirí. Ní gá na gutaí in 'Gaeilge' a mheascadh ná sínte fada a fhágáil ar lár arís.
Le GaelSpell i bhfeidhm, nuair atá tú ag clóscríobh in Microsoft Word cuirtear líne dhearg faoi aon fhocail nach bhfuil litrithe i gceart sa Bhéarla nó sa Ghaeilge. Tá os cionn 300,000 iontráil i GaelSpell 2007 agus tá cabhair theicniúil ríomhphoist san áireamh nuair a cheannaítear an pacáiste ó Cruinneog. Agus tá cabhair theicniúil chuimsitheach ríomhphoist ar fáil do gach aon duine a cheannaíonn ár mbogearraí.
Focal.ie
Bunachar sonraí de théarmaí Gaeilge atá anseo. Tá os cionn 315,000 téarma ar fáil ann agus iad inchuardaigh faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla.
Tá FIONTAR, DCU ag obair ar bhonn tionscadail do Foras na Gaeilge chun cúram a dhéanamh de bhainistiú an bhunachair agus cóirú breise a dhéanamh air. Faoin gcéim seo den tionscadal freisin, déanfar obair eagarthóireachta ar a bhfuil sa bhunachar cheana agus cruthófar treoir oibre chun an bunachar a cheangal le Corpas Náisiúnta na Gaeilge. Cuireadh an chéad chéim den obair i gcrích le cúnamh ó INTERREG III A (2004-7).
Ceart -Gramadóir Gaeilge
Is pacáiste bogearraí cumhachtach é Ceart a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú na Gaeilge a cheartú. Tá sé dírithe go háirithe ar aistritheoirí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus is áis shofaisticiúil é chomh maith do mhic léinn, d'fhoghlaimeoirí gus do gach aon duine a bhíonn ag scríobh as Gaeilge. Déanann Ceart seiceáil chuimsitheach ghramadaí ar shéimhiú nó ar urú ag tús ainmfhocail mar aon le cuid mhaith rialacha níos casta freisin.
Logainm.ie
Tá bunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann cruthaithe ag Fiontar (DCU) agus An Brainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) ar an suíomh seo. Cuireadh tús leis an gcéad chéim den obair in Aibreán 2007 agus seoladh Bunachar Logainmneacha na hÉireann go poiblí ag tús Dheireadh Fómhair 2008.
Tá an acmhainn seo dírithe ar riachtanais iriseoirí agus aistritheoirí, mac léinn agus múinteoirí, mar aon le staraithe agus taighdeoirí ginealais. Áis don phobal atá ann, d’Éireannaigh sa bhaile agus thar lear, agus spreagfaidh sí spéis i saibhreas agus i saíocht logainmneacha na hÉireann.
socruithe feidhmchláir ar bharr an leathanaigh. Tá leathanach Facebook na Comhdhála ar fáil ag an nasc seo.