Bhí Tóstal na Gaeilge 2010 ar siúl ar 26 agus 27 Feabhra 2010, in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh.
Tá tuilleadh eolais mr gheall ar an Tóstal, chomh maith le físeáin agus grianghraif ar fáil ar an láithreán gréasáin www.tostal.ie
Is féidir cur síos ar Thóstal na Gaeilge 2012 a fháil ag www.gaelport.com/tostal2012.
An Cúlra
Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lárchomhairle ar phobail na Gaeilge. Tá sé mar aidhm aici bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.
Mar chuid den straitéis i bhfeidhmiú na haidhme agus ag glacadh lena ról mar lárchomhairle, feictear don Chomhdháil go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh fóram poiblí á reáchtáil aici gach dara bliain lena chinntiú go bhfuil ionchur daonlathach ag pobail éagsúla na Gaeilge i leith cur chun cinn polasaithe a bhaineann leis an nGaeilge agus lena gcuid tuairimí a nochtadh i leith obair na Gaeilge.
Aidhmeanna an Tóstail
Is iad seo a leanas bunaidhmeanna an Tóstail.
Ionadaíocht/Toscaireacht
Príomh-mholtaí ó Thóstal na Gaeilge 2008
Tá tuilleadh eolais mar gheall ar Tóstal na Gaeilge ar fáil ar an suíomh Gréasáin Tostal.ie.