“Beart de réir Briathair” an téama a bhí ag Tóstal na Gaeilge 2013, a tionóladh i mBaile Átha Cliatha ar Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013 ó 9:30am – 5pm.
San óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, a bhailigh pobal Gaeilge na tíre agus cairde na Gaeilge lena chéile ag Tóstal na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach.
Chuir lucht eagraithe an Tóstail, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, clár cuimsitheach le chéile ag agus ar maidin pléadh beartais an Rialtais i leith na Gaeilge. Dhírigh dhá phainéal éagsúla ar na beartais is déanaí atá curtha chun cinn ag an Rialtas faoi Acht na Gaeltachta 2012.
“Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” a bhí mar theideal ar an gcéad seisiún plé, áit a pléadh na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach.
Faoi chathaoirleacht an iriseora Gormfhlaith Ní Thuairisg de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí an seisiún sin, agus orthu siúd a bhí ag roinnt a dtuairimí ar an lá bhí: Feargal Ó Cuilinn, Ceannasaí Comhluadar; Dr Briain Ó Curnáin, saineolaí ar chanúineolaíocht agus socheolaíocht na Gaeilge le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Aoife Ní Shéagha, Léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh; agus Sorcha Ní Chéilleachair, Cathaoirleach Thuismitheoirí na Gaeltachta – Conamara.
“An Ghaeltacht in 2013” a bhí faoi chaibidil sa dara seisiún faoi chathaoirleacht Rónán Mhic Con Iomaire, Leascheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. Spreagadh neart plé faoin ábhar seo leis na haoichainteoirí: Seosamh Mac Donncha, OÉ Gaillimh, Stiofán Ó Cualáin, Údarás na Gaeltachta; Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; mar aon le hionadaí ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.
Faoi Chathaoirleacht Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4, díríodh ar bheartais reatha an Rialtais, agus rinneadh anailís ar na bealaí atá freagrachtaí an Stáit i leithna teanga á láimhseáil ag Rialtas reatha na tíre. Ar dhuine amháin den phainéal seo, bhí Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach nua ar Údarás na Gaeltachta. Ar ndóigh, faoi Acht na Gaeltachta 2012, thit roinnt mhaith freagrachtaí úra ar Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta.
Duine de na hionadaithe poiblí is mó a chur i gcoinne Acht na Gaeltachta 2012 ab ea an Seanadóir Seán Barrett agus labhair seisean faoi chúrsaí daonlathais i dtaobh na Gaeilge sa státchóras faoi láthair. Labhair Kevin De Barra,Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, faoi bheartais reatha an Rialtais agus na dúshláin atá roimh Ghaeilgeoirí na linne seo chun a gcearta a bhaint amach. Labhair an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na bearnaí a fheiceann sé i gcur chuige reatha an Rialtais i leith na Gaeilge.
“Ag an Tóstal, d’iarr an pobal ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a gcás a chur faoi bhráid na nÚdarás agus dá bhrí sin lorgóidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cruinniú práinneach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD, le hAire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD agus le hOifigigh sinsearacha sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta”, a dúirt Stiúrthóir na Comhdhála Kevin De Barra.
Ag eascairt as an bplé maidir leis na heasnaimh atá ann i bpolasaí oideachais Gaeltachta na Roinne Oideachais agus Scileanna, lorgófar cruinniú práinneach leis an Aire Oideachais Ruairí Quinn TD go luath.
“Tá an deis anois ag an Rialtas freagra a thabhairt ar an mbuairt atá léirithe ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge agus ceannasaíocht a léiriú le forfheidhmiú an phróisis pleanála ar bhealach oscailte, cuimsitheach agus daonlathach”, dar le Kevin De Barra.
Is iad seo a leanas na moltaí a tháinig chun cinn ag Tóstal na Gaeilge 2013.
Oideachas Gaeltachta
Tacaíocht do thuismitheoirí
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
An Próiseas Pleanála Teanga
Cearta Teanga
Earnáil Dheonach na Gaeilge
Tá clár an Tóstail ar fáil anseo: Tóstal na Gaeilge 2013 - Clár Oifigiúil [Leagan Idirlín].pdf.