Cláraigh don Nuachtlitir

 
 


 

Turas na bhFilí

Beidh turas na bhfilí 2012 á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal.

Ó 1970, tá Turas na bhFilí á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun filí Gaeilge a chur go hAlbain agus chun filí Gàidhlig as Albain a thabhairt go hÉirinn.

Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í Turas na bhFilí. Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar an scéim, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe ón dá thraidisiún. I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an turas go hAlbain, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Seán Ó Tuama agus Cathal Ó Searcaigh. 

Is é Turas na bhFilí an clár malartaithe is faide bunaithe idir Éirinn agus Albain. Go hiondúil bíonn beirt fhile, ceoltóir agus amhránaí traidisiúnta i ngach grúpa. Bíonn dhá chuid i gceist le gach Turas - Turas na bhFilí Albanacha ar Éirinn agus Turas na bhFilí Éireannacha ar Albain. I mbliana grúpa Albanach trasna go hÉirinn san Earrach don Turas in Éirinn. Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an chuid seo den Turas, le himeachtaí cultúrtha, ceardlanna scoile agus oícheanta filíochta agus ceoil.
 
Is í an aidhm atá le Turas na bhFilí, ná na naisc idir pobal agus traidisiúin na hÉireann agus pobal agus traidisiúin na hAlban a threisiú ionas go gcothófar teagmháil leanúnach idir an dá thír. Tugtar an deis do mhuintir an dá thír aithne a chur ar chultúr, teanga agus ceol na tíre eile, agus eolas a fháil ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir an dá thraidisiúin.

Ní fios go hiomlán cén deathionchar a bhí ag na malartaithe cultúrtha seo leis na blianta, ach is cinnte gur tháinig borradh ar chúrsaí litríochta na Gaeilge agus na Gáidhlige dá bharr, leis an ardán nua seo a thabhairt d‘fhilí an dá thír a gcuid saothar a chur os comhair an phobail.

I mbliana tiocfaidh filí Albanacha ar thuras go hÉirinn ó 12-15 Aibreáin 2012.  Beidh Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill á eagrú mar ócáid lárnach le linn Thuras na bhFilí Albanacha don cheathrú bliain as a chéile in 2012 agus tá iarratais á nglacadh faoi láthair don mhórchomórtas Ceilteach seo. 

Beidh an file aitheanta Nuala Ní Dhomhnaill mar aoi speisialta ar an oíche agus mar dhuine de na moltóirí ar chomórtas na bliana seo agus beidh léamh filíocht dhátheangach leis na filí Rody Gorman agus Fearghas MacFhionnlaigh.

Beidh neart ceol Albanach leis an gceoltóir Rona Lightfoot as Uibhist a Deas agus amhráin Gàidhlig leis an t-amhránaí Linda NicLeòid. Beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis Máire Ní Choilm as Mín an Iolair, Doire Beaga i dTír Chonaill i gcuideachta na filí Albanacha agus na ceoltóirí ar an oíche.

Ar an Aoine 13 Aibreán beifear ag tabhairt cuairte ar Ghaeltacht na Rinne áit atá oíche mhór fhilíochta agus ceoil arna eagrú in Meánscoil San Nioclás i Rinn Ó gCuanach.

Beidh an file áitiúil Áine Uí Fhoghlú ag léamh filíocht i gcuideachta na filí Albanacha agus beidh an píobaire Caoimhín Ó Fearghail  fear óg a bhain amach Gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 2012 ina measc mar aon leis an t-amhránaí sean-nóis Ann Mulqueen.  Tabharfar deis d’fhilí áitiúla píosa dá bhfilíocht a léamh ag an seisiún maidhc oscailte seo.

Cuirfear clabhsúr bríomhar le Turas na bliana nuair a dhéanfaidh an Turas nascadh le Fhéile Phan Cheilteach na bliana seo a bheidh faoi lán tseoil i gCeatharlach faoin am sin agus beidh oíche mhór filíochta/ceol & amhráin Gaeilge agus Gàidhlig in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach ar 14 Aibreán. 

Beidh an file áitiúil Deirdre Brennan ag léamh filíochta ar an oíche i gcuideachta na bhfilí Albanacha mar aon le neart ceoil agus amhrán ó na hAlbanaigh agus beidh ceol agus amhráin leis an Cruitire/amhránaí áitiúil Pádraigín Caesar.
 
Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcomórtas féin ar fáil anseo.

Is féidir breathú ar leabhrán imeachtaí na bliana seo caite anseo.

Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Turas na bhFilí le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.


@Gaelport - Beo ar Twitter:

© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214