Turas na bhFilí

Ó 1970, tá Turas na bhFilí á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun filí Gaeilge a chur go hAlbain agus chun filí Gàidhlig as Albain a thabhairt go hÉirinn.

Is é Turas na bhFilí an clár malartaithe is faide bunaithe idir Éirinn agus Albain. Go hiondúil bíonn beirt fhile, ceoltóir agus amhránaí traidisiúnta i ngach grúpa. Bíonn dhá chuid i gceist le gach Turas - Turas na bhFilí Albanacha ar Éirinn agus Turas na bhFilí Éireannacha ar Albain. Téann grúpa Albanach trasna go hÉirinn san Earrach don Turas in Éirinn.

Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an chuid seo den Turas, le himeachtaí cultúrtha, ceardlanna scoile agus oícheanta filíochta agus ceoil. 

Bíonn Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Neill sa Ardchathair mar chuide den Turas.

Is í an aidhm atá le Turas na bhFilí, ná na naisc idir pobal agus traidisiúin na hÉireann agus pobal agus traidisiúin na hAlban a threisiú ionas go gcothófar teagmháil leanúnach idir an dá thír. Tugtar an deis do mhuintir an dá thír aithne a chur ar chultúr, teanga agus ceol na tíre eile, agus eolas a fháil ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir an dá thraidisiúin.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi Thuras na bhFilí, bí i dteagmháil le Brígíd Ní Ghríofa,
brighid@comhdhail.ie
 
 
 
Seo thíos blaiseadh beag de Thuras na bhfilí 2013
 
 

Turas na bhFilí 2013 - Co. Mhaigh Eo
 
Turas na bhFilí 2013 - Baile Átha Cliath 


 Turas na bhFilí 2013 - Co. Mhaigh Eo

 

 

 

Turas na bhFilí 2013 - Baile Átha Cliath 

 

 Turas na bhFilí 2013 -  Scoil Náisiúnta Muire Gan Smal, Ceathrú Thaidhg,Co. Mhaigh Eo

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214