Eagrán / Edition 13 - 06 05 2008

Ar an teilifís: Rince ar Phár

On the box: Rince ar Phár

The first major television series  exploring contemporary Irish language writing produced by Dovinia Productions will be first shown on TG4 tonight,Tuesday 6th May 2008 at 8 p.m.  The series Rince ar Phár will examine the world of Irish language writing and  provide an insight in to the works of the major Irish language writers of our time.  This series will look at the real life and times of the writers and banish the clichéd stereotypes associated with Irish writing (Peig bhocht!)
 
Major figures in Irish Literature discuss the nature of literature and the spark of Inspiration. They describe the flash of inspiration, when, 
according Liam Ó Muirthile, you ‘walk above the ground’. Biddy Jenkinson loves the spark that strikes from the sky.
 
Nuala Ní Dhomhnaill says, if she could bottle inspiration, she would sell it. The magic of words is what entrances Cathal Ó Searcaigh. When Darach Ó Scolaí began An Cléireach the image was so clear in his mind that it could have been a picture or a poem, but in the end, it took the form of a novel.
 
Get the full story in a major new series on contemporary Irish language literature
 
 Rince ar Phár, TG4, starts 8p.m. May 7th.
 
 If you want to interview the producer  and director of the series Brenda Ní Shúilleabháin will be happy to speak to you.  Her number is 087 2999616

Tá an chéad mhórshraith teilifíse ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge le tosú ar TG4 anocht 7 Bealtaine.
 
Tabharfaidh sraith nua Dovinia, Rince ar Phár , léargas ar shaol litríocht na Gaeilge duit. An fíorshaol, ní an cliché. Cuirfidh tú aithne níos fearr ar scríbhneoirí; idir réalta aitheanta, réalta atá ciúin rófhada agus réalta nua. Bainfidh a bhfuil le rá acu geit asat, gealfaidh siad do chroí agus tabharfaidh siad do dhúshlán. Gheobhaidh tú léargas ar scoth na litríochta comhaimseartha agus cóiriú físiúil samhlaitheach déanta ar théacsanna nach bhfaca tú ar chúrsa Ardteiste riamh. Roinnfidh scoth scríbhneoirí na Gaeilge a ndearcadh sainiúil ar an saol leat. 
 
Ná bac na clichés: tá ár ndóthain cloiste faoi Pheig againn. Tá litríocht shaibhir ilghnéitheach againne pobal na Gaeilge: seo deis againn éisteacht lena bhfuil le rá ag ár scríbhneoirí féin. 
 
Fathaigh na litríochta ag plé nádúr na hinspioráide. Sa chlár seo pléitear nádúr na litríochta, agus splanc na hinspioráide faoi mar a deir Liam Ó Muirthile go mbíonn tú ‘ag siúl beagán os cionn na talún’. Is breá le Biddy Jenkinson an cic sin on spéir. Dá bhféadfadh Nuala Ní Dhomhnaill an inspioráid a chur i mbuidéal dhíolfadh sí é! Agus draíocht na bhfocal a ghreamaíonn Cathal Ó Searcaigh. Nuair a thosaigh Darach Ó Scolaí ar An Cléireach bhí an íomhá chomh soiléir ina cheann go bhféadfadh sé a bheith ina phictiúr nó ina dhán ach ar deireadh is mar úrscéal a cuireadh cló ealaíne air.
 
Cuirfear tús leis an tsraith ar an Máirt, 6 Bealtaine ag a 8 i.n.ar TG4
 
Bheadh an léiritheoir agus stiúrthóir sásta labhairt leat mar gheall ar an gclár. Cuir scairt ar Brenda Ní Shúilleabháin, 087 2999616

Barr

Top

Iomaitheoirí Chomórtas Fhilíochta an Chuairt fógartha

Details of Finalists of Comórtas Fhilíochta an Chuairt announced

Mar chuid de Chuairt na bhFilí Albanacha go hÉirinn, d'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Comórtas Filíochta Dátheangach do dhánta nuachumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban. D'fhógair an Chomhdháil ar an gCéadaoin ainmneacha na n-iomaitheoirí a bhain an babhta ceannais amach.  Beidh deis ag an deichniúr iomaitheoirí seo a n-dán a léamh i gClub De Burgo i nGaillimh 6 Bealtaine 2008.  
 
Déanfaidh Colette Nic Aodha, Máire Holmes, Jackie Mac Donncha, Maletta Nic Pháil agus Bill Innes moltóireacht ar an gcomórtas seo.  
 
Roghnófar buaiteoir iomlán an chomórtais ar an oíche sin, agus gnóthóidh siad duais de cheardlann scríbhneoireachta de rogha an bhuaiteora ar luach nach mó na Eur500.  Foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí an Mheithimh agus sa nuachtán Lá Nua. 
 
Is iad seo a leanas a bhain áit amach sa chraobh ceannais:

  • 'Seal san aimsir Chaite                    
    Cáit Nic Eil, Co. Chorcaí
  •  'Haiku'                                              
    Maureen Gallagher    Co. na Gaillimhe
  • 'Pósae'                                    
    Muiris Ó Meara    Co. Lú
  • 'As dèidh Tsvetaeva 's Ní Dhomhnaill'      
    Peter MacKay      Baile Átha Cliath 
  •  'An Sorcas Iar-Nua-Aoiseach'               
     Seán Hutton    Londain
  •  'Díchreidmheacht'                          
     Brian Mac a' Bhaird  Co. Muineacháin
  •  'Ag Cáitheadh'                              
    Simon Ó Faoláin, Co. Chiarraí
  •  'Dán do mo Chara'                          
    Fiona Nic Dhonnacha  Co. na Gaillimhe
  • 'Deadea ! tae'                             
    Dan Ó Flatharta     Co. na Gaillimhe 
  •  'Rannan na Bliadhna (12)'                  
    Niall Gordon, Albain  

Soir leis an gCuairt ansin ar an gCéadaoin 7 Bealtaine , áit a gcuirfear oíche mhór filíochta agus shiamsaíochta ar siúl do phobal na príomhchathrach, in íoslach na Comhdhála, ar Shráid Chill Dara. 

Beidh críoch bhríomhar leis an gCuairt i mbliana, nuair a bheidh na filí Albanacha páirteach i gClub Sult, a bheidh ar siúl in ionad The Vaults i mBaile Átha Cliath ar an 8 Bealtaine. 
 
  
Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í An Chuairt, atá ar siúl i mbliana ón 3-8 Bealtaine.  Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar an gCuairt, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe ón dá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile.  I measc na bhfilí agus na gceoltóirí mór le rá a ghlac páirt sa Chuairt cheana bhí Somhairle MacGill Eain, Cairstíona Primrose, agus Floraidh Nic Neill.
 
 I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an gcuairt go hAlbain, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Colm Breathnach, Louis de Paor, Máiréad Ní Mhaonaigh, Seosamh Mac an Iomaire, Lasairfhíona Ní Chonaola, Bríd Ní Mhóráin agus Cathal Ó Searcaigh

Tugtar cuireadh do chraoltóirí a bheith i láthair ag an gComórtas Filíochta agus na himeachtaí go léir. Déan teagmháil le Sile Ní Chatháin ar 01 679 4780.

As part of the poetry festival, Cuairt na bhFilí Albanacha, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, organised a poetry competition for newly composed poetry in Irish or Gallic.  Last Wednesday Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge announced the names of the finalists in this competition, who will each have the opportunity to read their poem in the grand final which takes place in Club De Burgo in Galway on 6th May 2008.  
 
Poets Colette Nic Aodha, Máire Holmes, Jackie Mac Donncha, Maletta Nic Pháil and Bill Innes will judge the competition.  A final winner will be chosen on the night, who will win a prize of attending a poetry workshop of their choice up to the value of €500.  The poem will be published in Lá Nua, and in the May edition of Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge's newsletter.
 
 The following are the finalists in this year's competition:
 
 

  • 'Seal san aimsir Chaite                    
    Cáit Nic Eil, Cork
  •  'Haiku'                                    
    Maureen Gallagher    Galway
     
     
  • 'Pósae'                                    
    Muiris Ó Meara    Louth

  • 'As dèidh Tsvetaeva 's Ní Dhomhnaill'      
    Peter MacKay      Dublin
  •  'An Sorcas Iar-Nua-Aoiseach'               
    Seán Hutton , Londain
  •  'Díchreidmheacht'                          
    Brian Mac a' Bhaird  Co. Muineacháin
  • 'Ag Cáitheadh'                             
    Simon Ó Faoláin      Co. Chiarraí
  • 'Dán do mo Chara'                          
    Fiona Nic Dhonnacha  Co. na Gaillimhe
  •  'Deadea ! tae'                             
     Dan Ó Flatharta      Co. na Gaillimhe  
  • 'Rannan na Bliadhna (12)'                  
    Niall Gordon         Albain   
     
    On Wednesday, An Chuairt will travel east to Dublin, where an evening of great poetry and entertainment is promised, in Íoslach na Comhdhála, at 46 Kildare Street, Dublin 2.  An Chuairt will have an energetic and lively ending, with a Gaeilge/Gallic poetry reading, followed by Club Sult in The Vaults in Dublin city.
     
    An Chuairt, is an important established cultural exchange programme between Ireland and Scotland, which is taking place this year from 3-8th May.  An Chuairt is well respected by Irish and Gallic speakers, especially by poets and musicians of both traditions.  Some of the musicians and poets who took part in An Chuairt in previous years included Somhairle MacGill Eain, Cairstíona Primrose, and Floraidh Nic Neill.

    Broadcasters are invited to attend the Poetry Competition and all the events. Contact Síle Ní Chatháin 01 679  4780.
     
     

Barr

Top

Tapaigí an deis bheith ar ‘Paisean Faisean’’!

Don't misas your chance to be on Paisean Faisean!

I láthair na huaire tá léiritheoirí Paisean Faisean  ag cuardadh daoine fuinniúla don 5ú sraith de 'Paisean Faisean' ar TG4.
 
An bhfuil Gaeilge agat? An maith leat cúrsaí faisin? An bhfuil tú ar thóir paisin?
 
Ar mhaith leat a bheith ar an Teilifís?
 
Má tá, tapaigí an deis blas a fháil ar fhaisean agus ar ghrá ar an gclár bríomhar seo!
 
Déan teagmháil leis an gComhlacht Léiriúcháin Magmaworld láithreach! 
 
Seol ríomhphost chuig paiseanfaisean@magmaworld.com nó cuir scairt ar 091-569142 nó ar 086-8546824   
 
 www.magmaworld.com
 
 www.tg4.ie

The producers of Paisean Faisean are currently looking for energetic people for the 5th series of Paisean Faisean on TG4
 
Do you have Irish? Do you like Fashion? Seeking some passion?
 
Would you like to be on TV?
 
Don’t miss your chance to get a taste of fashion and love on this lively fun programme!
 
Contact the Production Company, Magmaworld Now!
 
Send an email to paiseanfaisean@magmaworld.com
 
 or phone  091-569142 or  086-8546824
 
 www.magmaworld.com
 
 www.tg4.ie
 
 

Barr

Top

Leabhar nua seolta ag Gaelchultúr agus Cúrsa Cruinnis ar líne Ranganna.com

New book launched by Gaelchultúr and New online Irish Course

Sheol an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD,  seirbhísí Gaeilge an chomhlachta Gaelchultúr  an tseachtain seo caite . I measc na seirbhísí nua a fógraíodh bhí cúrsa cruinnis ar líne, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge, agus rinneadh  an leabhar Gramadach gan Stró! le hÉamonn Ó Dónaill, atá bunaithe ar an gcúrsa ar líne sin, a sheoladh chomh maith.
 
Tá réimse seirbhísí á dtairiscint ag Gaelchultúr do chomhlachtaí na hearnála poiblí le roinnt blianta anuas chun cabhrú leo seirbhís do chustaiméirí trí Ghaeilge  a fhorbairt agus na riachtanais atá ann mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla  a chomhlíonadh, agus tá sé i gceist ag an gcomhlacht cur leo seo de réir a chéile  sna blianta atá romhainn. 
 
Beidh Gaelchultúr ag díriú ar chomhlachtaí san earnáil  phríobháideach freisin agus ag cur leis na seirbhísí atá ann don phobal i gcoitinne. Dúirt Éamonn Ó Dónaill
 
 "Tá cúrsaí oiliúna Gaeilge ag leibhéil éagsúla á reáchtáil againn ó cheann ceann na tíre faoi láthair," a deir Siobhán Seoighe, Bainisteoir Forbartha Gnó Gaelchultúr. 
 
"Táimid an-sásta leis na cúrsaí a bhí againn le tamall anuas i gcomhlachtaí éagsúla, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Roinn Dlí agus Cirt, na Coimisinéirí Ioncaim agus Comhairle Contae Mhaigh Eo, ina measc. Braithimid go bhfuil an-bhorradh faoin inGaeilge san earnáil phoiblí agus go bhfuil dearcadh an-dearfach i leith na teanga i  measc na bhfostaithe."
 
Tá an cúrsa cruinnis ar líne á thástáil i gcomhlachtaí éagsúla de chuid na hearnála poiblí  le tamall anuas agus cuirfear ar fáil é ar bhonn forleathan ó mhí Iúil ar aghaidh. 
 
Bainfear úsáid as an áis seo le linn chúrsaí oiliúna Gaelchultúr ar fud na tíre  ach beidh deis ag an bpobal clárú ar líne agus an cúrsa a úsáid chomh maith.
 
 "Tá an-dua caite againn le bliain anuas leis an gcúrsa ar líne seo agus leis an leabhar gramadaí atá ag dul leis agus tá an-áthas orainn go bhfuil toradh ár  gcuid oibre le feiceáil anois,” a deir Éamonn Ó Dónaill, ar duine de stiúrthóirí Gaelchultúr é.
 
"Tá sé i gceist go mbeidh cúrsaí ar líne againn ag sé leibhéal taobh istigh de thrí bliana agus go mbeidh foghlaimeoirí i ngach cearn den domhan ag foghlaim na Gaeilge linn.”
 
 Chun agallamh a shocrú le hÉamonn Ó Dónaill, le Siobhán Seoighe (Bainisteoir Forbartha Gnó), nó le hAoife Ní Chonchúir (Bainisteoir Forbartha Curaclaim), glaoigh ar Ghaelchultúr ag (01) 675 3658 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com

The Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív, TD, officially launched Dublin-based company Gaelchultúr’s  Irish language services for the public and private sectors last week. 
 
The new services announced include an online language course
 
Ranganna.com, the first of its kind in Irish, and the book Gramadach gan Stró! by Éamonn Ó Dónaill, which is based on that online course, was also launched.
 
Since its establishment four years ago, Gaelchultúr has been offering a range of services to government bodies throughout Ireland to help them develop customer service in Irish and to implement the requirements of the Official Languages Act, and the company intends adding to these in the years ahead. Gaelchultúr will also be focusing on companies in the private sector and adding to its existing services for the general public.
 
"We are running Irish language training courses at various levels throughout the country at present," says Siobhán Seoighe, Gaelchultúr’s Business Development Manager.
 
"We are very happy with the recent courses that have taken place in a range of organisations, including Dublin City Council, The Department of Justice, the Revenue Commissioners,  and Mayo County Council. We feel that interest in Irish is growing in the public sector 
 and that employees are very positively disposed towards the language."!
 
The online course has been tested in various organisations in recent months and it will be available on a more widespread basis from mid-July onwards.
 
 This facility will be used during Gaelchultúr’s courses throughout the country but members of the public will also have an opportunity to register for the company’s online courses.
 
 "In the past year, we have put a lot of effort into developing the online course  and accompanying book and we’re happy that this work is now complete,” says Éamonn Ó Dónaill, who is one of Gaelchultúr’s directors.
 
 "We intend offering online courses in Irish at six levels within three years  and providing a first-class service to learners of the language throughout the world.”
 
 To arrange an interview with Éamonn Ó Dónaill, Siobhán Seoighe (Business Development Manager), or Aoife Ní Chonchúir (Curriculum Development Manager), please call Gaelchultúr on (01) 675 3658 or write to eolas@gaelchultur.com.
 

Barr

Top

Cúrsaí do chainteoirí Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann

Scottish Gaelic Courses for Irish Gaelic Speakers

An bhfuil  spéis agat sna cosúlachtaí teanga agus cultúir atá idir Albain agus Éirinn agus an mbeadh fonn ort páirt a ghlacadh sna cúrsaí samhraidh seo a leanas ar oileáin álainn Íle agus Sgitheanach?
 
Tá Sabhal Mòr Ostaig, Coláiste Ghaeilge na hAlban agus a ionad foghlama páirtnéireachta, Ionad Chaluim Chille Ìle, le cúnamh caoin Cholm Cill, ag tairiscint sraith cúrsaí eile do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban dóibhsean atá ag iarraidh Gaeilge na tíre eile a fhoghlaim.
 
Reáchtálfaidh Ionad Chaluim Chille, Oileán Ìle cúrsaí idir an 28 Iúil agus 1 Lúnasa 2008 - cúrsaí ar  Ghaeilge na hAlban do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann  agus ar Ghaeilge na hÉireann do chainteoirí Ghaeilge na hAlban
 
I Sabhal Mòr Ostaig, Oileán Sgitheanach, tionólfar cúrsaí idir an 
4 - 8 Lúnasa 2008  do thosaitheoirí ar Ghaeilge na hAlban do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann agus cúrsaí d’iarthosaitheoirí idir an 11 - 15 & 18 - 22 Lúnasa 2008 
 
Féadfaidh scoláirí iarratas a dhéanamh ar scoláireacht chun freastal ar na cúrsaí a thairgtear sa dá ionad. Chun mionsonraí iomlána na gcúrsaí agus na scoláireachtaí a fháil, déan teagmháil le:
 
 
 
 Anndra Dòmhnallach, Oileán Íle
 
 Teil: +44 (0) 1496 810 300
 
 Ríomhphost:
sm03ad@uhi.ac.uk 

Would you like to learn Scottish Gaelic on the beautiful island of Islay or Skye this summer?
 
Ionad Chaluim Chille Ìle, the Gaelic Centre on Islay and Sabhal Mòr Ostaig, Scotland’s  Gaelic College are offering a series of courses to both speakers of Irish and Scottish Gaelic wishing to learn the other form of Gaelic.
 
 
Ionad Chaluim Chille Ìle, Isle of Islay are offering courses in Scottish Gaelic for Irish Speakers and in Irish for Scottish Gaelic Speakers between  28 July - 1 August 2008. The application deadline is  27.06.08
 
Sabhal Mòr Ostaig, Isle of Skye will offer 2 courses this August. During the period 4-8th August they will offer a Beginners Course, application deadline: 04.07.08) and an intermediate course in Scottish Gaelic for Irish speakers between 11-15th and 18-22nd August 2008.
 
Scholarships are available with the support of Colmcille to cover the tuition fees and a contribution to travel costs.  For full details on the courses and scholarships, please contact: 

 
 Anndra Dòmhnallach
 
 Ionad Chaluim Chille Ìle
 
 Bowmore
 
 Islay
 
 PA43 7LN
 
 
sm03ad@uhi.ac.uk
 
 +44(0)1496 810300

 
 

Barr

Top

Cnuasach filíochta nua foilsithe: Síoda ar shíoda

New Poetry Collection Published: Síoda ar Shíoda

Rogha dánta ó 700-2000
 
Eagarthóirí: Clíodna Cussen agus Mícheál Ó Ruairc

 
  
Is é atá sa leabhar seo ná duanaire de rogha dánta na n-eagarthóirí ón mbliain 700 AD anuas go dtí an bhliain 2000. Roghnaigh siad na dánta is mó a thaitin leo féin agus a chuaigh i gcion orthu. An tslat tomhais a bhí in úsáid acu sa phróiseas seo ná géilleadh i gcónaí don bhinneas, don liriciúlacht, don tsimplíocht agus don saibhreas teanga.
 
  
Is órchiste luachmhar an leabhar seo a thugann léargas cuimsitheach don ghnáthléitheoir ar éagsúlacht agus ar áilleacht na héigse a cumadh i nGaeilge le míle trí chéad bliain anuas. Tá an leabhar dírithe ar léitheoirí na filíochta Gaeilge a thugann suntas do shaibhreas agus d’fhairsinge na véarsaíochta a tháinig anuas chugainn ó ghlúin go glúin.
 
Táthar cinnte de go gcuirfidh Síoda ar Shíoda go mór lenár n-eolas agus lenár dtuiscint ar oidhreacht luachmhar ársa ár dtaisce filíochta, agus go dtarraingeofar aird an phobail léitheoireachta arís ar cheardaíocht agus ar thábhacht na bhfilí Gaeilge, agus ar an tsárobair atá ar siúl acu i gcónaí.

A selection of Poems from 700-2000
 
Edited by Clíodhna Cussen and Mícheál Ó Ruairc
 
Published by Coiscéim

 
 
This anthology  is a collection of poems selected by the editors from the year 700 AD until the year 2000.  They selected the poems which they like the best and which have inspired them.  The measure which they used to judge the poems were the sweetness, lyricism, simplicity and  richness of language.
 
This valuable  treasury of verse provides a comprehensive insight for the ordinary reader into the diversity and beauty of Irish poems which have been composed in the last three hundred years.  This collection is aimed at poetry readers and brings to light the richness and breadth of poetry which has been transferred from generation to generation.
 
Síoda ar Shíoda  will greatly enhance our knowledge and understanding of  our heritage and will surely focus the minds of the reading public to the craft and importance of the work of the poets and their skills. 

Barr

Top


Barr / Top

Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com

Connacht

2008-05-07 An Chuairt :Léamh filíochta dátheangach le; Dr Tadhg Ó Dúshláine, Muiris Ó Meara, Maletta Nic Phàil agus Bill Innes, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, www.gaelport.com [[Ar lean] / [More]]

2008-05-07 Seirbhís Saor- Chomhairle Dlí, Gaillimh, Áras na nGael, 45 Sráid Dominic, [[Ar lean] / [More]]

2008-05-09 Seisiun Cheoil Gaeilge in Óstán an Íarthar, Cathair na Gaillimhe, [[Ar lean] / [More]]

2008-05-14 Sraith cruinnithe poiblí, Clarion Hotel, Sligeach, [[Ar lean] / [More]]

2008-05-13 Cruinnithe Comhairliúcháin Phoiblí, Ardilaun House Hotel Gaillimh, [[Ar lean] / [More]]

2008-05-23 Seisiun Cheoil Gaeilge , Ostán an Iarthrar, Cathair na Gaillimhe, [[Ar lean] / [More]]

2008-05-24 '4 Men and a dog' ag casadh in Áras Chrónáin, Áras Chronáin, Ionad Cultúrtha,Bóthar an Úlloird,Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22, [[Ar lean] / [More]]

Laighean

2008-05-07 Cruinnithe Comhairliúcháin Phoiblí, O'Callaghan Mont Clare Hotel, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, [[Ar lean] / [More]]

2008-05-07 Léacht: "Teicneolaíocht an Eolais don Seomra Ranga", Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, [[Ar lean] / [More]]

2008-05-08 Oíche mhór filíochta agus cheoil ag Club Sult le Muiris Ó Meara, Maletta Nic Phàil agus Bill Innes ag Club Sult, Club Sult, The Vaults, in aice le Stáisiún Traenach Uí Chonghaile, BAC1, www.gaelport.com [[Ar lean] / [More]]

2008-05-12 Ionad Saor-Chomhairle Dlí BÁC , 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2., [[Ar lean] / [More]]

2008-05-16 Ceolchoirm le Eleanor McEvoy, Áras Chronáin, Ionad Cultúrtha,Bóthar an Úlloird,Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22, [[Ar lean] / [More]]


Barr / Top

Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com

Agus Cuairt na bhfilí Albanacha ar siúl faoi láthair b’fhéidir go mbeadh sé áisiúil  roinnt nathanna cainte agus téarmaíocht atá bainteach leis na healaíona a sholáthar daoibh!
 
As the Scottish Poets tour Ireland as we speak a few words and sayings relating to the Arts might be useful for your programme!
 
 Tá camchuairt na bhfilí agus ceoltóirí Albanacha ar siúl in Éirinn an tseachtain seo

The tour of Scottish poets and musicians of Ireland takes place this week
 
Tá siad ar chamchuairt!
They are on tour!

Ag caint faoi cheird na filíochta: Ní féidir ceird a chaitheamh!
 Talking about poetry: A craft cannot be spent!
 
Is fearr lán glaice de cheird ná lán glaice d’ór
A handful of a craft  is better than a handful of gold
 
 
Dán a aithris
to perform/recite a poem
 
Dráma a léiriú..
To perform/produce a drama-
 
Léireoidh Compántas aisteoirí an dráma..
A troupe of actors will  take to the stage…
 
Fonn a sheinm:
to play/perform a tune
 
Bíonn daoine áirithe ann a bhíonn ag déanamh measúnaithe ar gach aon ní!
Some people appraise (or critique) every single thing!
 
Ealaín Taibiúcháin:
Performance Art
 
Taispeántas:
Exhibition
 
Saothar ealaíne:
Work of Art
 
 
Éigse:
assembly of poets
 
Tá an fear sin éigseach: 
That man is  is fond of poetry!
 
Cnuasach filíochta: 
a poetry collection
 
Tá tionchar nach beag aige ar dhomhan litríochta na hÉireann
He has greatly influenced Irish literature
 
An t-amhránaí aitheanta:
the renowned singer
 
Fonnadóir:
Singer/ lilter
 
Beidh ócáid cheiliúrtha ar siúl san ionad oidhreachta:
A celebratory event will take place in the heritage centre

Jacki O’Connor- West Limerick 102

Jacki O’Connor West Limerick 102 FM

Oibríonn Jacki leis an stáisiún pobail West Limerick 102 agus bhuaigh an stáisiún Duais Ghlór na nGael le déanaí a bhí urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann don stáisiún pobail is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  ‘Sé seo an dara huair a bhuaigh an stáisiún sin an gradam sin.  
 
 
 1. Cad iad na forbairtí a cuireadh i bhfeidhm i mbliana sa stáisiún maidir le cláir Ghaeilge a chraoladh?

 
Bíonn dhá chlár raidió Gaeilge á gcraoladh ar West Limerick 102 FM. Is clár cainte é ceann acu agus díríonn an ceann eile ar cheol traidisiúnta.   Tá láithreoir baineann agus láithreoir fireann againn (tá an láithreoir baineann sna luath-fhichidí). 
 
Bímid ag súil i gcónaí go mbeadh éagsúlacht ar fáil ar an dá chlár seo agus go bhfreastalódh siad ar lucht éisteachta ó chúlraí éagsúla agus ó ghlúine ilchineálacha.  Bhuaigh an stáisiún Gradam Ghlór na nGael Choimisiún Craolacháin na hÉireann do Chláir Ghaeilge anuraidh 
agus i mbliana arís cé nach bhfuil an stáisiún ar an aer ach ar feadh ceithre bliana.
 
 2. Cad iad na forbairtí a rinne an stáisiún leis an nGaeilge a chur chinn cinn sa phobal máguaird?
 
Déanaimid iarracht daoine ón bpobal áitiúil a mhealladh isteach chun labhairt mar gheall ar ócáidí áitiúla ar an gclár ‘Comhrá’ agus dá thoradh sin bíonn nasc láidir leis an bpobal áitiúil agus tá sin tábhachtach ós rud é gur stáisiún pobail atá ann.
 
 
 3. An bhfuil spéis sa teanga ag an lucht éisteachta.  Samhlaím  go bhfuil an cultúr Gaelach láidir go leor fós in iarthar luimnigh , idir cheol traidisiúnta, iománaíocht agus bhunú gaelscoileanna nua i mbailte ann cosúil le Caisleán Nua Thiar.
 
Sea.  le déanaí tá dul chun mór déanta maidir le stádas na Gaeilge sa ghnáthshaol in Iarthar Luimnigh.  Tá traidisiún láidir bunaithe i gCaisleán Nua Thiar leis an ngaelscoil atá ann agus reáchtáladh Fleadh Cheoil na Mumhan ann anuraidh.  Ina theannta sin tá craobh áitiúil Chomhaltais i dTeampall an Ghleanntáin láidir go leor agus bhuaigh triúr ann craobh na hÉireann sa chomhrá Gaeilge faoi 18. Tá an duais sin buaite ag an gcraobh le trí bliana anuas agus bhí buaiteoir faoi 12 ann arís  anuraidh.  Rinneadh clár bunaithe ar éachtaí  na mbuaiteoirí sin ar West Limerick 102.
 
 4. Ar mhiste leat cur síos a dhéanamh ar na cláir Ghaeilge a bhíonn á gcraoladh ar West Limerick 102
 
Trad le do thoil le Seacailin ní Chonchúir gach oíche Luain ó leathuair tar éis a seacht go dtí a hocht agus Siar ó dheas le hÉamon ó Liatháin gach oíche Luain ó a seacht to dtí leathuair tar éis a seacht.
 
 5. An bhfuil aon chomhairle agat do stáisiúin raidió eile a bheadh ag iarraidh gníomhachtaí a dhéanamh leis an nGaeilge a chur chun cinn?

  • Bígí cinnte go gcuirfear oiliúint  i léiriúcháin  cláir Ghaeilge ar fáil d’oibrithe deonacha 
  • Bainigí leas as naisc Ghaeilge idir seónna
  • Má tá Gaelscoil i do cheantarsa téigí chuig an scoil sin, déan clár leo agus craol an clár sin.  Beidh daoine óga ann ag labhairt as Gaeilge  agus ag cur in iúil don phobal i gcoitinne cad a bhíonn ag tarlú sa scoil.  Ina theannta sin, tabharfaidh sé deis don lucht éisteachta níos óige páirt a ghlacadh agus cruthóidh é deiseanna dóibh. 
     

Tá foirmeacha iarratais do Ghradam Ghlór na nGael 2008 ar fáil anois ar Cogar.ie anseo.  

Jackie works with the community radio station West Limerick 102 which won the Glór na nGael award sponsored by the Broadcasting Commission of Ireland for Best  Community Station to promote the Irish language.  This is the second time that the station has won this honour.

 
 1. What developments have the station made in promoting the Irish language on air?
 
 
Our station West Limerick 102 have included two Irish language programmes on the airwaves. One is a talk show (Comhrá) while the other is based on Irish Traditional Music. We have one male and one female presenter (Our female presenter is in her early 20s). We like to show great variety through these shows and to accommodate the different audiences and age levels. Our station has also won the BCI Glór na nGael award for Irish Language Programming for the past two years, although our station has only been on air for just over four years.
 
 
 2. What efforts have the station made to promote the Irish language in the wider community? 
 
Through our Comhrá programme we get to bring in members of the local community to speak Irish and talk about the local events and through this we keep a strong connection with the local community which is of great importance to us as a community radio station.
 
 
3. Is there an interest in the Irish language amongst  your listenership? Irish culture is still very strong in the west Limerick area between traditional music, hurling and the setting up of new gaelscoileanna in towns such as Newcastle West  I would imagine?

 

Yes Irish has become in recent times a huge part of West Limerick life. Newcastle West does have a great tradition with the gaelscoil and also held Fleadh Cheoil na Mumhan last year. Also in West Limerick the local Comhaltas branch of Templeglantine is home to three All-Ireland under 18 Comhrá Gaeilge champions. This title has been won by the craobh for the past three years and they also had an Under 12 champion last year. These people have all been featured on West Limerick 102.
 
5. Would you mind telling  me about the Irish language programmes on your station?
 
 
Trad le do thoil with Seacailin ní Chonchúir every Monday evening from half past seven to eight o’clock and Siar ó dheas with Éamon ó Liatháin every Monday evening from seven to seven thirty. 
 
 
 6. Have you any advice for other stations who would like to do more to promote the Irish language?
 
 

  • Do include Irish language programming in the training of volunteers
  • Do use little links in Irish between shows.
     
     
  • If there is a gaelscoil in your area, go to that school and make a radio programme with them and air this. It will involve young people, speaking the Irish Language and informing the community about the happenings in their school. Also it gives the younger audience a chance to feel involved and open opportunities for them

Application Forms for the Glór na nGael award for 2008 are available to download on Cogar.ie here  

Barr

Top

Treoirlínte Eisithe Ag Bci Coimisiúin Craolacháin Na Héireann Maidir Le Tuairisciú Ar An Reifreann Ar Chonradh Liospóin Agus Ar Leasuithe Bunreachta A Bhaineann Leis

BCI issues Referendum Guidelines in Advance of Lisbon Treaty Vote

D’eisigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann inniu ( Dé Céadaoin 30 Aibreán) a tHreoirlínte do chraoltóirí tráchtála, chraoltóirí pobail, chraoltóirí  institiúideacha, agus do chraoltóirí sealadacha. roimh an Reifreann ar Chonradh Liospóin atá le teacht.  Cuirfear na treoracha i bhfeidhm tar éis fhógra an rialtais a dhearbhóidh cathain a reáchtálfar an reifreann.
 
 
 Is féidir na treoirlínte a íoslódáil anseo 
 

 [Ar Lean
 

The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has today (Wednesday April 30th) issued its guidelines for commercial, community, institutional and temporary broadcasters, in advance of the forthcoming Treaty of Lisbon Referendum.  The guidelines will take effect following the formal announcement by the Government of the date when the referendum is to be held.

 
 
 [More]

Barr

Top

Sonraí maidir le seirbhís pobail sainspéise nua i gCathair Chorcaí fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann

BCI announce details of new community interest service in Cork city

D’fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) inniu ( 22 Aibreán) sonraí maidir le seirbhís sainspéise do chathair Chorcaí.Seolfaidh Life FM an tseirbhís nua inniu agus tá siad tar éis conradh deich mbliana a shíniú le Coimisiún Craolacháin na hÉireann chun seirbhís sainspéise a chur ar fáil.
 
 [Ar lean]

The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has today (Tuesday 22nd April) announced details of a new community of interest service 
for Cork city. Life FM (Cork New Life Media Limited), who are launching their service today, signed a ten-year community of interest
sound broadcasting contract with the BCI last month.
 
 
 [More
 

Barr

Top

Babhta 2008 Scéim Mhaoiniúcháin do Thaighde ar na Meáin oscailte ag CCE (BCI)

BCI opens 2008 Round of Media Research Scheme

D’fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann sonraí inniu maidir le dhá thionscnamh deontais faoin Scéim Mhaoiniúcháin do Thaighde ar na Meáin. 
 
Bunaíodh an scéim i 2007 agus thug sé maoiniú do thrí thionscnamh taighde go dtí an lá inniu ann dar luach Eur48,000: dhá cheann ag scrúdú na déimeagrafaice  atá ag athrú in Éirinn agus rinne an tionscnamh eile iniúchadh ar litearthacht Meáin i measc daoine 25-34 bliain d’aois.
 
 [Ar Lean]

The Broadcasting Commission of Ireland has today announced details of two project grants available under its Media Research Funding Scheme. 
 
The Scheme, which was launched in 2007, has funded three research projects to date to a value of Eur 48,000; two addressing the issue of Ireland’s changing demographics, with the remaining research project exploring media literacy among 25-34 year olds. 
 
 [More]

Barr

Top

Eur1.1 milliún Bronnta ag Coimisiúin Craolacháin na hÉireann ar Raidió sa scéim Fuaim agus Fís

BCI Awards Over Eur 1.1M To Radio Through Sound and Vision Scheme

D’fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) inniu gur bronnadh Eur1,126,490 ar chláir raidió sa séú  babhta den scéim Fuaim agus Fís an scéim mhaoiniúcháin chraoltóireachta.  San iomlán caitheadh Eur4.3m ar thograí raidió ó thús na scéime.  Fógraíodh na sonraí ag seoladh na  tuarascála  bliantúla Fuaim agus Fís.
 
Fuarthas 29 iarratas raidió sa séú babhta  agus fuair 91 díobh siúd maoiniú. ‘Se sin méadú suntasach ón 92 iarratas a fuarthas i mbabhta 5.  Fuair Cláir faisnéise 74% den mhaoiniú.  Fuair seánraí eile cosúil le cláir fhíriciúla, cláir spóirt, drámaí, cláir oideachais agus cláir do pháistí maoiniú. Craolfar 42 % de na cláir a fuair maoiniú  ar stáisiúin raidió pobail, 33% ar stáisiúin tráchtála, 23% ar  chraoltóirí seirbhíse poiblí agus 2% ar raidió sainspéise.
 
 [Ar Lean]

The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has today announced the award of EUR 1,126,490 for radio programming in the sixth round of Sound & Vision, the Broadcasting Funding Scheme. Overall €4.3m has been invested in radio projects since the scheme’s inception.  The announcements were made at the launch of the Sound & Vision annual report, 2007.

209 radio applications were received in the sixth round and 91 of these were awarded funding.  This is a substantial increase of 92 applications since round 5. Doc