Eagrán / Edition 14 - 03 06 2008

Mol an Óige agus tiocfaidh sí: Comórtas Clár Raidió 2008

Praise the Youth: Comórtas Clár Raidió 2008

Bhailigh ábhar craoltóirí ó scoileanna éagsúla  ó cheann ceann na tíre le chéile  i mí Bealtaine nuair a bronnadh gradaim chomórtais clár raidió 2008 orthu. Bíonn an comórtas rathúil seo, a bhfuil móréileamh air i gcónaí, á reáchtáil  ag Gael Linn, eagraíocht Ghaeilge atá  lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn idirbhliana go príomha toisc gur féidir leo páirt a ghlacadh trí mheán tograí idirbhlianaa chuireann feabhas ar a scileanna  cumarsáide agus scileanna labhartha Gaeilge ag an am céanna. É sin ráite, is féidir le  haon dalta atá ag freastal ar iar-bhunscoil iarratas a chur isteach air.

Tugann sé deis dóibh siúd ar suim leo dul sa tóir ar ghairm sna meáin chumarsáide bíodh sé mar thaighdeoir, léiritheoir,  agallóir, láithreoir nó mar thuairisceoir.  Anuas air sin, craolfar an clár is fearr ar RTÉ Raidió na Gaeltachta  má  bhíonn an clár ar chaighdeán ard go leor.

Cuireann iarrthóirí clár raidió atá idir 15 agus 20 nóiméad ar fhad le chéile ar ábhar a roghnaíonn siad féin. Is féidir roinnt cur chuige éagsúil a úsáid  mar shampla agallaimh, comhrá, ceol beo nuacht agus eile. Tá na treoirlínte leathan  go leor agus is féidir idir chlár cainte, irischlár nó ghnéchlár a léiriú don chomórtas.

Bíonn dhá roinn sa chomórtas. Tá Roinn A dírithe ar dhaltaí in iar-bhunscoileanna a ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu agus do
dhaltaí i sruthanna lán-Ghaeilge.  Tá Roinn B dírithe ar dhaltaí in iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu.
 
Bronnadh trí dhuais náisiúnta ar na trí chlár is fearr is cuma cén roinn ina raibh an scoil a bhí san  iomaíocht.   Ina dhiaidh sin bronnadh trí dhuais ar na trí chlár is fearr i Roinn A  agus trí dhuais ar na trí chlár is fearr i Roinn B.
 
Bhí ardú suntasach ar líon na n-iarratas ar an gcomórtas i mbliana. 
Is í Brídóg Ní Bhuachalla, RTÉ,  a bhí i mbun moltóireachta agus í an-mholtach faoi chaighdeán na gclár uile.
 

Roghnaigh sí trí chlár le dul sa choimhlint do na duaiseanna náisiúnta agus tugadh cuireadh siar do na scoileanna
chuig ócáid bronnta  i gCeannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla ar an 1 Bealtaine 2008. 

Déanann an Coiste Forbartha Gaeilge a bhunaigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann urraíocht ar an gcomórtas. 

D'eagraigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann  dhá ócáid i mbliana leis na duaiseanna a bhronnadh- ceann amháin i nDún Dealgan ar an Luan 19 Bealtaine agus an ceann eile i Raidió na Life ar an Déardaoin 22 Bealtaine agus bhain gach duine a bhí i láthair taitneamh
agus tairbhe as na hócáidí sin.

Is iad seo na buaiteoirí sa chomórtas ar fad i mbliana:-

Duaiseanna Roinn A (do scoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge)

(Urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann)

  1.  Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath  (Spórt Scoile)
  2.  Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú  (Sainchlár ceoil)
  3. Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe (Raidió na hIdirbhliana )         

Duaiseanna Roinn B (do scoileanna nach ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge)

(Urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann)

  1.   Coláiste Pháirc Mhucrois, Baile Átha Cliath    (Brat don scoil)
  2.  Coláiste Choill Chluana Gabhann, Co. Chill Dara     (Oilithreacht)
  3. Ardscoil N. Pól, An Sruthán, Co. Ard Mhacha   (Ard Mhacha Theas)

Is iad na trí chlár a roghnaíodh le dul san iomaíocht  do na duaiseanna náisiúnta .i. Eur600, Eur 400 agus Eur300, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, ná;

  • Meánscoil San Nioclás, An Rinn, Co. Phort Láirge (Ceolta Aneas)
  • Coláiste Chaitríona (Aonad na Gaeilge), Ard Mhacha (Cur i gCéilleachas an Aosa Óig)
  • Acadamh N. Pádraig, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain (I mBéal na Meán )

Young broadcasters from across the country gathered together in May for the presentation of awards of the Gael Linn Radio Competition for Young People.This successful competition, which always receives great interest is organised by Gael Linn, an Irish language organisation based in Dublin.

The competition is aimed at transition year students primarily as they can use the programme as part of theur transition year projects
and at the same time improve their communication skills and their spoken Irish.  That said,  any student attending second level education
may enter the competition.

The competition is an excellent opportunity for those who wish to pursue a career in the media be it as a researcher, producer
interviewer, reporter or presenter. Additionally the winning programme will be broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta if the standard
is of a high enough level.

The applicants create a radio programme of between 15 and 20 minutes in length on a topic of their own choice. Different approaches may be taken such as interviews, conversation, live music and news may all form part of the programme.  The guidelines are broad and a wide variety of programming from talk show, magazine or lifestyle progamme may be produced for the competition.

The competition consists of two parts.  Part A is aimed at post-primary schools  where Irish is the language of instuction or wherewhere Irish only classes exist.  In Part B students are welcome to enter the compeition from schools where Irish is not the language of instruction in the school.

National prizes are also awarded to the top 3 entries regardless of which section the school is entitled to enter.Additionally prizes are awarded to the best entries from part A and the three best entries from Part B.

There was a remarkable increase in the number of entries this year.  Brídóg Ní Bhuachalla RTÉ adjudicated and she gave great praise to the standard of entries.  She chose the top three programmes overall in the national competition and the winners were treated  to a trip to the Headquarters of Raidió na Gaeltachta in Casla on the 1st of May.

The Language development Committee founded by the Broadcasting Commission sponsors the competition in conjunction with
Raidió na Gaeltachta.

The BCI organised two events this year to celebrate the achievements of the broadcasters and to award prizes: one such event took place
in Dundalk and another took place on Thursday 22 May in Raidió na Life and all who were in attendance had a great time.

Part A (Schools which teach in the medium of Irish)

(Sponsored by the BCI)

  1. Gaelcholáiste Reachrann, Dublin  ( Spórt Scoile )
  2. Coláiste Rís, Dundalk, Co Louth (Sainchlár ceoil )
  3. Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co Galway (Raidió na hIdirbhliana )         

Duaiseanna Roinn B (For schools who don't teach through the medium of Irish)

(Sponsored by the Broadcasting Commission of Ireland)

  1. Coláiste Pháirc Mhucrois, Dublin   (Brat don scoil )
  2. Coláiste Choill Chluana Gabhann, Kildare   (Oilithreacht )
  3.  Ardscoil N. Pól, An Sruthán, Armagh   ( Ard Mhacha Theas )

The 3 schools chosen to compete in the national competition for prizes worth i.e. Eur 600, Eur 400 agus Eur 300, which were sponsored by Raidió na Gaeltachta were, ;

  • Meánscoil San Nioclás, An Rinn, Co. Phort Láirge ( Ceolta Aneas  
  • Coláiste Chaitríona ( Aonad na Gaeilge), Ard Mhacha ( Cur i gCéilleachas an Aosa Óig  )
  •  Acadamh N. Pádraig, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain ( I mBéal na Meán  )

Barr

Top

Téacsáil Thuarthach trí Ghaeilge - Faoi Dheireadh!

Predictive Texting in Irish- Finally!

Tá an comhlacht teicneolaíochta Samsung chun fón póca Gaeilge a sheoladh go luath!  Glaofar an Samsung Tocco ar an bhfón nua seo agus beidh téacsáil  thuarthach mar áis ar an sás láimhe nua seo. Tá an comhlacht ag súil go gcaithfidh siad thart ar E500,000 ag fógairt an fhóin nua.

Dar leis an mBainisteoir (Éire) Gary Twohig beidh an Ghaeilge ann mar theanga oibriúcháin an fhóin agus beidh stór leathan Gaeilge
ann san fhoclóir don téascsáil thuarthach.

Seolfar an fón ar an margadh ar an 2 Iúil agus beidh áiseanna den scoth ag an bhfón nua, luaitear camera leis an teicneolaíocht is nua-aimseartha(5 mheigiphicteilín) agus scáileán tadhaill.

'Tá móréileamh ar an nGaeilge anois' dar le Twohig.' Léiríodh sa daonáireamh deiridh go labhraíonn 40% den daonra an Ghaeilge.
Tá líon na ngaelscoileanna ag forbairt an t-am ar fad. Fiú amháin tá daoine eile ar nós Des Bishop á foghlaim faoi láthair.'

Mhínigh sé freisin 'Méadaíonn céatadán na gcainteoirí Gaeilge  go géar i measc chatagóir na ndaoine níos óige, spriocmhargadh an chomhlachta sin.'

The technology company Samsung is to launch an Irish language mobile phone. The phone which will be known as the Tocco will have full predictive texting in Irish  as one of the features of the new handset.

According to the Country Manager for Ireland, Gary Twohig Irish will be the working language of the phone and there will be a large dictionary for predictive texting in Irish. The phone will be launched on the market on July 2nd and will have some great  features, amongst which there will be a camera with the latest technology and touch screen.

'There's been a definite increase in popularity in Irish, said Twohig. The last census showed 40 per cent of people described themselves as being Irish speakers.

Gaelscoileanna are increasing in number all the time. Even non-Irish figures, like comedian Des Bishop, are learning it."

Twohig said that the percentage of those who describe themselves as Irish speakers rises rapidly in younger age categories, which is a key market for Samsung.

Barr

Top

Líonra Sóisialta Úrnua Gaeilge Seolta Le Déanaí

New Online Irish language Social Network Launched!

Lé déanaí seoladh líonra sóisialta úrnua macasamhail Bebo.  Seoladh an Líonra ceannródaíoch seo i nGaoth Dobhair an tseachtain seo caite ag  comhdháil a bhí eagraithe ag an gclár ard-oiliúna d'fhiontraithe le Gaeilge, Fiontraí. 
 
Faoi láthair tá an láithreán gréasáin nua seo dírithe ar lucht Gnó na Gaeilge ach tá siad ag súil lena leathnú amach go pobal uile na Gaeilge toisc nach bhfuil a leithéid ann faoi láthair.
 
Tá suíomh nua-aimseartha ann agus is féidir leis na rannpháirtithe fís, fuaim, pictiúir agus téacs a fhoilsiú cosúil leis na líonraí sóisialta eile atá i mbéal an phobail faoi láthair.

Mar a sheasann sé faoi láthair tá maoiniú faighte ag an líonra ó Údarás na Gaeltachta, Interreg agus fuarthas oiliúint ón mblagadóir cáiliúil Conn Ó Muineamacháin Ó Edgecast Media.

Fad is atáimid ag trácht ar líonraí sóisialta tá leathanach bebo ag gaelport.com agus ag éirí go maith leis chomh maith.
An gceapann tusa  gur chóir dúinn leathanach a chruthú ar bebo do chraoltóirí raidió Gaeilge?

Cad é do thuairim? Seol ríomhphost gearr ar ais chuig cogar@gaelport.com agus b'fhéidir go mbeimid in ann ceann a chruthú roimh fhoilsiú na chéad  nuachtlitreach eile!

A new online network like Bebo except in Irish has recently been launched.  This new innovative network was officially launched in Gaoth Dobair last week at a conference which was organised by the Fiontraí Programme for Irish language
Entreprenuers.

The website is currently aimed at the Irish language business community but they are hoping that its scope will broaden out to
reach the Irish language community as no service currently serves this community online at the moment.

The site which is completely new and modern enables users to upload sound, vision, pictures and text like every other social
network on the internet!At the same time people can leave messages to each other on their own page.

As it stands the project has received money from Údarás na Gaeilge and Interreg and the founders received trainig from the  renowned Irish language blogger Conn Ó Muineacháin from EdgeCast Media.

And while we are on the topic of social networking, gaelports own bebo is going from strength to srength which poses the question!
Do you think it would be helpful if we created a bebo  or myspace social networking site for Irish language broadcasters?

What is your opinion? Send us a quick email back to cogar@gaelport.com and maybe a new Cogar social network could  be launched before the next newsletter!

Barr

Top

Suíochán ann duitse i lucht Féachana Clár Gaeilge Nua!

Your seat awaits you in New Irish TV Show Audience!

Is é seo an Uimhir 1 is ansa le gach ceoltóir, an ceann a fhanann sa chuimhne agus a chraoltar arís agus arís gach bliain ag an
tráth sin den bhliain - Uimhir a 1 na Nollag. Tiocfaidh iomaitheoir nua chun cinn arís i mbliana ach cé a bheidh ann?

Rachaidh Nollaig No. 1, clár teilifíse nua léirithe ag Adare Productions sa tóir ar an iomaitheoir nua seo agus faoi dheireadh
na sraithe beidh duine roghnaithe agus é/í ag dul san iomaíocht don duais mhór - bheith ag Uimhir a 1 don Nollaig.

Déanfar taifead ar an gclár in RTÉ i nDomhnach Broc ar an 12 Meitheamh ,13 Meitheamh, 17 - 19 Meitheamh agus 20 Meitheamh .

Níl aon chostas ar thicéid.

Má tá tú ag iarraidh a bheith mar chuid den lucht féachana sa stiúideo, glaoigh ar Natasha ag 01 284 3877 nó seol ríomhphost
chuig nollaigno.1@gmail.com. Bi i dteagmháil a luaithe is féidir chun suíochán a chinntiú ar an gclár.

This is the most sought after Number 1 for every musician, one that stays in the memory forever and is played time after time at
that time of year - that is The Christmas Number one.  A new competitor will come to the fore this year but who will it be?

Nollaig no.1  a new TV show produced by Adare Productions will search for the new contenders and by the end of the series a
new contender will be chosen  who will go in search of the holy grail- the Christmas Number One.

The programme will be recorded in RTÉ in Donnybrook , Dublin on the 12th June, 13th June, 17-19th June and the 20th June.
Tickets are free.

If you wish to be in the audience in the studio contact Natasha on 01 284 3877 or send an email to nollaigno.1@gmail.com

Barr

Top

Aitheantas tugtha do 8,000 údar bunscoile!

8,000 primary school authors recognised!

D'fhógair Bord na Leabhar Gaeilge le déanaí  gur ghlac 8,000 páiste páirt i Scríobh Leabhar, tionscnamh a chuireann léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn.

Tá an scéim Scríobh Leabhar eagraithe i seacht gcinn d'ionaid oideachais ar fud na tíre agus spreagann an scéim seo páistí
chun a leabhair féin a chumadh, a dhearadh agus a fhoilsiú i nGaeilge.

[Ar Lean]

Bord na Leabhar Gaeilge, which promotes Irish language writing, publishing and reading, today announced that over 8,000 children
took part in 'Scríobh Leabhar', a project which promotes reading and writing through Irish.

Hosted through seven education centres nationwide, 'Scríobh Leabhar' encourages primary school children to compose,
design and publish their own books in Irish!

[More]

Barr

Top

Leabhar úr soléite faoin nGaeilge

New Publication examines the Irish language

'More Facts About Irish' le Helen Ó Murchú

Seolfar an leabhar 'More Facts About Irish' le Helen Ó Murchú, i mí an Mheithimh.  Cuntas cruinn ar a bhfuil sa leabhar seo is
ea an teideal.

Tugtar ann na sonraí, na sonraí uile, na fíorshonraí, i dtaobh na Gaeilge, go háirithe sonraí ar na forbairtí is déanaí.

Is ábhar í an Ghaeilge a tharraingíonn go leor tuairimíochta buile. Sa leabhar seo, áfach, gheobhfar foinse shaibhir chruinneolais a bheidh thar a bheith áisiúil don léitheoir le spéis, don iriseoir, don mhac léinn, do lucht polaitíochta agus polasaí.

Tá tuairimíocht áirithe chomh maith ann, ach tá rochtain fhurasta uirthi seo sna hachoimrí ag deireadh gach rannóige.

Tosaítear le Réamhrá a bhfuil a thréithe féin bainteach leis agus leanann ocht gcinn de rannóga ar na hábhair seo: stair, cainteoirí an lae inniu, soláthar an Stáit don  Ghaeilge, cúrsaí oideachais, an saol sóisialta, an saol gnó, an earnáil dheonach agus Tuaisceart Éireann.


Tá dearadh álainn ar an saothar. Cuimsíonn an t-ábhar táblaí agus léaráidí; an t-iomlán sin agus breis ar dhiosca ina
theannta. Is i mBéarla atá an leabhar scríofa le hachoimre dheiridh i nGaeilge a chríochnaíonn le híomhá chumhachtach ar na fíricí go léir atá tugtha, An Ghaeilge ar dhroim toinne.

Is áthas leis na foilsitheoirí, Coiste Náisiúnta na hÉireann den Bhiúró Eorpach, an leabhar seo a chur ar an margadh.

Rinne Foras na Gaeilge páirtmhaoiniú ar an táirge agus is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun margaíochta agus dáileacháin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi sheoladh an leabhair seo má chuirtear glaoch ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780.

'More Facts About Irish' by Helen Ó Murchú

The month of June will see the launching of 'More Facts about Irish' by Helen Ó Murchú.  This book does exactly what it says on the cover.
It gives the facts, the unvarnished facts, all the facts, about the Irish language, particularly the details of recent developments.

On a subject on which there is often wild opinion, this book provides an invaluable source of accurate information for the interested public,
for journalists, for students, even for politicians and policy makers.

After a quirky introduction, the book contains eight sections covering
history, the present language community, State provision for Irish, education, social life, economic life, the voluntary sector and
Northern Ireland.

It contains some opinion also which is neatly retrievable under the end of section summaries. Beautifully designed, containing tables,
illustrations and with accompanying disc, it covers a broad range of material, literally something for all interests.


It is written in English with a final summary in Irish, ending evocatively with the final summation on all the facts presented, Irish  cresting the wave. The Irish Committee of the European Bureau for Lesser Used Languages is very pleased to publish it.

The production was part-funded by Foras na Gaeilge and is marketed and distributed by Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. 

For further information regarding the launch of this book contact Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge on 01 679 4780

Barr

Top


Barr / Top

Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com

All

2008-06-12 go 2008-06-14 Fógra Comhdhála agus Gairm Scoile, Madog Centre for Welsh Studies’ ag Ollscoil Rio Grande, i Rio Grande Ohio, www.naaclt.org [[Ar lean] / [More]]

Connacht

2008-06-06 Seisiun Cheoil Gaeilge gach seachtain, Ostán an Iarthar, Gaillimhh, [[Ar lean] / [More]]

Laighean

2008-06-05 Máire Ní Choilm @Club an bhéil bhinn, Ostán Esplanade, Bré, www.anbealbinn.com [[Ar lean] / [More]]

2008-06-09 Ionad Saor Chomhairle Dlí,Baile Átha Cliath, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2, [[Ar lean] / [More]]

Mumhain

2008-06-22 go 2008-06-29 Seachtain na Gaeilge Groundwork i gCill Áirne, Páirc Náisiúnta, Cill Áirne, www.groundwork.com [[Ar lean] / [More]]


Barr / Top

Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com

Bia Blasta- Food Glorious Food!

Ní miste do dhuine lón ag dul chun aistir
Lunch is no bad thing for one going on a journey

Is maith an rud cócaire Fírinneach
A truthful cook is a good thing

Nua gach bídh is sean gach dí
Freshness in all food and age in all drink

Bíonn goile maith aige
He has a  good appetite

 Déanaim iarracht bia nua a bhlaiseadh gach mí
 I try to taste a new food every month
 
 Tá mé stiúgtha leis an ocras/leis an tart!
 I am perished with the hunger/thirst!
 
 Capall na hoibre an bia
 One must eat to work
 
 Aiste bheagmheáthrais bia
 Low fat diet
 
 Aiste chothrom bia
 A balanced diet
 
 Bím ar aiste bia an t-am ar fad!
 I diet all the time
 
 Tá blas meala air
 It tastes like honey
 
Níl blas ar bith ar an deoch seo
This drink has no taste

Bhí blas dóite ar an mbia
The food was burned

braon fíona.. a drop of wine

smitín cáise...a little piece of cheese

Bíonn bia blasta ar fáil sa bhialann áitiúil sin!
The local restaurant serves tasty food!

Duine biatach/is biatach maith é!
He is a generous person with food!

Beatha agus Sláinte!
Life and Health!

Cad é do thuairim faoin mbiachlár a bhí ann?
What did you think of the menu?

Bhí sé réasúnta ach ní raibh an tseirbhís ró-iontach ann!
It was reasonable enough but the service wasn't too hot!

Barbara Nic Dhonnacha iRadio 102-104 FM

Barbara Nic Dhonnacha iRadio 102-104 FM

An Stáisiún Raidió:
iRadio 102-104 a chuireann seirbhís nua réigiúnach do dhaoine óga san Iarthuaisceart ar fáil.

Tá an tseirbhís seo dírithe ar an aoisghrúpa 15-34 bliain d'aois
agus clúdaíonn sé ceantair na Gaillimhe, Shligigh, Liatroma agus Chontae Dhún na nGall

An Clár:
Ar Éileamh 7- 10 gach oíche: Luan-Aoine


 1. Cad is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh?

Is mise Barbara Nic Dhonnacha  as Conamara, Co. na Gaillimhe. Ag obair le i 102-104.

2. Cé chomh fada is atá tú ag craoladh i nGaeilge?

Os cionn 12 mhí anois.

3. Céard é an difríocht is mó, dar leat, idir craoladh i nGaeilge agus i mBéarla?

Tá mé ag craoladh i mBéarla agus i nGaeilge leis an gclár Ar Éileamh , an chéad chlár dátheangach  dhá chineál sa tír, agus tá fhios
ag daoine ag éisteacht go bhfuil siad ag fáil rud éigin difriúil. An difríocht is mó a bhaineann le mo chlár i gcomparáid le cláir eile i mBéarla nó cláir  eile i nGaeilge ná go bhfuil fáilte   roimh Ghaeilgeoirí  agus dhaoine gan Gaeilge ar bith éisteacht agus fáilte roimh theagmháil sa teanga atá acu. Nuair a fhaighim téacs  i mBéarla anois fiú tá slán ag a dheireadh  agus Dia dhuit ag a thús scaití. Sin í an difríocht. 

4. Cé hé nó cé hí an t-aoi is mó a bhfuil fonn ort agallamh a chur air nó uirthi i nGaeilge?

Des Bishop - atá le teacht ar an gclár. 

5. Cé hé nó hí an t-aoi is fearr a bhí ar an gclár agat?

Séamas Ó Máirtín- Múinteoir Gaeilge i gColáiste Mhuire Gaillimh agus múinteoir cúrsaí gramadaí.  Tháinig sé ar an gclár i gcomhar na leathuaire nuair a bhíomar ag ullmhú don Scrúdú Béil  don Ardteistiméireacht.

6. Céard é an clár raidió is fearr leatsa?

iWork le Dave O'Connor  i102104 ar maidin agus
Dan Hegarty  ar 2fm san oíche. 

7. Céard é an spreagadh is mó duitse agus tú i mbun craolta?

An chumarsáid leis na héisteoirí. Labhraíonn siad liom thrí théacs agus ar an bhfón agus labhraím ar ais leo uile thrí chraoladh, scaití faighim freagra ar ais uathu! Na héisteoirí an spreagadh. 

The Radio Station:
i Radio Limited (trading as i102-104) is a regional youth radio service for the north-west of Ireland.  

Aimed at 15-34 year olds, the service  covers the counties of Galway, Mayo, Longford, Roscommon, Sligo, Leitrim and Donegal.

The Programme:
Ar Éileamh 7-10 every evening  Monday to Friday

1. What's your name, where are you from and who are you broadcasting with?

My name is Barbara Nic Dhonnacha from Connemara in County Galway,  I am currently working with  i102104

2. How long have you been broadcasting in Irish?

Just over 12 months now

3. What is the biggest difference, do you think, between broadcasting in Irish and in English?

I broadcast using both the Irish and English languages on the programme Ar Éileamh which is the first bilingual programme of its kind in the country and the listeners know that they are listening to something different. 

The biggest difference I find between  my programme and other programmes in Irish or English is that both Irish speakers and English speakers are all welcome to listen in and contact us in the language of their choice. When I get a text in English it might say slán at the end and Dia dhuit at the start. That's the difference.

4. Who is the guest you would most like to interview in Irish?

Des Bishop- who is meant to join us soon !

5. Who was the best guest you ever had on your programme?

Séamas Ó Máirtín a teacher from Coláiste Mhuire, Galway and a grammer teacher.  He came in for a half an hour aimed at the oral exams for the Leaving Certificate.

6. What is your favourite radio programme?

iWork with Dave O'Connor in the morning and Dan Hegarty on 2fm in the evening.

7. What is the biggest inspiration for you in your broadcasting?

The contact with the listeners. they speak to me in text messages and I speak back to them. The listeners are the inspiration

Barr

Top

Sonraí na scéime nua Dramarama fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus Learning Waves

BCI & Learning Waves Announce Details Of Dramarama

Tá sonraí na scéime nua 'Dramarama' fógartha  ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus Learning Waves, is  togra nua é seo
atá dírithe ar chraoltóirí raidió agus comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha. Is sraith clár trí lá é Dramarama a bhfuil sé
mar sprioc aige uirlisí agus féinmhuinín chruthaitheach a spreagadh i measc na rannpháirtithe chun dráma don raidió a léiriú.

[Ar Lean]

The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) and Learning Waves announced details of Dramarama, a new initiative for radio broadcasters  and independent production companies.

Dramarama is a series of 3-day programmes aimed at providing participants with the tools and the creative confidence to begin producing radio drama.

[More]

Barr

Top

Trí Iarratas nua faighte ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann do cheadúnas rac-cheoil chlasaicigh

BCI Receives Three Applications For New Classic Rock Licence

D'fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann ar an 23 Bealtaine go bhfuarthas trí iarratas ar sholáthar seirbhís rac-cheoil chlasaicigh 
do cheantar Bhaile agus Chontae Átha Cliath.

 

[Ar Lean]

The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has today (May 23rd) announced the receipt of three applications for the provision of
a new classic rock service for Dublin City and County and the Commuter belt. 
 

[More]

Barr

Top

Uimhreacha JNLR na tréimhse Aibreán 07- Márta 08 Eisithe

JNLR Figures For April 07- March 08 Released

Eisíodh torthaí JNLR/TNSmrbi don tréimhse Aibreán 2007- Márta 2008 ar an 15 Bealtaine.  Tugann torthaí an tsuirbhé le fios
go raibh 84% den daonra fásta ag éisteacht gach lá le meascán idir raidió náisiúnta, raidió réigiúnach agus raidió áitiúil ar fud na tíre.
Fáiltíonn Coimisiún Craolacháin na hÉireann roimh fhoilsiú Bhille Craolacháin 2008

[Ar Lean]

The JNLR/TNS mrbi results for the survey period April 2007-March 2008 were released on Thursday 15th May.  The survey
results indicate that 84% of the adult population were listening daily to a mix of national, regional and local radio throughout the country.

[More]

Barr

Top

Fáiltíonn Coimisiún Craolacháin na hÉireann roimh Fhoilsiú Bhille Craolacháin 2008

BCI Welcomes Publication Of The Broadcasting Bill 2008

Fáiltíonn Coimisiún Craolacháin na hÉireann roimh fhoilsiú Bhille Craolacháin 2008. Tá forálacha sa Bhille ag ceadú bunú rialtóir nua a bheidh i gceannas ar gach craoltóir atá ceadaithe sa stát ar a dtugtar Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI).

Comhlíonfaidh an tÚdarás na feidhmeanna atá ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann faoi láthair agus tabharfar   faoi  fheidhmeanna rialála nua, go háirithe maidir le maoirseacht ar chraoltóirí seirbhísí poiblí.

Foráiltear sa Bhille chomh maith leanúnachas RTÉ agus TG4 mar chomhlachtaí corparáideacha.
[Ar Lean]

The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has warmly welcomed the publication of the Broadcasting Bill, 2008.

The Bill provides for the establishment of a new broadcasting regulator for all broadcasters licensed in the state, to be called the Broadcasting Authority of Ireland (BAI).

The BAI will perform the existing functions of the Broadcasting Commission of Ireland and the Broadcasting
Complaints Commission as well as undertaking a range of new regulatory functions,  particularly with regard to the oversight of public service broadcasters.

The Bill also provides for the continuation of RTÉ and TG4 as corporate bodies.

[More]

Barr

Top

COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann

Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214

Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948

Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.

Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.

The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.

Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

.

AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com

%%TRACKER%%

Ag teacht chugat ó
Coming to you from

BCI Comhdáil Foras na Gaeilge