Eagrán / Edition 18 - 07 10 2008

Comhar na Scríbhneoirí Óga agus Fásta!

Irish Writers Young and Old join together!

Agus oícheanta fada Geimhridh romhainn tá tuilleadh ama ag daoine peann a chur ar phár agus snas a chur ar a gcuid scileanna scríbhneoireachta.

Tá ranganna scríbhneoireachta agus ceardlanna ar siúl fud fad na tíre agus anois tá dhá irisleabhar ag glacadh ailt Ghaeilge ó scoth na scríbhneoirí atá idir óg agus aosta. 

Is é YEWF (Young Emerging Writers and Artists forum ) is teideal d'Irisleabhar Ealaíon náisiúnta nua atá á fhorbairt, a bheidh dírithe ar dhaoine óga 13-18 mbliana d'aois. Tabharfar an deis do dhaoine óga a gcuid ealaíon, scéalta agus dánta a thaispeáint agus a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge. 

Tá an t-irisleabhar YEWF á fhorbairt i gcomhpháirt le MFG Comhar Dhuibhne agus An Chomhairle Ealaíon. Ag seasamh leis an gcomhpháirtíocht seo beidh tiomantas láidir ann don Ghaeilge. Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge agus tá se mar aidhm ag YEWF go mbeadh 50% den ábhar ar fáil i nGaeilge. Cuirfear an chéad eagrán den irisleabhar ar fáil i ngach leabharlann phoiblí agus i 42 caife óige fud fad na tíre.

Ina theannta sin, rinneadh athsheoladh ar an irisleabhar seanbhunaithe Gaeilge, Comhar, ag ócáid i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath  an mhí seo caite, áit ar sheol an Dr. Louis de Paor, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, eagrán Dheireadh Fómhair 2008 den irisleabhar, réitithe ag an eagarthóir nua, Aindrias Ó Cathasaigh, a labhair freisin ag an ócáid. 

Ag labhairt dó ag an athsheoladh dúirt Uaitéar Ó Ciaruáin, Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Comhar go bhfuil cáil ar an irisleabhar anois mar irisleabhar tábhachtach i saol na Gaeilge.

Is ar athnuachan an chúnaimh airgid ó Fhoras na Gaeilge a athsheoladh Comhar. Cheadaigh Foras na Gaeilge méadú suntasach sa mhaoiniú míosúil agus aontaíodh ciste bun-infheistíochta le hionchur airgeadais, euro ar euro, ó Chomhar agus ón bhForas, é seo go léir tar éis don Fhoras aighneacht chuimsitheach ó Bhord Nua Comhar a bhreithniú, aighneacht a léirigh beartais sheiftiúla a chinnteoidh todhchaí fhada rathúil don irisleabhar.

Gan amhras bainfidh scríbhneoirí agus léitheoirí sult  agus tairbhe as an dá irisleabhar náisiúnta sin.

Má tá tuilleadh eolais uait  maidir le YEWF déan teagmháil le Kristi Collins yewf@hotmail.co.uk  nó 085 7818160.

Mas maith leat teagmháil a dhéanamh le Foireann Chomhar is féidir é a dhéanamh tríd an seoladh ríomphoist
comhar@eircom.net nó ag an dá uimhir ghutháin thíos  01-6398400 agus 087-9267456

With long winter nights stretching out  before us, people have more time than ever to put pen to paper and polish up their writing skills.

Writing classes and workshops are taking place across the country and now two magazines are accepting Irish articles from writers both young and old.

YEWF (Young Emerging Writers and Artists forum) is a national arts journal created and edited by young Irish people, providing 13 to 18 year olds with an opportunity to showcase their art, short stories and poetry in English and Irish. It has been made possible with the support of the Arts Council.
 
YEWF is being developed in partnership with MFG Comhar Dhuibhne, and as part of this relationship we also have a strong commitment to the Irish language. They  welcome submissions in Irish and their ideal goal is for the journal to have a 50% Irish content. 

The first issue of YEWF, due out at the end of 2008, will be sent to every public library and to the 42 Youth Cafés throughout Ireland, providing a national forum for young writers and artists.
 
The Irish language magazine, Comhar, has resumed publication, after a gap since the beginning of 2008. At an event in Liberty Hall, Dublin last week Dr Louis de Paor, of NUI, Galway launched the October 2008 issue, prepared by the magazine's new editor, well-known author, Aindrias Ó Cathasaigh.

Speaking at the re-launch, Uaitéar Ó Ciaruáin, Chairperson of the Comhar Board, said that Comhar is one of the most readily recognisable Irish language publications.

Funding by Foras na Gaeilge has been provided for the re-launch of the magazine Comhar. Foras na Gaeilge increased the monthly amount previously granted and an investment fund has been agreed, with an equal financial input, between Foras na Gaeilge and Comhar's board of directors.  The increased funding came after Comhar presented Foras na Gaeilge with a comprehensive submission setting out innovative plans that will ensure a long and successful future for the magazine.

If you would like any more information on YEWF  you can contact Kristi Collins by email at yewf@hotmail.co.uk  or by phone on 085 7818160.

The Comhar team can be contacted by email at
comhar@eircom.net or at these two phone numbers 01-6398400 agus 087-9267456

Barr

Top

Oireachtas na Samhna: An mbeidh tusa i Láthair?

Oireachtas na Samhna : Will you be there?

 

 

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl cois laoi in Ostán na Páirce, Baile an Róistigh idir Déardaoin 29 Deireadh Fómhair agus 1 Samhain 2008.
Beidh na healaíona traidisiúnta á dtaispeáint gach lá agus beidh comórtas scéalaíochta, agallamh beirte, agus seoladh leabhair ar an Déardaoin.  Ar an Aoine, Oíche Shamhna,  beidh Comórtais Ardáin do Dhoaine óga, cruinniú poiblí mar gheall ar an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus club na féile ar siúl. Gan amhras beidh cúpla seit ann agus beidh tú in ann do scileanna rince a athbheochan!

Leanfaidh an scléip agus an spraoi ar an Satharn nuair a bheidh comórtas árdáin ann do dhaoine fásta, maille le seimeanár Chonradh na Gaeilge agus an dá mhórchomortas: Comórtas Rince ar an Sean-Nós agus Corn Uí Riada, an príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós.

Beidh Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlig ar na himeachtaí cultúrtha agus ar na comórtais arna léiriú ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana i gCorcaigh. Tionólfar Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlig ag Rochestown Park Hotel ag 4.30 i.n., Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair. Cuirfidh an cruinniú Gáidhlig seo béim ar an gceangal idir muintir na Gaeilge sa dá thír, agus pléifear amhráin na Seacaibíteach, amhráin a mhol an ríora Stiubhartach agus a n-iarrachtaí ar theacht i gcoróin arís sa Bhreatain, agus a mhol go háirithe na laochra a d'imir a n-anam ag troid go cróga ar son na Stiubhartach.

Beidh fear as Inse Gall, Ailean Dómhnallach, ag labhairt faoi roinnt sean-amhrán i nGaeilge na hAlban a bhaineann leis an ngluaiseacht Sheacaibíteach in Albain. Ar an gcaoi chéanna, beidh an Muimhneach Éamonn Ó hÓgáin ag cur síos ar an bhfile Éireannach Seán Clárach Mac Domhnaill. Tá a chuid filíochta faoi bhriseadh 'Bonnie Prince Charlie' agus faoina éalú as blár Chúl Odair sa bhliain 1746 á rá fós. Rugadh agus tógadh Seán i gCorcaigh, agus breathnaíonn formhór na gcainteoirí Gaeilge ar a dhán Mo Ghile Mear mar 'iomann náisiúnta Dhaonphoblacht Chorcaí'. Labhróidh an tAlbanach ina theanga dhúchais, Gáidhlig, agus ina dhiaidh sin, déanfaidh an Dr. Máire Ní Annracháin as Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad, achoimre ar a léacht.

Tá tuilleadh eolais faoin Oireachtas ar fáil ar an suíomh gréasáin www.antoireachtas.ie agus más mian leat tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar Choinneamh Luchd Labhairt na Gaidhlig déan teagmháil le Risteárd Dónal Mac Aodha ag 353 2729290 nó seol ríomhphost chuig damhsoir@eircom.net

Beidh foireann Ghaelport i láthair le seastán san óstán an deireadh seachtaine ar fad agus tá súil againn bualadh leis na craoltóirí atá i láthair ag an ócáid iontach seo!

 

Oireachtas na Samhna will take to the banks of the Lee in Cork in the Rochestown Park Hotel between the 29 October and 1st of  November 2008.

The traditional arts will be on display for all over the course of the weekend and on Thursday storytelling competitions, agallamh beirte and a book lauch will take place in the hotel.

On Friday, Halloween night the stage compeitions for young people will take place as well as a public meeting on the 20 year strategy for Irish and the festival club. No doubt there will be a few  set dances that night and those in attendance will reawaken the dancing skills they thought they had forgotton!

The fun and excitement will continue on Saturday where the stage competitions for adults will take place, the Conradh an Gaeilge seminar and the two major competitions will be held: The Sean Nós Dancing Competition and Corn Uí Riada, the biggest san-nós singing compeition of the year.

Among the many interesting cultural events and competitions taking place at the annual Oireachtas na Gaeilge will be the Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlig held at the Rochestown Park Hotel on Friday 31st at 4:30pm. The Gaelic language get together highlighting the connection between the Gaelic speakers of both countries will focus on the Jacobite songs reflecting the sentiments of those who longed for the Stewart dynasty to regain the crown and those songs romanticising the honour of those who made the greatest sacrifices for these hopes and aspirations.

In particular Hebridean, Ailean Dòmhnallach will focus on several remnant Gaelic songs pertinent to the Scottish Jacobite movement and Munster man, Eamonn Ó hÓgáin will focus on Seán Clárach Mac Domhnaill and his compositions which are still sung to this day about Bonnie Prince Charley's defeat and escape from Culloden in 1746. Seán Clárach Mac Domhnaill, of course, was Cork born and bred and his composition 'Mo Ghile Mear' is considered by most Gaelic speakers as the 'national' anthem of the 'People's Republic of Cork'.
The Scotsman will speak and sing in his native tongue and following his presentation, Dr. Máire Ní Annracháin from National University Ireland - Maynooth will give a brief summary and entertain questions in Gaeilge.

Further information about an tOireachtas is available on the website  and if you wish to find out further information about Coinneamh Luchd Labhairt na Gaidhlig contact Risteárd Dónal Mac Aodha  on 353 2729290 or send an email to damhsoir@eircom.net

The Gaelport team will be in attendance at an tOireachtas for the whole weekend and we hope to meet with all the broadcasters at the Oireachtas this year!

Barr

Top

Craos, Dráma nua le Darach Ó Scolaí

Craos, a new drama by Darach Ó Scolaí

 

Cuirfear tús le camchuairt Craos, dráma nua le Darach ó Scolaí san New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath ón 21 – 25 Deireadh Fómhair 2008. Beidh sé le feiceáil san Eaglais Úinitéireach, Sráid an Phrionsa, Corcaigh ón 29 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2008, mar pháirt d'Fhéile Oireachtas na Gaeilge 2008. Ansin beidh sé dul ar aghaidh go dtí an Chultúrlann i mBéal Feirste ón 6 – 8 Samhain. Bheidh Craos á léiriú ag Salamandar, compántas drámaíochta Breacán teoranta agus is é Darach Ó Scolaí a bheidh á stiúradh.

Craos an tríú dráma de chuid Uí Scolaí, An Braon Aníos ('Salamandar de chic do dhrámaíocht na Gaeilge'- Foinse), agus Coinneáil Orainn (Duaiseanna Stewart Parker agus Bháitear Uí Mhaicín.). Beidh go leor ag tnúth go mór an dráma seo a fheiceáil go háirithe toisc go bhfuair ó Scolaí ainmniúcháin ar ghearrliosta leabhar na bliana 2008, Gradam Uí Shúilleabháin, i gcomhair An Cléireach.

Tá bealach cliste ag Ó Scolaí plé a dhéanamh ar fhocail  agus téamaí ina chuid drámaí agus cinnte tá sé sin le feiceáil ina dhráma nua, Craos.

I mbialann bheag Ghaeltachta tá beirt bhan in aontíos, Caitlín agus bean an tí, Aintín Nóra. Fad is atá a fear Seán amuigh sa tóir ar an obair a thabharfaidh na pinginí móra abhaile di féin agus dá clann, tá Caitlín sásta géilleadh do mhianta buile Nóra.


I measc scoth na n-aisteoirí atá páirteach sa léiriú seo, tá Caitlín Ní Chonghaile (Faoi Dheireadh Thiar), Caitríona Ní Chonaola (Scéalta ó Theach na mBocht), Peadar Ó Threasaigh (Coinneal Orainn) agus Pádraic Ó Tuairisc (An Braon Aníos). Is é Dara McGee a dhear an seit, Beartla Ó Flatharta a dhear an soilsiú, Orlagh de Bhaldraithe a dhear an fhuaim agus Tríona Lillis a dhear na cultacha.

Tuilleadh eolais faoin ndráma eirimiúil seo ar fáil ó 091 505719 or 087 9102582 agus ó  breacan@eircom.net.

 

Craos, the new drama from the pen of Darach Ó Scolaí will start its nationwide tour in the New Theatre, Temple Bar in Dublin on the 21-25th October, 2008.  It will take to the stage of the Unitarian Church, Princes St, Cork on the 29th October-1st November 2008 as part of the Oireachtas na Gaeilge festival. Then it will travel north to the Cultúrlann in Belfast from the 6-8th November. The drama company, Salamander, is bringing the production to the stage under the direction of Darach Ó Scolaí.

Craos is the latest drama written by Ó Scolaí, following 'An Braon Aníos' and  'Coinneáil Orainn,' which were highly acclaimed in the Irish drama world.  Many fans will be looking forward to seeing the new drama, even more so since Ó Scolaí was shortlisted for the coveted Book of the Year Award 2008, Gradam Úí Shúilleabháin for 'An Cléireach'.

Ó Scolaí has nurtured a unique and  clever form of writing and this style is evident in the new drama, Craos. The story is set in a small restaurant located in the Gaeltacht where  2 women live together, Caitlín and her aunt Nóra.  While her husband Seán is looking for work to earn money for them, Caitlín is happy to cede to the whims of Nóra's temper.

Amongst the talented group of actors taking part in the drama are Caitlín Ní Chonghaile (Faoi Dheireadh Thiar), Caitríona Ní Chonaola (Scéalta ó Theach na mBocht), Peadar Ó Threasaigh (Coinneal Orainn) and Pádraic Ó Tuairisc (An Braon Aníos). Dara McGee designed the set, Beartla Ó Flatharta designed the lighting and, Orlagh de Bhaldraithe designed the sound agus Tríona Lillis designed the costumes.

Further information about this lively drama can be obtained from: 091 505719 or 087 9102582 and from breacan@eircom.net.

Barr

Top

Logainm.ie: Leagan oifigiúil gach logainm ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge

Logainm.ie: Official Irish and English placenames now available online

Ar deireadh thiar thall tá freagra ar fáil ar an gceist leanúnach sin a bhíonn ag cur as do dhaoine - cén t-ainm Gaeilge atá ar an sráidbhaile sin nó ar an gceantar áirithe úd! Tá láithreán gréasáin nua ar an bhfód a chuireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin baile, sráid agus oifig phoist ar fud na tíre ar fáil don phobal.

Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí, aistritheoirí agus aon duine eile a bhfuil leagan údarásach uaidh/uaithi de logainm, teacht ar an eolas go héasca anois trí chuardach a dhéanamh ar www.logainm.ie. Beidh an suíomh ina ábhar spéise, chomh maith, dóibh siúd ar fud an domhain a chuireann suim in oidhreacht, i gcultúr agus i dtíreolaíocht na hÉireann.
Is féidir le cuairteoirí ar an suíomh éisteacht le comhaid fuaime logainmneacha áirithe i gContaetha Phort Láirge, na Gaillimhe agus Dhún na nGall. Tá íomhánna scanta de thaifid chartlainne an Bhrainse Logainmneacha ag gabháil le go leor logainmneacha ar an suíomh  freisin, mar aon le háis aistriúcháin chun liostaí logainmneacha a thiontú ó theanga go chéile.
 
Leanfar den obair ar logainm.ie agus cuirfear tuilleadh logainmneacha, comhaid fuaime agus áiseanna idirghníomhacha leis an suíomh i gcaitheamh 2009-2010.

Tá an láithreán gréasáin á fhorbairt ag FIONTAR, aonad teagaisc agus taighde trí mheán na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá an taithí agus an saineolas teicniúil a chruinnigh Fiontar agus iad ag cruthú www.focal.ie, an suíomh iomráiteach téarmaíochta, curtha chun tairbhe www.logainm.ie agus tá súil acu go mbeidh an rath céanna ar an suíomh nua.

Déan teagmhail le Fiontar trí ríomhphost a chur ag fiontar@dcu.ie,  nó is féidir glaoch a chur orthu ag: 01 700 5614

Finally there is an answer to the eternal question that plagues many of us- What is the Irish for that village or that area? A new website has recenly launched which provides the official Irish language names of almost 100,000 towns, streets and post offices throughout the country.

Students, teachers, journalists, translators and others who need the authoritative Irish form of placenames can now find them easily by searching on www.logainm.ie . The site is also of interest to people worldwide who are interested in the heritage, culture and geography of Ireland.

Visitors to the site can also play sound files of the pronunciation of placenames in Counties Waterford, Galway and Donegal, while many of the placenames on the website are accompanied by scanned archival records from the Placenames Branch. The site also contains a facility to translate lists of placenames to and from Irish.

Work on logainm.ie is ongoing and more placenames, sound files and new interactive features will be added to the website in 2009-2010.

The website  is being developed by Fiontar, Dublin City University's Irish-medium teaching and research unit, on behalf of the Placenames Branch of the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs. The Fiontar project team are using the experience and technical know-how they have gained from creating and developing the award-winning Irish terminology website, www.focal.ie, and hope to make a similar success of www.logainm.ie

Contact Fiontar by sending an email  to fiontar@dcu.ie or you can ring 01 7005614.

Barr

Top

Brúigh cnaipe uimhir a trí má tá tú ag iarraidh labhairt le duine le Gaeilge.....

Press button number 3 to speak to someone with Irish...

Glacadh an chéad chéim eile i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangaacha Oifigiúla an tseachtain seo caite nuair a shíningh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D.  rialacháin nua faoin Acht.

Mar thoradh ar na rialacháin beidh an Ghaeilge níos sofheicthe in oifigí Stáit, ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí, Ranna Stáit, údaráis áitiúla  agus fiú amháin nuair a chuirtear glaoch ar oifig stáit, beidh leagan Gaeilge ar fáil d’fhógairtí béil réamhthaifeadta. Ina theannta sin, beidh an rogha ag comhlachtaí Stáit an Ghaeilge nó an Ghaeilge agus an Béarla a úsáid i Staiseanóireacht oifigiúil.

Ní bheidh toradh na rialachán soiléir go ceann tamaill toisc go dtabharfar  tréimhse ama do na comhlachtaí  roinnt ullmhúcháin a dhéanamh roimh ré -  mar shampla tabharfar deis dóibh úsáid a bhaint as an stoic staiseanóireachta atá ina seilbh cheana féin, suas go dtí 1 Márta 2011, in ainneoin nach mbeadh siad ag teacht leis na Rialacháin.

Tá dhá bhunphrionsabal mar bhonn leis na Rialacháin.  Is é an chéad cheann ná go mbeidh rogha idir úsáid na Gaeilge, nó na Gaeilge agus an Bhéarla, ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht, le cinntiú go dtugtar tús áite mar is ceart don Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil agus an teanga náisiúnta.

Is é an dara prionsabal ná go gcaithfear an téacs Gaeilge a bheith ar a laghad chomh feiceálach leis an téacs Béarla ar aon chomhartha, stáiseanóireacht srl. ina n-úsáidtear an dá theanga oifigiúla. 

Tá tuilleadh eolais maidir leis na rialacháin ar fáil anseo

The next step in the implementation of the Official Languages Act was taken last week when   The Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív T.D signed new regulations under the Act into law.

As a result of the regulations Irish will be more visible in state offices,on signage of public bodies,state department and of local authorities and when the public calls public bodies recorded oral announcements will be available in Irish.  As well as this public bodies willl have the choice to use Irish or Irish and English in official stationery.

The effect of the regulations will not be clear for some time as a period of grace has been given to public bodies to make the necessary preparations beforehand such as using up their stationary stocks until  March 2011.
 
There are two basic principles underlying the draft Regulations.  The first is that it is intended that there will be a choice between the use of Irish, or Irish and English, on signage and stationery, to ensure that proper prominence is given to Irish as the first official and national language. 

The second principle is that the Irish text will have to be at least as prominent as the English text on any sign, stationery etc. where both official languages are used. 

Further information on the regulations is available here.

Barr

Top


Barr / Top

Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com

Connacht

2008-10-12 Cupán Eolais , Óstán Clew Bay, Cathair na Mairt, Maigh Eo, [[Ar lean] / [More]]

2008-10-17 go 2008-10-19 Comhdháil an Chraoibhín 2008 , Óstán An Abbeyfield, Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin. , www.roscommonarts.com/hyde [[Ar lean] / [More]]

Laighean

2008-10-09 Zak Powers ag CLUB SULT 09 Deireadh Fómhair 2008, Break for the Border, Sráid Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, www.clubsult.com [[Ar lean] / [More]]

2008-10-10 go 2008-10-12 Éigse Dharach Uí Chatháin, Ráth Chairn, Co. Na Mí, [[Ar lean] / [More]]

2008-10-12 go 2008-10-19 Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Chorcaí, Cathair Chorcaí, www.corkfilmfest.org [[Ar lean] / [More]]

Mumhain

2008-10-10 go 2008-10-12 Ceiliúradh an Bhlascaoid 2008 , Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí, www.ceilliuradh.com [[Ar lean] / [More]]

2008-10-12 go 2008-10-19 Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Chorcaí, Cathair Chorcaí, www.corkfilmfest.org [[Ar lean] / [More]]

2008-10-26 go 2008-11-02 Oireachtas na Samhna 2008, Bhaile an Róistigh, Corcaigh, [[Ar lean] / [More]]

Ulaidh

2008-11-13 go 2008-11-16 Féile Píobaireacht William Kennedy, Ard Mhacha , [[Ar lean] / [More]]


Barr / Top

Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com

Féile
Festival

Cultúr
Culture

Príomhimeachtaí
Main events

Comórtas
Competition

Ceardlann
Workshop

Amhránaí
Singer

Amhránaíocht ar an Sean-Nós
Sean-Nós singing

Damhsóir
Dancer

Damhsa ar an Sean-Nós
Sean-Nós Dancing

Scéalaí
Storyteller

Scéalaíocht
Storytelling

Agallamh Beirte
Verse Dialogue

Seó Ardáin
Cabaret

Comórtas Fichille
Chess Tournament

Taispeántas Ealaíne
Art Exhibition

Seoladh Oifigiúil
Official Launch

Seoladh Leabhair
Book Launch

Mura dtriailfidh tú ní ghnóthóidh tú
If you don't try, you won't succeed

Mol an óige agus tiocfaidh sí
Praise youth and it will succeed

Is leor ó dhuine a dhícheall
It is sufficient to do one's best

Trí ní nach féidir a fhoghlaim – guth, féile agus filíocht
Three things that cannot be acquired – a voice, generosity, poetry

Is túisce deoch ná scéal
A drink comes before a story.

Cleachtadh a níos máistreacht
Practice makes perfect

Caoimhe Ní Mhuirithe WLRFM

Caoimhe Ní Mhuirithe WLRFM

Céard is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh?

Caoimhe Ní Mhuirithe. Port Láirge. WLRFM. Cuirim clár Gaeilge dár teideal ‘Mar Dhea’ i láthair maidin Dé Domhnaigh ag a seacht a chlog ar maidin. Bíonn an bhéim curtha ar ch úrsaí Gaeltachta sa Déise.
 
2. Cé chomh fada is atá tú ag craoladh i nGaeilge?


Táim ag craoladh le WLRFM ó Mhí Mheán Fómhair, 2007 mar sin os cionn bliana..
 
3. Céard é an difríocht is mó, dar leat, idir craoladh i nGaeilge agus i mBéarla?
Tá sé a bhfad níos deacra daoine a fháil d'agallamh i nGaeilge.
 
4. Cé hé nó cé hí an t-aoi is mó a bhfuil fonn ort agallamh a chur air nó uirthi i nGaeilge?
Ba bhreá liom labhairt le Des Bishop ar an raidió.
 
5. Cé hé nó hí an t-aoi is fearr a bhí ar an gclár agat?
Thaitin an t-agallamh a ndearna mé le Francis ón comhlacht teilifíse TVM go mór liom
 
6. Céard é an clár raidió is fearr leatsa?

Is iad an dá chlár is mó a bhfuil suim agam iontu ná Morning Ireland agus  the Lyric Breakfast.
 
7. Céard é an spreagadh is mó duitse agus tú i mbun craolta?
Taitníonn an teagmháil a dheinim le daoine difriúla liom.

What’s your name, where are you from and who are you broadcasting with?

My name is Caoimhe Ní Mhuirithe, WlRFM.  I present a weekly Irish programme called ‘Mar Dhea’ every Sunday morning at 7 a.m. The programme concentrates on issues from the Waterford Gaeltacht.

2. How long have you been broadcasting in Irish?
I am broadcasting with WLRFM since September, 2007 so around 12 months now.

Whats is the greatest difference between broadcasting in Irish than broadcasting in English?
It is much harder to find people for interviews.

Who is the person you would most like to interview in Irish?
I would love to speak to Des Bishop on the radio.

Who was the most interesting guest you have had on your programme?
I enjoyed the interview I did with Francis from the tv production company TVM

What is your own favourite radio programme?
I really have 2 favourite programmes Morning Ireland and the Lyric Breakfast

What is is your inspiration and the highlight of broadcasting?
I love the fact that I  meet so many different people.

Barr

Top

An spéis leat bheith ag craoladh cláir Ghaeilge ar Stáisiún Raidió Pobail?

Interested in learning to be a Community Radio Broadcaster through Irish?

Tá CRAOL ag eagrú cúrsa réamheolais ar chraoltóireacht ar raidió pobail i mBaile Átha Cliath san Fhómhar. Táthar ag súil go dtosóidh an cúrsa sa chéad seachtain de mhí na Samhna agus tabharfaidh an cúrsa an deis do rannpháirtithe scileanna sainiúla simplí don chraoltóireacht trí Ghaeilge a fhoghlaim. Ag deireadh an chúrsa tabharfar an deis dóibh siúd a ghlac páirt sa chúrsa  clár a dhéanamh ar cheann de na sé stáisiún raidió pobail atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá Coimisiún Craolacháin na hÉireann ag déanamh urraíochta ar an gcúrsa agus is iad Liffey Sound atá á eagrú. Más spéis leat an cúrsa a dhéanamh déan teagmháil le ellen.mairin@gmail.com.

www.craol.ie

CRAOL is running a free "Introduction to community radio broadcasting" in Dublin this Autumn. Training is expected to start in the first week of November and will give participants a chance to learn simple broadcasting skills through the Irish Language. As the course ends, participants will have an opportunity to get involved in programme making at any one of the six Dublin-based Community Radio Stations. The CRAOL initiative is being supported through the BCI and co-ordinated through Liffey Sound. To register your interest please email ellen.mairin@gmail.com.

www.craol.ie

Barr

Top

Doiléiriú na dteorainneacha idir na meáin: an dúshlán is mó atá ag bagairt rialachán

Blurring Of Media Lines New Challenge For Regulation

Dúradh ag Comhdháil CCÉ go bhfuil se ríthábhachtach go dtuigfeadh  Éireannaigh múchadh córas Analóg agus an t-athrú go córas digiteach.

Dúirt Cathaoirleach Choimisiún Craolacháin na hÉireann, an tUasal Conor Maguire gurb é doiléiriú na dteorainneacha idir na meáin an dúshlán is mó a bheadh ag bagairt rialachán sa todhchaí.

Ag labhairt dó ag an gComhdháil a d’eagraigh an CCÉ (BCI) i Meán Fómhair  dúirt an tUasal Maguire ‘Is léir go bhfuil doiléiriú ag teacht ar na teorainneacha idir na meáin de réir a chéile. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an Coimisiún breathnú níos géire ar na himpleachtaí do rialacháin. Creidimse go gcaithfear an bhéim a leagan ar ábhar. Beidh teicneolaíocht ag athrú agus ag dul chun cinn i gcónaí, ach tá sé tábhachtach go mbeadh cur chuige oiriúnach againn atá in oiriúint do na prionsabail rialacháin: solúbthacht, comhsheasmhacht agus cothromaíocht.

[Ar Lean]

Conference Told It’s Vital That Irish Citizens Understand Analogue Switch-Off And Digital Switch Over

The Chairman of the Broadcasting Commission of Ireland, Mr Conor Maguire, has said the blurring of the lines between media would be a major challenge for future regulation.

Speaking at the BCI's National Broadcasting Conference , Mr Maguire said: 'It is becoming apparent that the lines between media are becoming increasingly blurred. For us as a Commission we will need to look more closely at the regulatory implications. It is my belief that the emphasis must remain on content. Technologies will always continue to evolve and change, but it’s important that our approach to content regulation is appropriate and in line with the regulatory principles of flexibility, consistency and fairness.'

[More]

Barr

Top

Comórtais Oireachtais Ar RTÉ Raidió Na Gaeltachta

Oireachtas na Samhna Compeitions to be broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cúis áthais do RTÉ Raidió na Gaeltachta a dheimhniú go gcraolfar mórchomórtais amhránaíochta an Oireachtais le linn Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh.

Tháinig RTÉ Raidió na Gaeltachta ar shocrú craolacháin le hOireachtas na Gaeilge i ndiaidh cruinnithe i gCasla inniu (Dé Máirt).

Mar thoradh ar an socrú seo craolfar:

(1)         Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama
             (d’Amhránaithe faoi bhun 35 bliain d’aois)
(2)        Comórtas na bhFear & na mBan
(3)        Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais

Síneofar conradh craolacháin leis an Oireachtas ina ndearbhófar go mbeidh beochraoladh na gcomórtas faoi cheannas eagarthóireachta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is í foireann eagarthóireachta agus bainistíochta na seirbhíse a bheidh freagrach as léiriú agus láithriú na gcomórtas le linn dóibh a bheith ar an aer.

[Ar Lean]

RTÉ Raidió na Gaeltachta are delighted to announce that the major singing competitions of Oireachtas na Samhna,  which will take place in Cork this year,  will be broadcast on the station.
RTÉ Raidió na Gaeltachta secured an agreement with Oireachtas na Gaeilge at a meeting held in Casla.

As a result of this agreement the following competitions will be broadcast:
(1)               Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama
                    (singers under 35 )
(2)               Comórtas na bhFear & na mBan
(3)               Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta an    Oireachtais (The major singing competition)

An agreement will be signed with the Oireachtas which will confirm the live broadcast of the competition under the editorial care of Raidió na Gaeltachta.

The editorial team and management team of the service will be responsible for the presentation and production of the competitions while they are on air.

[More]

Barr

Top

15 Bliana ar an Aer - Lá Breithe Sona Duit, A Raidió na Life 106.4fm!

Raidió na Life 106.4 FM Celebrates 15 Years on Air

Déardaoin seo caite, 25 Meán Fómhair, rinneadh ceiliúradh agus comóradh i mBaile Átha Cliath ar chúigiú breithlá dhéag Raidió na Life 106.4fm, stáisiún pobail Gaeilge Bhaile Átha Cliath, agus an chéad stáisiún raidió pobail sainspéise sa tír a fuair ceadúnas le craoladh ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann.

Craoladh sceideal speisialta de chláir ón gcartlann i rith an lae Déardaoin seo caite mar aon le clár "freangadh ama" (nó time warp) speisialta a chuir Traic Ó Braonáin, láithreoir an chláir Neamh, i láthair i rith an tráthnóna. I measc na gclár speisialta a craoladh ón gcartlann, bhí eagrán speisialta de Seó Joe, clár seachtainiúil a bhíodh á chur i láthair ag Joe Reddington ar RnaL, atá anois ar dhuine de cheannasaithe TG4, i rith na chéad bliana de shaol Raidió na Life agus an stáisiún ag craoladh ar mhinicíocht 102.2fm mar a bhí ag an am, leis an mana "Céad 'sa Dó, Beo", a gcuimhneodh mórán daoine air. San eagrán speisialta a craoladh, thug criú Raidió na Life faoi chraoladh seachtrach den chéad uair agus an clár á chraoladh beo ó bhád farantóireachta an Sea Links 2, bád úrnua ag an am a bhí ag taisteal ó Hollyhead na Breataine Bige go dtí Dún Laoghaire i rith an chláir. Thug Raidió na Life faoi chraoladh seachtrach speisialta eile arís i mbliana nuair a chraol siad dhá chlár speisialta beo ó fhéile na Picnice Aibhléisí nó an Electric Picnic i gCo. Laoise, nuair a chraoladar beo ón bPuball Gaelach ag an bhféile le dhá chlár speisialta á gcur i láthair ag Tristan Rosenstock.

[Ar Lean]

On Thursday, 25th of September, a celebration was held in Dublin as Raidió na Life 106.4fm celebrated its fifteenth birthday. Raidió na Life is an Irish language station which provides service to the Irish speaking community in Dublin, and it was the first public radio station in the country to receive a licence to broadcast from the Broadcasting Commission of Ireland.

A special schedule of programs from the archives were broadcast last Thursday afternoon as well as a programme called 'Time Warp' which Traic Ó Braonáin, the presenter of the programme 'Neamh', broadcast during the day.  Among the special programmes broadcast from the archives, there was a special edition of  'Seó Joe', a weekly programme which was broadcast by Joe Reddington on RnaL.  Joe is now  the Assistant Chief Editor with Nuacht TG4.  During the first year of Raidió na Life, which was then broadcast over the frequency 102.2fm, with the slogan  'Céad's a dó Beo' which most people will remember it by.  In the special edition, the crew at  Raidió na Life undertook an outside broadcast for the very first time and a live show was broadcast on board the ferry Sea Links 2, which sailed from Dublin to Hollyhead during the course of the show.  Raidió na Life also broadcast live this year from Electric Picnic, Co. Laois, where Tristan Rosenstock broadcast two live programmes from the Irish language tent at the festival.


[More]

Barr

Top

COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann

Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214

Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948

Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.

Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.

The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.

Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

.

AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com

%%TRACKER%%

Ag teacht chugat ó
Coming to you from

BCI Comhdáil Foras na Gaeilge