| Eagrán / Edition 20 - 02 12 2008 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
Sean-nós Beo ar an idirlíon |
Sean-nós Singing Goes Live on the Net! |
Beidh Comhlacht Forbartha na nDéise ag láinseáil suíomh idirlín nua darb ainm www.seannosbeo.ie ar an 3 Nollaig i Halla Cholmáin sa Sean Phobal. Is togra é seo a thosaigh Comhlacht Forbartha na nDéise i 2007 agus iarradh ar Chiarán Ó Gealbháin, an t-ámhránaí cáiliúil sean-nóis, a bheith i bhfeighil an togra. An rud atá ann ná suíomh idirlín áit ar féidir leat na hamhránaithe áitiúla sean-nóis beo a chlos maille le hamhráin a bhíonn á chanadh acu. Aireofar agus feictear ann roinnt taifeadtaí a rinneadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Ina measc tá amhráin ann ó bhéal na ndaoine seo a leanas: Seamus Ó Cionnfhaolaidh; Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha; Déuglán de Paor; Eibhlís Bean de Paor; Seamus Ó Cobhthaigh; Áine Uí Fhoghlú; Muiris Ó Criostóir agus Dómhnall Ó Cionnfhaolaidh; Tadhg Cundún agus Nioclás Tóibín Is féidir teagmháil a dhéanamh le Anne-Marie de Búrca, Áisitheoir Pobail, Meitheal Forbartha na nGaeltachta tríd an seoladh ríomhphoist seo nó trí scairt a chur ar 058 46752 |
Comhlacht Forbartha na nDéise will launch the website www.seannosbeo.ie under the project Dúthaigh Gheal Déise on Wednesday the 3rd of December in Halla Naomh Colmáin in Sean Phobal, Waterford at 7.30pm. This project was initiated by Comhlacht Forbartha na Gaeltachta and is the brainchild of the famous sean-nós singer Ciarán Ó Gealbháin. At www.seannosbeo.ie you will find recordings and information on many songs from the Déise. The website will present recordings that were made in the area over the last few years of the unique sean-nós style of the Déise Gaeltacht, along with information on the singers, in a format that will help the visitor learn the songs. Varying versions of the songs are available and the designers are hoping that the visitor will return again and again to this unique resource. Songs from the various renowned local singers can be found here: Seamus Ó Cionnfhaolaidh; Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha; Déuglán de Paor; Eibhlís Bean de Paor; Seamus Ó Cobhthaigh; Áine Uí Fhoghlú; Muiris Ó Criostóir and Dómhnall Ó Cionnfhaolaidh; Tadhg Cundún and Nioclás Tóibín For further information contact Anne-Marie de Búrca, Áisitheoir Pobail, Meitheal Forbartha na Gaeltachta by emailing eolas@deise.ie or by phoning 058 46752 |
Comóradh Bhás Pheig Sayers |
Commeroration of the death of Peig Sayers |
Ar feadh na mblianta dá ndéarfá le duine go raibh spéis agat sa Ghaeilge bheadh amhras orthu. ‘Ach muise céard faoin leabhar uafásach sin - Peig agus an chráiteacht a d’fhulaing sí. B’éigean dúinn é a léamh ar scoil agus níor thaitin an teanga dhubhach sin liom ó shin ’ Is dócha gur cheangail cuid mhaith daoine an bhochtaineacht, saol na tuaithe agus an Ghaeilge nuair a tagraíodh do shaol Pheig ach le tamall anuas ar a laghad tá an íomhá dhiúltach imithe agus tá tuiscint níos fearr ag daoine ar an nGaeilge ach fós féin ar na deacrachtaí a bhí ag muintir an Bhlascaoid blianta ó shin. Ach an raibh na fíricí seo a leanas ar eolas agat faoin mbean úd roimhe seo?
Dóibh siúd nach mbeidh in ann bheith i láthair ag an gcomóradh oifigiúil i gCorca Dhuibhne craolfar scannán doiciméadach Bhreandáin Feiritéar “Peig Sayers - 'Scéalaí' ar theilifís RTÉ 1 oíche Luain, 8 Nollaig, 2008. |
For years if you said that you had in interest in Irish, some people might be doubtful. 'But what about that awful book-Peig and all the suffering she had in her life. We had to read that in school and I didn't like that depressing language since then.' Many people connected poverty, rural life and the Irish language together whenever referring to Peig's life but in recent times that negative image has disappered and people have a greater understanding of the language and also of the particular hardship suffered by the people of the Blasket island many years ago. But did you know the following facts about Peig before now?
A commemoration celebrating 50 years since the death of Peig will take place in Ionad an Bhlascaoid in Dún Chaoin, Co. Kerry on the 7 December and more facts about the life of Peig will be discussed on the day. Further information is available from Mícheál de Mórdha from Ionad an Bhlascaoid micheal.demordha@opw.ie and he will be available to arrange interviews. The programme of events is available in the Irish language calender of events on gaelport.com. For those who can not attend the official commemoration a special documentary made by Breandán Feiritéar 'Peig Sayers- Scéalaí' will be broadcast on RTE 1 on Monday 8 December, 2008. |
John Spillane- Irish songs we learned at school |
John Spillane: Irish songs we learned at school. |
Ar chuala tú an cogar mogar faoin albam nua atá eisithe ag an bhfonnadóir John Spillane? Bhuel níl aon dabht ach go bhfuil an gnóthadóir díograiseach i mbarr a réime arís leis an eisiúint is déanaí. |
Did you hear all the talk about the new album released by singer-songwriter John Spillane? Well there is no doubt that the hardest working man in the Irish music scene is in top form with his latest release. |
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy |
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy |
Beidh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy ar siúl i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall ón Satharn 27 Nollaig 2008 – Dé hAoine 02 Eanáir 2009. Bíonn béim láidir ar ranganna le linn na seachtaine agus bíonn ranganna ar an bhfeadóg mhór, fidil, píopaí uilleann, feadóg, bodhrán, bosca ceoil, bouzouki, amhránaíocht ar an Sean-nós, damhsa agus giotár ar siúl. Anuas air sin beidh scoth na gceolchoirmeacha ar siúl le linn na féile i mbliana. Ina measc beidh Altan ar stáitse in Ionad Coise Locha i nDún Luich agus beidh sárcheoltóirí ar nós Frankie Gavin ar an bhfidil agus Martin Ó Connor ar an mbosca ceoil ar stáitse in Ionad Coise Locha. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an scoil ar fáil ó: Anna Ní Mhaonaigh |
This year's 'Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy' will take place from Saturday 27th December 2008 until Friday 2nd January 2009. All the events will take place in Gaoth Dobhair, Co. Donegal. 'Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy' was established in December 1994 following Frankie's untimely death from cancer in September of that year. The school's vision is to continue his huge contribution to Irish traditional music, especially the music and song of Donegal. Frankie Kennedy was born in Belfast in 1955 and became one of Ireland's best known traditional flute players through his work with the band Altan which he managed and founded with his partner Mairéad Ní Mhaonaigh. For further information on the winter school contact: Anna Ní Mhaonaigh Tel: 074 9560392 Email : eolas@frankiekennedy.com |
Scannáin Spóirt Gael Linn ar DVD |
Gael Linn Sports Films now on DVD! |
Ar DVD nua-eisithe Gael Linn tá dhá scannán spóirt a léirigh Louis Marcus sna 1960dí: Christy Ring (1964) agus Peil (1962). Féasta spóirt atá ann ina bhfuil laochra na linne le feiceáil agus iad ag tabhairt léiriú oiliúna ar phríomhscileanna na gcluichí Gaelacha. Ina theannta sin, tá beagnach 90 nóiméad den nuachtscannán Amharc Éireann ina bhfeictear míreanna as mórchluichí na mblianta 1959 go 1963.
Gné lárnach den dá scannán ná na míreanna oiliúna ina dtugtar léiriú ar scileanna iomána Christy Ring agus léiriú ar scileanna peile ag seachtar de na himreoirí ab fhearr in Éirinn. Sa dá scannán, caitear súil siar ar an stair agus leantar sin le míreanna lándaite as cluichí comhaimseartha. Feictear scannánaíocht bhríomhar, lán le hatmaisféar agus le ceol. Breandán Ó hEithir a scríobh tráchtaireacht an dá scannán agus Pádraig Tyers a chuir i láthair iad. Christy Ring (1964) Louis Marcus Tá ag méadú i gcónaí ar stádas Christy Ring mar laoch iomána. Sa bhliain 1959, thuill sé an gradam Caltex Hurler of the Year Award. Ainmníodh Christy Ring ar Fhoireann Iomána an Chéid i 1984 agus arís i 1999 ina bhall d'Fhoireann na Mílaoise. Déantar Christy Ring a chomóradh san ainm 'Páirc Uí Rinn' i gCorcaigh. Peil (1962) Louis Marcus Sa scannán seo roghnaíodh seachtar de na himreoirí ab fhearr in Éirinn chun léiriú a dhéanamh ar scileanna peile.
|
Comprising two Louis Marcus films, Christy Ring (1964) and Peil (1962), this DVD, released by Gael Linn features the sporting greats of the 1960s in both hurling and football. Additional material consists of evocative Amharc Éireann newsreel footage of major Gaelic games from the years 1959 to 1963. Gael Linn originally commissioned and broadcast the films in the early sixties in cinemas around Ireland. This is the first time these films have been brought out on DVD and come with full English subtitles. Each film has an instructional section at its core, preceded by a nostalgic look back at the past, followed by extended highlights of a major game. Both films feature colour footage from games rich in atmosphere and detail, accompanied by a rousing soundtrack of music from the Artane Band. Christy Ring (1964) Peil (1962) Further information is available from Antoine Ó Coileáin in Gael Linn. You can contact Antoine by emailing Antoine@gael-linn.ie or ringing him on (01)6751200 |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Connacht |
2008-12-03 Cuireadh don phobal chuig seoladh 'Do Sheans le Gaeilge', Óstán Loch Riach, Co. na Gaillimhe, [[Ar lean] / [More]] |
2008-12-11 Oíche Ceoil Traidisiúnta i Ros Comáin , Ionad Ealaíon Ros Comáin, [[Ar lean] / [More]] |
Laighean |
2008-12-04 Cóisir Mór na Nollag i gClub Sult , Break for the Border, Sráid Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, www.clubsult.com [[Ar lean] / [More]] |
2008-12-05 go 2008-12-07 Deireadh Seachtaine Gaeilge & Cultúr do Dhaoine Fásta i nGaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí, Ráth Chairn, Co. na Mí, [[Ar lean] / [More]] |
2008-12-11 Teacht le chéile don Nollag i gCultúrlann na hÉireann, 32 Cearnóg Belgrave, Baile na Manach, Co Átha Cliath , [[Ar lean] / [More]] |
2008-12-16 BEWLEY'S @ 6 - Ceiliúradh speisialta na Nollag, Amharclann Bewley's, Sráid Grafton, Baile Átha Cliath 2, [[Ar lean] / [More]] |
2008-12-24 Oíche speisialta i gClub an Bhéil Binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seolteoireachta, Bré, Co Chill Mhantáin, [[Ar lean] / [More]] |
Ulaidh |
2008-12-27 go 2009-01-02 Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, Dún na nGall, www.frankiekennedy.com [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Cúlú eacnamaíochta-
ciorruithe/gearradh siar Iasachtaí: aisíocaíochtaí iasachta Rialtóir Airgeadais: Banc Ceannais na hÉireann: Luach an Phuint/Euro/an dollair Financial market Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig laghdú ar líon na ndaoine atá fostaithe sa tríú ráithe den bhliain den chéad uair ó 1991 Tá d’infheistíocht chomh siúráilte le heirí na gréine amárach Ar ais nó ar éigean Tá sú na beatha fáiscthe as an scéal sin Táim bréan dóite de/
Ná déan do mhargadh choíche gan fianaise |
Sinéad Ní Churnáin, Phantom FM |
Sinéad Ní Churnáin, Phantom FM |
Gach mí iarraimid ar chraoltóir le Gaeilge cúpla ceist a fhreagairt i leith a t(h)aithí chraoltóireachta. Is mise Sinéad Ní Churnáin, is as Ciarraí Thiar mé ó dhúchas agus táim ag craoladh le Phantom 105.2FM 3. Inis dúinn faoi do chlár raidió! Cathain a bhíonn sé ar siúl? 4. Cé chomh fada is atá sé á chraoladh anois? 5. Inis dúinn faoin lucht éisteachta. An bhfaightear aiseolas dearfach uatha -an mbíonn siad ag cur téacsteachtaireachtaí isteach chuig an gclár? Seolann siad téacsanna le moltaí agus le hiarratais ach formhór an ama bíonn siad ag luí siar sa leaba ag éisteacht leis an gceol agus á thógáil go breá réidh tar éis na hoíche roimh ré!
7. An ndearna tú cúrsa sa chraoltóireacht riamh? An gceapann tú go bhfuil a leithéid de chúrsa riachtanach do chraoltóirí anois? Dheineas céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla in OÉ, Gaillimh, ansin dheineas an ADCF, cúrsa iarchéime sa chumarsáid sa Ghaillimh leis. Táim an-sásta go ndearna me an cúrsa sin mar thug sé léargas leathan dom ar chúrsaí teicniúla agus acadúla. Le linn an chúrsa rinne me aiste thaighde ar Alt 31 agus an tionchar a bhí aige ar chraoltóireacht sa tír seo- bhí se fíorshuimiúil! 8. An bhfuil aon áiseanna ar líne nó áiseanna eile a mbaineann tú úsáid astu agus tú ag ullmhú don chlár? Gan dabht bainim úsáid as Myspace chun fáil amach faoi bhannaí agus chun úsáid a bhaint as an bhfoclóir Gaeilge leis! |
Every month we ask a different Irish Language broadcaster to tell us a little about their experience as a broadcaster. 1. What is your name, where are you from and who do you broadcast with? I'm Sinéad Ní Churnáin, I'm originally from West Kerry and I'm broadcasting with Phantom 105.2 FM 2. How long are you broadcasting in Irish? 3. Tell us about your radio programme? When is it broadcast? 4. How long has this programme been on the air? 5.Tell us about the listeners? Do you get positive feedback from them like text messages etc? They send in texts with recommendations and requests but most of the time they are taking it easy in bed after Saturday night. 6. Do you present the programme or are you involved in production? It's up to myself to choose the music, I write my own links and I'm also in charge of the technology! 7.Did you ever do a broadcasting course? Do you think that courses like this are essential for broadcasters now? I completed a Degree in Irish and English in NUIG and then I did the Higher Diploma in Communications, a postgrad in communications in Galway. I'm really happy that I did this course as it gave me an insight into the technical and academic aspects of broadcasting. During the course I did an essay on Section 31 and the impact it had on broadcasting in the country which was really interesting 8. Are there any online resources or other resourses which you use when you prepare for your programme? I usually go on myspace to check out new bands and get Irish dictionarys on the internet. |
Taighde ar Chláir Ghaeilge |
Research on Irish language Radio Programmes |
Tá Stillwater Communications ag déanamh taighde ar chláir Ghaeilge san earnáil raidió tráchtála agus pobail thar cheann Choiste Forbartha Gaeilge BCI. Is é aidhm an taighde seo ná eolas ábhartha áisiúil a chruinniú ionas gur féidir leis an gCoiste tacú le forbairt tionscnamh cláir Ghaeilge nua. Beidh Stillwater Communications i dteagmháil le do stáisiún sna seachtainí atá le teacht leis an taighde seo a dhéanamh. Beidh suirbhé ar líne á sheoladh chuig gach stáisiún áitiúil, réigiúnach agus pobail sa chéad seachtain i mí na Nollag. Le bhur dtoil líonaigí ar fad an suirbhé. Déanfar gach freagra a mheas ar bhonn anaithnid, mar sin bígí chomh hionraic agus is féidir le bhur gcuid freagraí. |
Stillwater communications is currently researching Irish language programmes in the commercial and community radio sector on behalf of the Broadcasting Commission of Ireland. The aim of this research is to obtain information which is both relevant and useful to help the Commission support the development of new Irish language programming. Stillwater Communications will be in contact with your radio station in the coming weeks to conduct this research. An online survey will be launched, which will survey every local, regional and community radio station in the first week of December. The BCI is looking for your support and would be delighted if your station could fill in the survey. The survey will be conducted on an anonymous basis so please be as honest as possible in your answers. |
1.2M bronnta ar Raidió ag BCI tríd an Scéim Fuaim agus Fís |
BCI Awards Over €1.2M To Radio Through |
Tá fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann go bhfuil €1,240,507 bronnta ar chláir raidió sa seachtú babhta den scéim chraoltóireachta Fuaim agus Fís. Tá os cionn EUR5.7m bronnta ar thograí raidió ó thús na scéime. Fuarthas 181 iarratas raidió sa seachtú babhta agus bronnadh maoiniú ar 95 iarratas. Is laghdú suntasach é seo de 28 iarratas ó bhabhta 6. Bronnadh 67% den airgead ar chláir faisnéise. [Ar Lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has today announced the award of €1,240,507 for radio programming in the seventh round of Sound & Vision, the Broadcasting Funding Scheme. Overall €5.7m has been invested in radio projects since the scheme’s inception. [More] |
Seirbhís Raidió Pobail nua fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann |
BCI Announces New Community Radio Services |
Tá fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann go mbeidh siad ag lorg iarratas ar 6 sheirbhís raidió pobail nua le linn 2009. I measc na seirbhísí a bheidh fógartha beidh dhá sheirbhís i nDún na nGall ( Inis Eoghain) agus Iardheisceart Dhún na nGall, dhá cheann nua sa Mheániarthar (Luimneach Thoir agus an tSionainn) agus seirbhís eile d’Áth Luain. [Ar Lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has today (November 25th) announced that it will seek applications for 6 new community and community of interest radio services during the course of 2009. The new services to be advertised include two for Donegal (Inishowen and south-west Donegal), two in the Mid –West (East Limerick and Shannon), and one in Athlone. |
Caifé Cois Life Fáilte roimh chách. |
Caifé Cois Life- All are welcome |
Beidh sraith clár d’fhilíocht agus de cheol, á thaifeadadh do Raidió na Life,106.4FM, ag tosú ar an gCéadaoin 19 Samhain. Beidh na cláir á ndéanamh i láthair lucht éisteachta beo i suíomh caifé. Tá an fhoirmle bunaithe ar mhúnla 'An Caifé Gorm' a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí. [Ar Lean] |
A series of programmes on music and poetry will be broadcast on Raidio na Life 106.4 FM commencing on Wednesday 19th November. The programmes will be recorded in front of a live studio audiance in a similar way to An Caifé Gorm which took place in Dublin in the 1980's [More]
|
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com