| Eagrán / Edition 6 - 02 10 2007 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
Luath-thumoideachas sna gaelscoileanna faoi bhagairt |
Early Immersion Education in gaelscoileanna under threat |
An cheist is mó atá i mbéal phobal na Gaeilge agus lucht a spéise faoi láthair ná luath-thumoideachas Gaeilge. Scaip an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin ciorclán mí Iúil seo caite ag cur iallaigh ar na scoileanna 2.5 uair Béarla in aghaidh na seachtaine a mhúineadh ón dara téarma de naíonáin shóisir i ngach gaelscoil sa tír. Ní aontaíonn formhór na scoileanna leis an gcur chuige seo, ach ceann de na rudaí is mó atá ag cur isteach orthu ná an easpa taighde a bhaineann le cinneadh an Aire. Tá an tumoideachas sa dara teanga aitheanta go hidirnáisiúnta, ach tá bearnaí sa taighde maidir le cás na Gaeilge sa tír seo. Glacadh d'aonghuth ag cruinniú urghnách ginearálta a reáchtáil Gaelscoileanna leis na trí rún a moladh. Is féidir PDF (54KB) de na rúin a íoslódáil anseo. Toisc go bhfuil ar a laghad gaelscoil amháin i ngach contae sa tír seo anois is scéal é seo a mbeidh tionchar aige ar gach pobal sa tír. Tá aitheantas faighte ag na gaelscoileanna as a gcur chuige agus a bhforbairt agus anois braitear go bhfuil an bonn á bhaint den dul chun cinn sin. Cuireann Bláthnaid Ní Ghréacháin Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna ag 01-4773155 agus Mícheál Ó Broin, Uachtarán Ghaelscoileanna ag 087-9467700 fáilte roimh agallaimh ar an gceist ríthábhachtach seo.
Tuilleadh roimhe seo ar an gceist chéanna ar Gaelport.com An Luath-thumoideachas in Éirinn - Córas agus Cleachtas Faoi Bhagairt Foras Pátrúnachta na Scoileanna buartha faoi Impleachtaí Chiorclán na Roinne faoin Tumoideachas Tarraing siar an cinneadh diúltach |
The most talked about issue in the Irish Language Community and among other interested parties at the moment is early Irish Language immersion education. The Minister for Education and Science, Mary Hanafin issued a circular which compels the schools to teach 2.5 hours of English a week from the second term of junior infants in every gaelscoil in the country. The majority of the schools do not agree with this approach but one of the things that has caused the most consternation is the lack of research behind the Minister's decision. The method of total immersion in the second language is internationally recognised but there are gaps in the research in relation to the Irish Language in this country. The 3 motions that were proposed were agreed unanimously at the EGM. (You can download a PDF (54KB) of the motions in Irish here) As there is at least one gaelscoil in every county in the country now this story will affect every community in the country. Gaelscoileanna all over the country have achieved recognition for their approach and their development and now it is felt that their growth will be undermined. Bláthnaid Ní Ghreacháin, Chief Executive of Gaelscoileanna at 01 4773155 and Micheál Ó Broin, President of Gaelscoileanna at 087-9467700 are happy to do interviews on this important issue.
More, previously on this issue, from Gaelport.com Early Immersion Education in Ireland - System and Practice Under Threat Foras Pátrúnachta na Scoileanna concerned about the Implications of Department Circular on Immersion Education The Minister's "á la carte" approach |
Stáisiún Raidió Náisiúnta Gaeilge don Aos Óg |
National Irish Language Youth Radio Station |
Gach bliain mar chuid d'imeachtaí an Oireachtais eagraíonn Conradh na Gaeilge seimineár ina mbíonn deis plé a dhéanamh ar na ceisteanna atá i mbéal phobal na Gaeilge. I mbliana pléifear an fhéidearthacht atá ann go mbeadh stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge ar fáil don Aos Óg. Cuirfidh Lisa Ní Choisdealbha, Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, an moladh os comhair an tseimineáir agus labhróidh sí faoi na dúshláin a bheadh ann lena leithéid de stáisiún a chur ar bun agus an tionchar a bheadh aige ar an nGaeilge a spreagadh i measc an aosa óig. Beidh cainteoirí eile ag an Seimineár agus tabharfaidh siad dearcadh polaitiúil agus dearcadh láithreora ar an moladh. Osclófar an seimineár ansin don urlár agus fáilteofar roimh thuairimí na hearnála agus thuairimí an mhórphobail i leith a mholta. Tionólfar an seimineár Dé Sathairn, 3 Samhain 2007 ag 11 r.n. sa Walnut Room, Westport Plaza Hotel, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo Más maith leat tuilleadh eolais mar chraoltóir nó más maith leat agallamh a dhéanamh le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha déan teagmháil leis ag julian@cnag.ie nó 01 4757401 |
Every year as part of the events surrounding an tOireachtas Conradh na Gaeilge organise a seminar as an opportunity to debate the issues that are being discussed amongst the Irish Language Community. This year the feasibility of a national Irish Language Youth Radio Station will be discussed. Lisa Ní Choisdealbha, Independent Broadcasters of Ireland, will present the proposal to the seminar and will speak about the challenges that would be faced in setting up such a station and the effect it would have on encouraging young people to speak Irish. There will be other speakers at the Seminar and they will present the political and presenters' viewpoint on the proposal. The seminar will be then open to the floor and the views of the sector and the general public will be welcomed. The seminar will take place on Saturday 3 November at 11am in the Walnut Room, Westport Plaza Hotel, Westport, Co. Mayo. If you would like more information as a broadcaster or if you would like to interview Julian de Spáinn, Secretary General of Conradh na Gaeilge about this you can contact him at julian@cnag.ie nó 01 4757401 |
Féile na Meán Ceilteach - tá duais ann duitse! |
The Celtic Media Festival has a prize with your name on it! |
Gach bliain tionóltar Féile na Meán Ceilteach chun na meáin cheilteacha a cheiliúradh agus a chur chun cinn agus i mbliana beidh sí ar siúl i nGaillimh ar 16 - 18 Aibreán 2008. Tá Oifig Lárnach na Féile i nGlaschú ag cur fáilte roimh iontrálacha faoi láthair (fiosrúcháin i mBéarla amháin le do thoil!). Is é 2 Samhain an spriocdháta. Is í aidhm na Féile ná ócáid idirnáisiúnta bhliantúil a eagrú a cheiliúrann agus a chuireann teangacha agus cultúir na dtíortha agus na réigiún Ceilteach chun cinn agus a thugann aitheantas agus a fhorbraíonn ardchaighdeán, éagoitinneacht agus saothar ar leith ar an scáileán agus i gcraoltóireacht. Bronntar duaiseanna i gcatagóirí teilifíse, raidió agus na meán nua. Tuilleadh eolais ó Jude MacLaverty, Léiritheoir na Féile, lonnaithe i nGlaschú ag jude@celticmediafestival.co.uk nó +44 (0)141 302 1737
|
Every year the Celtic Media Festival celebrates and promotes the Celtic Media and this year it will be taking place in Galway from 16 - 18 April 2008. The Festival's Central Office in Glasgow are now accepting entries (Enquiries in English only please!) 2 November is the closing date. The Celtic Media Festival's aim is to organise an annual international event that celebrates and promotes the cultures and languages of the Celtic countries and regions and recognises, develops and rewards quality, originality and achievement on screen and in broadcasting. Prizes are awarded in television, radio and new media categories. More information available from Jude MacLaverty, Festival Producer, who is based in Glasgow at jude@celticmediafestival.co.uk or +44 (0)141 302 1737 |
DVD Dátheangach De 'Fluffy Gardens' seolta |
Bilingual 'Fluffy Gardens' DVD launched |
Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh imeascadh na Gaeilge i gcláir RTÉ le haghaidh daoine óga Chuir Foras na Gaeilge fáilte inniu roimh eisiúint clár réamhscolaíochta RTÉ Fluffy Garden |
Foras na Gaeilge welcomes integration of Irish language into young peoples programming in RTE Foras na Gaeilge has today welcomed the release of RTÉ Television's pre school animati |
Buaicphointe eile do KINGS |
Another High Point for Kings |
Roghnú oifigiúil na hÉireann le haghaidh Oscar don Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta. D'fhógair Acadamh Teilifíse agus Scannán na hÉireann gur roghnaíodh KINGS, scannán de chuid |
Official Irish selection for Oscars for Best Foreign Language Film The Irish Film and Television Academy today announced that Tom Collins' 'Kings' starring Colm Meaney, Donal O'Kel |
Ealaín na Gaeltachta Teo: Iarratais á lorg do na scéimeanna seo leanas |
Ealaín na Gaeltachta Teo: Applications welcomed under the following schemes |
A) Scéim Fhorbartha na nEalaíon/Scéim na bhFéilte Ealaíon 2008 (Scéim Mhaoinithe) Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo tionscadail nó |
A) Arts Development Scheme/ Arts Festival Scheme 2008 (Sponsorship Scheme) Applications are welcomed from individuals or groups who wish to develop or provide an arts |
Beathaisnéis Sheosaimh Mhic Grianna i gcló |
Seosamh Mac Grianna Biography published |
Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil, le Pól Ó Muirí, is teideal do bheathaisnéis an scríbhneora Seosamh Mac Grianna, foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta. B'as Rann na Feirste d |
Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil by Pól Ó Muirí is the title of a new biography about the writed Seosamh Mac Grianna, published by Cló Iar Chonnachta. One of the major I |
Scoil Cheoil an Earraigh Corca Dhuibhne 13.02.2008 - 16.02.2008 |
Scoil Cheoil an Earraigh (Spring Music School) Corca Dhuibhne 13.02.2008 - 16.02.2008 |
Scoil Cheoil Traidisiúnta thar tréimhse cúig lá a thugann aire faoi leith do cheol, stíl agus amhráin áitiúla Chorca Dhuibhne i gCo. Chiarraí, Éire. Tugann an Scoil seo cabhair don mborrad |
A traditional music school that takes place over 5 days which focusses on the local music, style and songs of Corca Dhuibhne in Co. Kerry. The school helps to develop the growth in music in |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Connacht |
2007-10-04 Tim Dennehy i gclub an bhéill binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-05 Nuala Ní Dhomhnaill, Kings House, Mainistir na Búille, Co. Roscomáin, King House, Mainistir na Búille, Ros Comáin, www.kingshouse.ie [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-05 go 2007-10-07 Féile an Fhómhair Inis Oir: Féile amhránaíochta ar an sean-nós, Áras Éanna,Tigh Ned agus Tigh Ruairí Inis Oir, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-26 go 2007-10-28 Comhdháil an Chraoibhín 2007 - Douglas Hyde Conference 2007, Coláiste Naomh Naithí, Bealach an Dóirín, Co. Ros Comáin, http://www.roscommonarts.com/hyde [[Ar lean] / [More]] |
Laighean |
2007-10-04 Tim Dennehy i gclub an bhéill binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-07 go 2007-10-14 Éigse Chluain Tarbh 2007, Áras Chluain Tarbh, Cumann Lúthchleas Gael, Bóthar Ghort na Mara, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-09 go 2007-10-14 Imram 2007: Féile Litríochta na Gaeilge sa Phríomhchathair, Ar fud na cathrach, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-11 Josie Sheáin Jeaic MacDonnachadha i gclub an bhéil binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-11 Ciorcal Caidrimh Cois Tine, cultúrlann na hEireann, 32 Cearnóg belgrave, Baile na Manach, Co Átha Cliath, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-12 go 2007-10-14 Éigse Dharach Uí Chatháin 12-14 Deireadh Fómhair 2007, Ráth Cairn, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-16 Oíche Mhóir Ceoil ag Ceol an Bhéil Binn, Amharchlann Mermaid, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-18 Niamh de Búrca agus Mark Kelly i gClub an Bhéil Binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-18 go 2007-10-19 Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin, Colláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, http://www.ucd.ie/riordain [[Ar lean] / [More]] |
Mumhain |
2007-10-12 go 2007-10-14 Ceiliúradh an Bhlascaoid 2007, Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí, http://www.ceiliuradh.com [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-12 go 2007-10-14 Tionól an Fhómhair 2007, Port Láirge, Port Láirge, www.waterfordcoco.ie [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-18 Gruagairí/Hairdressers by Dave Duggan, Garter Lane Arts Centre, Sráid Uí Chonaill, Port Láirge, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-31 go 2007-11-04 Oireachtas na Samhna, Cathair na Márt, Maigh Eo, www.antoireachtas.ie [[Ar lean] / [More]] |
Ulaidh |
2007-10-09 go 2007-10-13 Gruagairí le Dave Duggan, Amharchlann Siobhán Mckenna, Cultúrlann McAdam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-09 Coirmceoil Ceiliúrtha: 25 Bliain Cairdeas na bhFidiléirí, An Ghrianán, Leitir Ceanainn, Dún na nGall, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-16 Gruagairí le Dave Duggan, Tí Chulaínn Cultural Activity Centre, Mullaghbawn, Co Aontroim, [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-23 go 2007-10-24 Gruagairí le Dave Duggan, Millennium Forum Theatre Studio, Newmarket St, Doire. , [[Ar lean] / [More]] |
2007-10-25 Gruagairí le Dave Duggan, raic Theatre, Coalisland Enterprise Pk, Coalisland, Co Tír Eoghain, [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Agus mé ag taisteal timpeall na hAlban le linn "An Chuairt 2007" an tseachtain seo caite rith sé liom go raibh roinnt nathanna cainte, seanfhocal, beannachtaí agus mallachtaí a bhaineann le taisteal. While travelling in Scotland last week during "An Chuairt 2007" it occurred to me that there are many nice idioms, proverbs, blessings agus curses associated with travel. Lucht taistealach - the jet-set An Lucht Siúil/ Taistil - The Travelling Community Thug sí cuairt na cruinne - she travelled the world Giorraíonn beirt bóthar - company shortens the road Níor chuir Dia sceach i mbéal an chuain riamh Turas in aistear a bhí ann - It was a waste of time to go there Níorbh aistear dó é - It was no trouble to him Ná haistrigh an scéal sin - Don't tell anyone that Bhí siad ag gabháil anonn is anall - They were to-ing and fro-ing An turas is faide sa saol tosaíonn sé le coiscéim bheag amháin Céim bheag amháin d'fhear, léim ollmhór don chine daonna |
Céard is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh? Cén difríocht is mó, dar leat, idir craoladh i nGaeilge agus i mBéarla? Cé hé nó cé hí an t-aoi is mó a bhfuil fonn ort agallamh a chur air nó uirthi i nGaeilge? Cé hé nó hí an t-aoi is fearr a bhí ar an gclár agat? Céard é an clár raidió is fearr leatsa? Céard é an spreagadh is mó duitse agus tú i mbun craolta? Bíonn clár Emily Anne, Pop Raidió, le cloisteáil ar Spin Southwest gach maidin Satharn 10.45rn-12.45in. Tuilleadh eolais ar SpinSouthWest.com |
What's your name, where are you from and who are you broadcasting with?
Who is the person you would most like to interview in Irish? Who was the best guest you ever had on your programme? What is your favourite radio programme? What is the biggest inspiration for you in your broadcasting? Emily-Anne's programme, Pop Raidió, can be heard every Saturday morning from 10.45am-12.45pm. More information on SpinSouthWest.com |
Cód Ginearálta Fógraíochta Foilsithe ag BCI |
BCI Publish a General Advertising Code |
Tá Cód Ginearálta Fógraíochta foilsithe ag an BCI agus ar fáil mar PDF anseo (Tosnaíonn an leagan Gaeilge ar lch23)
|
BCI have published a General Advertising Code which is available as a PDF |
Síníonn BCI conradh 10 mbliana le Raidió Pobail Inis Eoghain |
BCI signs a ten-year community licence with Inishowen Community Radio |
D'fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) síniú conradh craolta fuaime pobail le Raidió Pobail Inis Eoghain Teo. chun seirbhís craoltóireachta fuaime pobail a sholáthar ar an mbanna FM. Beidh an stáisiún ag craoladh ar 105FM (Málainn) agus 107.5 (Cois Feabhail) agus ag freastal ar thuaisceart leithinis Inis Eoghain i dTír Chonaill. [Ar lean]
|
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has announced the signing of a ten-year community sound broadcasting contract with Inishowen Community Radio Limited for the provision of a community sound broadcasting service on the FM band. The station will be broadcast on 105FM (Malin) and 107.6(Moville) and will serve the North Inishowen peninsula of Donegal. [More] |
Gaelpod.com beo |
Gaelpod.com live |
Tá Gaelpod.com, podseinnteoir ar líne agus podchraoladh na Gaeilge anois ar fáil dóibh siúd ar spéis leo éisteacht le cláir i nGaeilge. Is áis iontach é seo don chraoltóir le Gaeilge, go háirithe iad siúd a bhfuil clár comhrá acu. Má tá clár faisnéise nó clár comhrá agat ar mhaith leat lucht éisteachta idirnáisiúnta a tharraingt isteach ann ní gá duit ach MP3 a sheoladh chuig cogar@gaelport.com agus má tá lógó stáisiúin agat caith sin isteach freisin. Má tharlaíonn sé go bhfuil ceol teagmhasach nó níos lú ná 30 soicind de phíosa ceoil sa chlár nó go bhfuil cead faighte agat an píosa ceoil a phodchraoladh seol ar aghaidh é! Is cuid de sheirbhísí leictreonacha Gaelport.com é Gaelpod.
|
Gaelpod.com, an online podplayer and Irish Language podcast is now available to those who would like to listen to programmes in Irish. This is a great resource for Irish Language broadcasters, especially those who have talk shows. If you would like to attract an international audience to your documentary or talk show all you have to do is send an MP3 of it to cogar@gaelport.com and if you have your station logo sure throw that in as well. If your programme has incidental music or less than 30 seconds of a piece of music or if you have permission to podcast the piece of music send it on! Gaelpod is one of Gaelport.com's electronic services. |
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com