| Eagrán / Edition 7 - 13 11 2007 |
|
![]() |
|
|
Podchraoladh Cogar / Cogar Podcast Sceideal Cláracha Gaeilge / |
Stáisiún Raidió nua don aos óg ag teacht go luath? |
A New Radio Station in the Pipeline? |
Ag Seimineár an Oireachtais an tseachtain seo caite, curtha in eagar ag Conradh na Gaeilge, glacadh an chéad chéim chun tosaigh chun stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg a bhunú. Ar an bpainéal aoichainteoirí ón earnáil chraoltóireachta bhí Lisa Ní Choisdealbha, Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, an láithreoir teilifíse cáiliúil Hector Ó Heochagáin, agus Tomás Rua Mac an Iomaire, iarcheannasaí ar Raidió na Gaeltachta. Rinne Lisa cur síos ar na deiseanna agus na dúshláin a bheadh ann lena leithéid de stáisiún a chur ar bun. Chuir sí moltaí faoi bhráid an luchta féachana bunaithe ar thorthaí taighde MORI foilsithe níos luaithe sa bhliain 2005 inar léiríodh tacaíocht láidir dá leithéid de thionscnamh. Labhair Hector faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn tríd an gceol, tríd an tsiamsaíocht, agus tríd na meáin chumarsáide. Phléigh Tomás Rua Mac an Iomaire na bundeacrachtaí a bhaineann le tionscnamh den chineál seo, idir cheisteanna bunmhaoinithe agus tacaíochta agus na deacrachtaí a bhaineann le craoltóireacht analóg anois toisc infhaighteacht minicíocht oiriúnach agus an margadh mar atá sa lá atá inniu ann. Bhí plé oscailte faoin rogha leathan atá ann don chraoltóireacht fuaime idir na meáin chumarsáide éagsúla, .i. pod-craoltóireacht, craoltóireacht raidió ar líne, craoltóireacht dhigiteach, agus mar sin de. Labhair Tomás Mac Ruairí, Uachtarán na Comhdhála, ón urlár agus chuir sé in iúl go dtacaíonn sé go láidir leis an tionscnamh, ach ardchaighdeán Gaeilge a bheith ag baint leis. Thacaigh móramh i measc an luchta féachana leis an tionscnamh seo, go háirithe an t-aos óg a bhí i láthair. Moladh na cláir Ghaeilge don aos óg atá ar fáil ar an raidió cheana féin chomh maith.
|
The first steps towards the establishment of a national Irish language radio station for young people were taken last week at a seminar organised by Conradh na Gaeilge which took place during Oireachtas na Gaeilge. The panel of guest-speakers from the broadcasting sector included Lisa Ní Choisdealbha, Independent Broadcasters of Ireland, the popular TV presenter Hector Ó Heochagáin, and Tomás Rua Mac an Iomaire, formerly Head of Raidió na Gaeltachta. Lisa spoke about the opportunities and challenges presented by the establishment of such a station. She also made recommendations based on the results of research and an opinion poll conducted by MORI and published in 2005 which revealed that there was substantial support for such an initiative. Hector spoke about the importance of promoting the Irish language through music, through entertainment and through the media. Tomás Rua Mac an Iomaire discussed the difficulties associated with such a project, including funding and support issues, and the long-term feasibility of analog broadcasting taking into account the availability of a suitable frequency and the nature of the market as it stands today. The broad choice for sound broadcasting between media outlets was discussed in detail, i.e. pod-casts, online radio broadcasting, digital radio trials, and so on. Dáithí Mac Carthaigh, President of Conradh na Gaeilge, told the seminar that a pressure group would be formed soon to push for the station and he urged those with an interest to take part in the group. For further information contact: Julian De Spáinn, Secretary General, Conradh na Gaeilge, Tel. 01-4757401, or julian@cnag.ie |
Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Staidéar teangeolaíoch foilsithe |
The Status of Irish in the Gaeltacht: Linguistic study published |
D'fhoilsigh an Rialtas an tuarascáil a bhaineann leis an Staidéar Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht le déanaí. Gheall an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon ó Cuív T.D. tar éis fhoilsiú na tuarascála go mbunófar Coiste ag leibhéal comh-aireachta chun bhreathnú ar shaincheisteanna a bhaineann leis an anailís ar an tuarascáil agus leis na moltaí atá sa tuarascáil. Leagtar amach sa tuarascáil na dúshláin atá le sárú ag pobal na Gaeltachta go háirithe na dúshláin fhadtéarmacha atá le sárú ag na pobail ina bhfuil an Ghaeilge fós ina príomhtheanga phobail. Má tá Gaeltacht lonnaithe i do chontae b'fhéidir go mbeadh spéis ag an bpobal sa staidéar. Beidh tionchar nach beag ar staid na Gaeilge go forleathan sa tír ar fad má athraíonn an stádas atá ag an nGaeilge sa Ghaeltacht. Tá leagan leictreonach den staidéar féin ar fáil don phobal i gcoitinne anseo. Toisc méid na tuarascála tá achoimre ar fáil ar an suíomh freisin. |
The Government recently published the report of the Linguistic Study on the use of Irish in the Gaeltacht . On publishing the report, the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív stated that a cabinet level committee will be established to consider matters arising from the report's analysis and recommendations. The Report of the Linguistic Study clearly sets out the challenges facing the Gaeltacht community, particularly the challenges in the longer term that are facing those communities in which Irish is still the dominant community language. If there is a Gaeltacht in your county, the public might have an interest in this report. If the status of Irish changes in the Gaeltacht, it will surely influence the state of Irish across the country. A digital version of the study is available to the public. Due to the size of the report a summary is also available on the website |
Tumoideachas- Ár Rogha |
Immersion Education- Our Choice |
Mar a nochtadh san eagrán deireanach de Cogar tá míshástacht ag teacht chun cinn i measc phobal na Gaeilge mar gheall ar an mbagairt atá ann do pholasaí an tumoideachais mar atá á chleachtadh i ngaelscoileanna ar fad fud na tíre. Tá feachtas nua á seoladh ag Gaelscoileanna Teo. i gcomhar le hEagrais Tacaíochta inniu. Tumoideachas Ár Rogha is ea teideal an fheachtais. D’eisigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin ciorclán mí Iúil seo caite ag cur iallaigh ar na scoileanna 2.5 uair Béarla in aghaidh na seachtaine a mhúineadh ón dara téarma de naíonáin shóisir i ngach gaelscoil sa tír. Dar le Gaelscoileanna tá an cinneadh seo in aghaidh an dea-chleachtais idirnáisiúnta mar a bhaineann leis an tumoideachas, agus is é sprioc an fheachtais seo ná aistarraingt an chiorcláin a bhaint amach go dtí go mbíonn ar a laghad cinneadh déanta a thógann torthaí taighde san áireamh a léiríonn comhthéacs na hÉireann. Le haghaidh tuilleadh eolais mar gheall ar an bhfeachtas déan teagmháil le Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna ag 01-4773155 nó Mícheál Ó Broin, Uachtarán Ghaelscoileanna ag 087-9467700 |
As was revealed in the last edition of Cogar, dissatisfaction is growing amongst the Irish language community about the current threat to the policy of immersion education as practiced by gaelscoileanna across the country. Gaelscoileanna Teo is today launching a new campaign called Immersion Education-Our choice. Last July, The Minister for Education and Science, Mary Hanafin issued a circular which compels the schools to teach 2.5 hours of English a week from the second term of junior infants in every gaelscoil in the country. According to Gaelscoileanna the circular runs contrary to best international practice in the area of immersion education, and this campaign aims to see its withdrawal at least until such time as a decision can be made which takes into account research findings that reflect the Irish context. For further information about this campaign contact Bláthnaid Ní Ghreacháin, Chief Executive of Gaelscoileanna at 01 4773155 or Micheál Ó Broin, President of Gaelscoileanna at 087-9467700 |
Béaloideas chun Cinn le Buaiteoirí Leabhar na Bliana 2007 |
Folklore to the Fore with Winners of Leabhar na Bliana |
Dhá leabhar a chuireann béim ar bhéaloideas na hÉireann a bhuaigh gradaim Leabhar na Bliana 2007 an Aoine seo caite, le duaischiste iomlán de Eur25,000. Dialann taistil an bhailitheora cháiliúil bhéaloidis Séamus Ennis; ‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis Is é ‘Gaiscíoch na Beilte Uaine’ (Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson) an chéad leabhar (le DD) foilsithe ag An tSnáthaid Mhór, a bhuaigh an chatagóir do dhaoine óga, Gradam Réics Carló.
|
Two books focusing on Irish folklore last Friday won the Irish-language ‘Book of the Year 2007’ awards , with a total prize fund of €25,000. The adult category (Gradam Uí Shúilleabháin) was won by Cló Iar-Chonnachta, with their publication of the field diary of the famous folklore collector Séamus Ennis; ‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis- Dialann Taistil 1942-1946 (Edited by Dr. Ríonach Uí Ógáin). The young reader category (Gradam Réics Carló) was won by a new publishing house, An tSnáthaid Mhór, with their first book (with CD) ‘Gaiscíoch na Beilte Uaine’ (by Caitríona Nic Sheáin and Andrew Whitson). |
102 céimí le cáilíocht ghairmiúil sa Ghaeilge |
102 graduates with a professional qualification in Irish |
Bronnadh Dioplómaí ar 102 mac léinn a chríochnaigh cláir léinn de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar champas de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
|
At a special ceremony today, 102 students who completed academic programmes with NUI Galway's Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Gaoth Dobhair, Co. Donegal, were conferred with Diplomas. |
MA sa Ghaeilge Fheidhmeach: Cúrsa nua á fhógairt |
MA in Applied Irish: New Course Offered |
Tá Scoil na dTeangacha, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, ag cur tús le cúrsa nua, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, ag deireadh mhí Eanáir 2008. Mairfidh an mháistreacht pháirtaimseartha seo dhá bhliain ar fad agus tá sí á heagrú i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta Beidh an cúrsa seo dírithe go príomha ar na fostaithe de chuid na hearnála poiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge as seo amach agus ar chéimithe ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil in Éirinn agus san Eoraip sna blianta atá romhainn. Beidh an cúrsa oiriúnach chomh maith dóibh siúd ar mian leo poist a bhaint amach mar aistritheoirí, teangairí, dlí-theangeolaithe, léitheoirí profaí agus rúnaithe agus beidh spéis ag múinteoirí scoile, ag daoine atá ag obair sna meáin, i gcúrsaí gnó, sa turasóireacht chultúrtha agus i réimsí gaolmhara eile ann freisin. [Ar lean]
|
The Language School of Dublin Institute of Technology is offering a new course, MA in Applied Irish which will commence in January 2008. This part time masters course will take place over 2 years and is organised in conjunction with Gaelcultúr Teoranta This course is aimed at employees in the public service who will be working using the Irish language and at graduates who wish to avail of employment opportunities in the Irish language sector in Ireland and Europe in the coming years. This course is also suitable for those who wish to work as translators, interpreters, legal-linguists, proof-readers and secretaries and it will also be of interest to school teachers, those working in the Media, business, cultural tourism and related sectors. [More] |
Script á lorg ag TG4 do Dráma nua 'Seomra a Sé' |
Script wanted for new TG4 Drama 'Seomra a Sé' |
I mí Márta 2008 craolfar ceithre dhráma leath uair a chloig beo ar TG4. Is i suíomh amháin, seomra óstáin uimhir a 6 a bheidh gach drama lonnaithe. Tá an seit á ullmhú, tá an sceideal déanta amach, níl anois de dhíth orainn ach na script. |
In March 2008 TG4 will be broadcasting four half hour dramas live. All of these dramas will take place on one set a hotel room numbered 6. The set is being prepared, the schedule is set, all that is required now are the scripts. If you have a script which might suit Seomra a Sé, or if you have an idea you would like to see on television, then get writing now.
|
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Connacht |
2007-11-16 Ardaigh ceist le Seán Ó Neachtain MEP, The Ardilaun House Hotel, Taylor's Hill, Galway, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-24 Cruinniú Bliantúil Airdeall , Ostan na Páirce, an Spidéal, Contae na Gaillimhe, http://www.gaelport.com [[Ar lean] / [More]] |
Laighean |
2007-11-14 Oíche Mhór Dhrámaíochta An Bhéil Bhinn , Amharchlann Mermaic, Bré, Contae Chill Mhantáin, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-15 Treasa Ní Mhiolláin mar aoí i gclub an bhéil binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-16 Seoladh ealaíne in Áras Chronáin, Áras Chronáin, Ionad Cultúrtha,Bóthar an Úlloird,Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-20 Spraoi UCD ’07: ceol agus craic trí mheán na Gaeilge , Beár na Mac Léinn, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-20 Oícheanta Agallaimh sa Leabharlann Náisiúnta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-21 Thomas Leeb in Áras Chronáin, Áras Chronáin, Ionad Cultúrtha,Bóthar an Úlloird,Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-22 Seán Ó Gráinne i lathair ag Club an Bheil Binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , [[Ar lean] / [More]] |
2007-12-01 Cairde an Naomh Crónáin, Áras Chronáin, Ionad Cultúrtha,Bóthar an Úlloird,Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22, [[Ar lean] / [More]] |
2007-12-02 Aonach na gCeirde, Áras Chronáin, Ionad Cultúrtha,Bóthar an Úlloird,Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22, [[Ar lean] / [More]] |
2007-12-05 Amhráin ó Thír Chonaill ag Club an Bhéil Binn, Club an Bhéil Binn, Ionad Seoltóireachta, An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré , [[Ar lean] / [More]] |
2007-12-15 Béithlín Beo in Áras Crónáin, Áras Chronáin, Ionad Cultúrtha,Bóthar an Úlloird,Cluain Dolcáin , Baile Átha Cliath 22, [[Ar lean] / [More]] |
Mumhain |
2007-11-16 go 2007-11-17 Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo, Ostán South Court, Luimneach, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-21 Sean nós Beo, Meánscoil San Nioclás, An Rinn., [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-22 Foghlaim Gaeluinn na Déise, Meánscoil San Nioclás, An Rinn, [[Ar lean] / [More]] |
Ulaidh |
2007-11-14 Céilí mór sa Speakeasy in Ollscoil na Ríona!, Speakeasy, Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, [[Ar lean] / [More]] |
2007-11-14 go 2007-11-19 Comórtas Filíochta Idirnáisiúnta na Samhna:, Gort an Choirce, Tír Chonaill, http://www.samhainpoetry.com/front.htm [[Ar lean] / [More]] |
Tuilleadh eolais ar fáil i gcónaí ar www.gaelport.com |
Is léir go bhfuil aimsir gheimhridh againn anois. Cuireadh an clog siar le déanaí agus rug an oíche orainn. Dírítear inniu ar an oíche mar ábhar comhrá. It's clear that winter weather is upon us now. The clocks went back recently and the night overtook us. Today we concentrate on the night as a topic of conversation. Luí gréine Clapsholas Oíche Oíche rédhorcha Spéir ghealaí Aréir Arú aréir Oíche amárach Oíche mhaith agat Seanfhocail agus nathanna cainte: idioms and phrases Deoch an dorais Faoi scáth na hoíche Bhí oíche mhór againn: Dá fhaid é an lá tiocfaidh an tráthnóna Oíche aerach is maidin bhrónach Mol an lá um thráthnóna |
Céard is ainm duitse agus cad as duit agus cé leis a bhfuil tú ag craoladh? Domhnall Breatnach is ainm dom. Is as Port Láirge dom and táim ag craoladh le WLRFM. Cén difríocht is mó, dar leat, idir craoladh i nGaeilge agus i mBéarla? I ndáiríre, níl morán difríocht idir craoladh i nGaeilge and i mBéarla. Uaireanta, bíonn sé beagáinín níos deacra aíonna a fháil a bhfuil sásta an Ghaeilge a labhairt ar an raidió. Cé hé nó cé hí an t-aoi is mó a bhfuil fonn ort agallamh a chur air nó uirthi i nGaeilge? Tá an fonn orm agallamh a chur ar Oprah ach ní dóigh liom go bhfuil aon Gaeilge aici! Cé hé nó hí an t-aoi is fearr a bhí ar an gclár agat? Sin ceist deacair! Bíonn gach aoi a bhíonn ar an gclár thar barr! Céard é an clár raidió is fearr leatsa? Tá an suim agam i nuacht agus cúrsaí reatha. Mar sin, is brea liom cláir cosúil le Morning Ireland. Ach, taitnaíonn a lán cláir ceoil liom chomh maith. Céard é an spreagadh is mó duitse agus tú i mbun craolta? An lucht éisteachta iontach atá ag WLRFM!!! Bíonn Siamsa Sathairn le Domhnall Breathnach ar siúl gach Satharn idir 8-11i.n. ar wlrfm |
What's your name, where are you from and who are you broadcasting with? What is the biggest difference, do you think, between broadcasting in Irish and in English? To be honest there is little difference between broadcasting in Irish and in English. Sometimes it is a bit more difficult to find guests who are happy to speak Irish on the radio. Who is the person you would most like to interview in Irish?
What is your favourite radio programme? What is the biggest inspiration for you in your broadcasting? Domhnall Breathnach presents Siamsa Sathairn every Saturday between 8-11p.m. on WLRFM |
Seoladh Comórtas Réalt DJ |
Réalt DJ competition launched |
Tá Coimisiúin Craolacháin na hÉireann tar éis comórtas nua Réalta DJ 2007-2008 a sheoladh le déanaí. Is é seo ceathrú bliain an chomórtais a thugann deis do mhic léinn ollscoile duais taithí oibre trí seachtaine déag le stáisiúin raidió a bhaint amach. Tá ocht stáisiún raidió ag glacadh páirte sa chomórtas i mbliana agus tá sé i gceist go gcuirfidh gach iarrthóir clár raidió fiche nóiméad le chéile. Caithfidh gach iarrthóir ábhar agus formáid an chláir a roghnú agus a chur isteach chuig ceann de na stáisiúin raidió. Is iad na hocht stáisiún raidió atá ag glacadh páirte sa chomórtas i mbliana ná Beat 102-103 FM, Midlands 103FM, Mid-West Radio, Spin South West, Spin 1038, Tipp FM, Today FM agus WLR FM.
|
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has recently announced the launch of the Réalta DJ competition for 2007/2008. The competition, which is in its fourth year, provides a chance for a third level student to win a top prize of thirteen weeks work experience with a radio station. Eight radio stations, broadcasting nationally, regionally and locally are participating in this year’s competition which involves the compilation by students of a twenty minute radio programme in Irish. Entrants must decide on the content and format for the show and submit their CD to one of the participating stations. The eight stations taking part in this year’s competition are Beat 102-103 FM, Midlands 103FM, Mid-West Radio, Spin South West, Spin 1038, Tipp FM, Today FM and WLR FM. [Ar Lean] |
48,000 bronnta ag an CCÉ ar thrí thionscnamh taighde craoltóireachta |
BCI awards over 48,000 to three Broadcasting Research Projects |
Tá sé fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ) go mbronnfar Eur48,000 mar mhaoiniú do thrí thionscnamh taighde bunaithe ar na meáin agus taighde craoltóireachta. Tagann an maoiniú ón gCiste Maoinithe do Thaighde bunaithe ar na meáin a sholáthraíonn maoiniú ar a mhéid Eur16,000 gach bliain d’iarrthóirí le haghaidh tionscnamh taighde atá gearrthéarmach nó fadtéarmach. Is í an sprioc atá ag an Scéim ná maoiniú a thabhairt do thionscnaimh a chuirfidh an t-eolas is déanaí ar fáil mar gheall ar threocht úrnua in Éirinn agus thar lear agus a chuideoidh leis an gCoimisiún athruithe san earnáil a aithint roimh ré agus tacú le monatóireacht agus léirmheas a dhéanamh ar chleachtais agus ar bheartais an CCÉ. [Ar Lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has announced the award of Eur48,000 in funding to 3 individual projects in the area of media and broadcasting research.
|
Conradh nua sínithe le Limerick’s Live 95 Fm |
BCI Signs New Contract With Limerick’s Live 95fm |
D’fhógair Coimisiún Craolacháin na hÉireann inniu go bhfuil conradh nua deich mbliana sínithe acu le Treaty Radio Limited (ag trádáil mar Treaty Radio Ltd) chun seirbhís áitiúil chraoltóireachta fuaime a chur ar fáil do Chontae Luimnigh agus Chathair Luimnigh. [Ar Lean] |
The Broadcasting Commission of Ireland has today announced the signing of a ten-year contract with Treaty Radio Limited (trading as Limerick’s Live 95FM) to provide a local sound broadcasting service for Limerick City and County. [More] |
Sound and Vision: Scéim Um Maoiniú Craolacháin - glaoch ar Iarratais Teilifíse |
BCI Announces Details Of Fifth Funding Round Of 'Sound & Vision' For Television |
Tá Coimisiún Craolacháin na hÉireann ag cur tús lena chúigiú babhta de Fuaim agus Fís agus iarrtar iarratais ó dhéantóirí cláir (léitheoirí, daoine aonair agus/nó craoltóirí) do chláir teilifíse le Tá an scéim dírithe go sonrach ar thacú le cláir nua a léiriú a bhaineann le cultúr, le hoidhreacht agus le heispéireas na hÉireann don teilifís agus don raidió agus tá fógraí sna nuachtáin náisiúnta lena mbaineann. Cuireann an Scéim maoiniú ar fáil do chláir nua dírithe ar fheabhsú litearthachta d’aosaigh chomh maith. [Ar Lean]
|
The Broadcasting Commission of Ireland (BCI) has announced details of the fifth funding round of Sound & Vision, the Broadcasting Funding Scheme, for television. An advertisement in today’s national press will invite applications from programme makers for funding for new television programmes dealing with the themes of Irish culture, heritage and experience. The Sound & Vision scheme also provides funding for new programmes aimed at improving adult literacy. [Ar Lean] |
Fógraíonn an Ciste Craoltóireachta Gaeilge a gcinntí maoinithe is déanaí |
ILBF announces its latest funding decisions |
Mar thoradh ar an tríú babhta maoinithe sa bhliain 2007, tá lúcháir ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) a chinntí maoinithe is déanaí a fhógairt. Tá maoiniú tugtha do raon leathan clár arís a chuimsíonn cláir fhíorasacha agus shiamsaíochta, dráma, athleagan beochana agus na meáin nua. [Ar lean] |
As a result of its third funding round in 2007, the Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is pleased to announce its latest funding decisions. The ILBF has again funded a wide range of output including factual & light entertainment, drama, reversioned animation and digital media. [More] |
COGAR - Nuachtlitir CCÉ | BCI Newsletter
Curtha ar fáil ag Gaelport.com & Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Gaelport.com
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA NA GAEILGE
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Éire
www.gaelport.com
eolas@gaelport.com
T: +353-1-679 4780
F: +353-1-6790214
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
2-5 Warrington Place, Dublin 2.
www.bci.ie
info@bci.ie
T: +353 (0)1 676 0966.
F: +353 (0)1 676 0948
Is í an aidhm atá leis an nuachtlitir leictreonach mhiosúil, Cogar, ná abhar reatha áitiúl a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann atá i mbun Cogar.
The aim of this monthly electronic newsletter, Cogar, is to deliver local current content straight to those who are looking for it and to develop the use of Irish on the radio.
Cogar is an initiative of the Broadcasting Commission of Ireland and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
AISEOLAS / FEEDBACK: cogar@gaelport.com