Gaelport - Nuacht na Comdhála (Preas Ráitis) / Gaelport News (Press Releases)
Faigh Do Nuacht Ar Líne Le Gaelport.com
12test
wwww
Iarthuaisceart na hÉireann ar aire: Tá na filí ag teacht!
Beidh Cuairt na bhFílí Albanacha á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ón 20-25 Aibreán i mbliana.  Rachaidh na filí Albanacha go Gaoth Dobhair agus Oileán Thóraí, agus críochnóidh an Chuairt i mBaile Átha Cliath, le dhá oíche mhóra de cheol agus d’fhilíocht.
Ag tabhairt cuairte orainn i mbliana as Albain beidh na filí Aonghas MacNeacail agus Daibhidh Màrtainn, agus ina dteannta beidh an t-amhránaí Sìneag Nic an t-Saoir agus an ceoltóir Colla MacDhòmhnaill.
Beidh muintir Ghaoth Dobhair ag bailiú in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Dé Máirt 21 Aibreán chun bualadh leo agus sult a bhaint as an ócáid agus ag glacadh páirte sa tsiamsaíocht beidh filí áitiúla Máire Wren, Máirín Uí Fhearraigh, agus Colette Ní Ghallchóir, chomh maith leis an bpíobaire Ciarán Mac Fheilimidhe.
Tar éis do na cuairteoirí craic a bheith acu i dteannta Rí Oileán Thóraí Patsy Dan Mac Ruaidhrí agus muintir oileán Thóraí sa chlub sóisialta ar an gCéadaoin 22 rachaidh an grúpa ar aghaidh go Baile Átha Cliath don dara leath den chamchuairt. Is i gcoláiste na Tríonóide a thosóidh an Fhéile i mBaile Átha Cliath sa séipéal gleoite ansiúd ar an Déardaoin 23 Aibreán.
Beidh na filí cáiliúla Celia de Fréine agus Aifric Mac Aodha i láthair chun bualadh leis na cuairteoirí agus chun cuid dá saothar féin a léamh dúinn.
Críochnóidh an fhéile in íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge áit a mbeidh an chraobh cheannais de Chomórtas filíochta An Chuairt ar siúl. Beidh seans ag na húdair a bhain amach an gearrliosta a ndánta a léamh ar an oíche agus beidh an file clúiteach Áine Ní Ghlinn ann ar an oíche agus í ag déanamh moltóireachta ar an gcomórtas i gcompháirt leis an fhile Albanach Aonghas MacNeacail . Bígí ann!
Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í An Chuairt.  Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar an gCuairt, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe ón dá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile.
I measc na bhfilí agus na gceoltóirí mór le rá a ghlac páirt sa Chuairt cheana bhí Somhairle MacGill Eain, Cairstíona Primrose, agus Floraidh Nic Neill.
I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an gcuairt go hAlbain, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Colm Breathnach, Louis de Paor, Máiréad Ní Mhaonaigh, Seosamh Mac an Iomaire, Lasairfhíona Ní Chonaola, Bríd Ní Mhóráin agus Cathal Ó Searcaigh.
Tá tuilleadh eolais faoi Chuairt na bhFilí Albanacha le fáil ar www.gaelport.com, nó is féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin, ag 01 679 4780, nó sile@comhdhail.ie.
Ar Scáth a Chéile agus Scaip an Scéal
‘Ar Scáth a Chéile’ a tugtar ar an tsraith seimineár atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi láthair chun deiseanna comhoibriúcháin idir na heagraíochtaí Gaeilge timpeall na tíre a aimsiú agus a thapú.
Reáchtáladh an chéad seimineár den chineál seo i mí Feabhra, áit ar labhair ceannasaithe na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe faoin gclár oibre agus mórspriocanna na n-eagraíochtaí don bhliain romhainn, agus áit ar pléadh an comhoibriú atá á dhéanamh i láthair na huaire chomh maith leis na deiseanna comhoibriúcháin ar féidir iad a thapú, faoi chathaoirleacht an Dr. Helen Ó Murchú.
Cuirtear béim sa tsraith seimineár seo ar an tábhacht a bhaineann le bheith ag obair i dtreo fís iomlán don earnáil chun fadhbanna na hearnála a réiteach, seachas ligean do na fadhbanna reatha an earnáil a threorú, chomh maith leis na bealaí ar féidir leis an earnáil breis eifeachtúlachta ar níos lú airgid a bhaint amach le líon laghdaithe foirne.
Um thráthnóna ar an lá céanna, reáchtálfar seimineár caidrimh phoiblí, ‘Scaip an Scéal’.  Labhróidh Kevin De Barra, Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí na Comhdhála, ar na scileanna praiticiúla caidrimh phoiblí, agus conas is fearr d’eagraíocht a chur chun cinn sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus sna meáin chumarsáide Bhéarla.
Ina dhiaidh sin, beidh plé oscailte ar na meáin chumarsáide in Éirinn, le painéal d’aoichainteoirí ó na meáin chumarsáide faoi chathaoirleacht Ghormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir an chláir Adhmhaidin, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Ar an bpainéal seo, beidh Harry McGee, iriseoir leis an Irish Times, Sinéad Crowley, Iriseoir le RTÉ News, agus Pádraic Ó Ciardha, Leascheanasaí TG4 i measc aíonna eile.
Beidh an seimineár caidrimh phoiblí oscailte do na heagraíochtaí ar fad atá ag plé le cur chun cinn na Gaeilge, ach caithfear clárú roimh ré chun d’áit a chur in áirithe.  Is féidir tuilleadh eolais faoin seimineár seo a fháil ar http://www.gaelport.com/ar-scath-a-cheile, trí ghlaoch a chur ag 01 679 4780 nó ríomphost a sheoladh chuig eolas@gaelport.com
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2008 Oifig an Choimisinéara Teanga.
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2008 Oifig an Choimisinéara Teanga.
Is ábhar dóchais é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil lán-mhuinín léirithe ag pobal na Gaeilge in Oifig an Choimisinéara Teanga arís i mbliana le beagnach 600 gearán nua déanta leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge le linn na bliana 2008.
Ábhar misnigh do phobal na Gaeilge go léirítear sa tuarascáil an dúthracht a chaitheann Oifig an Choimisinéara le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus le cosaint cearta cainteoirí Gaeilge.  Léirítear seo trí líon na n-imscrúduithe a thug an Coimisinéir fúthu agus faoin monatóireacht leanúnach atá ar siúl ar fheidhmiú na Scéimeanna Teanga atá daingnithe.
Ábhar imní é áfach do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go raibh ar an gCoimisinéir a chur in iúl don Roinn Gnóthaí Pobal Tuaithe agus Gaeltachta (an Roinn go bhfuil cúram ar leith uirthi i leith an Achta) gur chreid sé "Go raibh folús á chruthú nach raibh ag teacht le forálacha an Achta ná leis na rialacháin reachtúla a rinneadh faoin Acht."
Is faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an dea-shampla a léiriú i dtaobh a díograis i leith an Achta, ní hamháin don phobal ach don 650 comhlacht poiblí atá ag breathnú ina treo don dea-shampla céanna.
Dúirt Leas-Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh, "Tá an chuma ar an scéal go bhfuil An tAire agus a Roinn ag tarraingt na gcos maidir le daingniú na scéimeanna reachtúla faoin Acht.  Tá críoch tagtha ar chéad scéim na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó dheireadh Mheán Fómhair 2007 agus tá comhlachtaí poiblí gur iarr an tAire orthu dréacht-scéim a ullmhú ag fanacht ó mhí Iúil 2006, rud atá scannalach amach is amach."
"Mura bhfuil an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, in ann a theach féin a chur ina cheart cén mhaith a bheith ag súil go mbeidh comhlachtaí poiblí eile tiomanta d’fheidhmiú an Achta agus seirbhís trí Ghaeilge mar ba chóir a chur ar fáil do phobal Gaeilge na tíre," a deir Ó Ceithearnaigh.
Iarrann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dara scéim a Roinn féin a dhaingniú láithreach agus gach scéim eile atá ag seasamh amach le bheith daingnithe a dhaingniú faoin 14 Iúil 2009, dáta go mbeidh an tAcht ann ar feadh sé bliana go díreach.
An Duais mhór buaite ag léachtóir Ollscoile
Ar Dé hAoine, 24 Aibreán in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, léigh an t-ochtar a bhain an babhta ceannais amach a ndán, agus rinne na filí clúiteacha Áine Ní Ghlinn agus Aonghas Mac Neacail, moltóireacht ar an gcomórtas.
Ba €500 a bhí ar an gcéad duais, agus go bhfoilseofar an dán in EOLAS, nuachtlitir na Comhdhála agus san iris Comhar.
Is iad seo a leanas a bhain áit amach sa chraobh ceannais:
1. Antain Mac Lochlainn - Cúlú
2. Ailbhe Ní Ghearbhuigh - Mac Leanna
3. Labhrás O Finneadha - Bás Mhaitias
4. Tadhg O Dúshláine - An Duais
5. Caitríona Ní Mhurchú - Ar an mBuailtín
6. Aifric Mac Aodha - Leithscéal
7. Catríona Ní Chleircín - Droim Searc
8. Rody Gormon – Duais
Dar leis na moltóirí go raibh caighdeán na ndánta a léadh ar an oíche thar cionn, agus ba deacair dóibh aon fhile amháin a roghnú. I ndiaidh dóibh na dánta ar fad a phléigh, ba é an dán ‘An Duais’ a roghnaíodh mar an dán buacach, a bhí scríofa ag an bhfile Éireannach Tadhg Ó Dúshláine.  Ba dán é ‘An Duais’ a rinne cur síos ar shaol a aintín Caitlín agus na cuimhní a bhí aige uirthi.
Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í An Chuairt, atá á reachtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 1971, áit a dhéantar malartú cultúrtha idir Éireann agus Albain, ach ba é seo an dara bliain a eagraíodh an comórtas seo.
Deir Síle Ní Chatháin, Feidhmeannach le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, "De bharr an méid suime a léiríodh sa chomórtas i mbliana, le níos mó ná trí scór iontráil, beimid ag súil leis an gcomórtas seo a reáchtáil ar bhonn bhliantúil."
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomórtas seo, s féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin, 01 679 47 80, sile@comhdhail.ie
Foilsithe i Cogar, an nuachtlitir leicrtreonach do chraoltóirí raidió, Bealtaine 2009
Ráiteas Tacaíochta ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge do FOINSE
Is mise le meas,
Pádraig Mac Criostail
Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge díomách nach gcuirfear tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge i bhfeidhm.
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú thuarascáil an Bord Snip Nua
Cruinniú éigeandála tionólta ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta
D’aithin an cruinniú go bhfuil staid eacnamaíochta na tíre faoi bhrú mór i láthair na huaire, agus go bhfuil gá le beartais chiallmhara chomhtháite i réimsí caiteachais, cánachais, fostaíochta, agus forbartha geilleagraí. Chomh maith lena stádas bunreachtúil agus dlíthiúil, tá tábhacht le Gaeilge i gcothú na dlúthpháirtíochta sóisialta, agus bheimis ag súil nach nglacfadh an Rialtas aon chinntí in aghaidh na géarchéime a dhéanfadh dochar fadtéarmach don Ghaeilge, don Ghaeltacht, ná don dlúthpháirtíocht sin.Éilíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Taoiseach agus ar an Rialtas gan aon cheann de mholtaí an Bhoird Snip Nua a bhaineann leis an nGaeilge a chur i bhfeidhm, sula leagfar amach an straitéis 20 bliain don teanga atá le foilsiú i mí Mheán Fómhair.   Molann na heagraíochtaí Gaeilge go láidir don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., cruinniú d’Fhóram na Gaeilge a thionól a luaithe agus is féidir chun moltaí an Bhoird Snip Nua i dtaobh na Gaeilge agus na himpleachtaí sochtheangeolaíochta a bhaineann leo a mheas.  Is tionól é Fóram na Gaeilge atá comhdhéanta de na Ranna Stáit ábhartha, eagraíochtaí a bhfuil baint lárnach acu le ceist na Gaeilge, agus an earnáil dheonach chun comhairle a chur ar an Aire i dtaobh na Gaeilge.Tá luaite ag an Aire Ó Cuív sna meáin chumarsáide le déanaí go mbeidh athstruchtúrú le déanamh ar earnáil na Gaeilge chun an plean straitéiseach 20 bliain a chur i bhfeidhm.  Ag labhairt tar éis an chruinnithe inné, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur “gá don Aire dul i gcomhar leis na heagraíochtaí deonacha chun na moltaí struchtúrtha sa straitéis fiche bliain a phlé, ionas gur féidir tús a chur leis na bealaí is fearr agus is praiticiúla chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sin.”
350 Dalta ag plé ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Cois Laoi
láithreoir ‘Paisean Faisean’ Bláthnaid Ní Dhonnchadha, chomh maith leis
Shúilleabháin, faoina ról mar Fheidhmeannach Tograí le Comhdháil
Cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus ghlac siad páirt i
Bronnadh duais do chúrsa samhraidh i gColáiste Gael Linn ar Danielle Ní
hAodha, ó Phobalscoil Bhaile an Chollaig as an gceist is fearr a chur.
Labhair na haoichainteoirí go spreagúil, spleodrach, agus bhí an-spéis
ag an lucht éisteachta ina bhí le rá acu, agus iad ag roghnú a
institiúidí tríú leibhéal chomh maith, chun eolas a thabhairt do na
daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na
www.gaelport.com.
Tá pictiúirí ar ardchaighdeán le híoslódáil ag na naisc thíos.
Pictiúr 1: Sinéad Ní Loideáin TG4, Tomás Mac Gearailt, Litríocht.com agus Bláthnaid Ní Dhonnchadha TG4 a bhí ag plé Buntáiste Breise na Gaeilge i gCorcaigh.
Pictiúr 2: Síne Nic an Ailí, Conradh na Gaeilge, Niamh Ní Shúilleabháin, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Áine Ní Shléibhín ó Gael Taca a bhí ag plé Buntáiste Breise na Gaeilge i gCorcaigh.
asdfasdf
sdaf sadf asdf sadf asdf
Am cinniúnach don Ghaeilge
Dar le Ó Cuív go mbeidh an Straitéis ina ‘léarscáil bóthair’ don Ghaeilge don fiche bliain romhainn, agus go mbeidh an Rialtas ag díriú ar an bpleanáil fad-téarmach don Ghaeilge a dteastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an ollsprioc, go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann fiche bliain.
Ar dhuine de phríomhchainteoirí an Tóstail bhí an tOllamh Colin Williams, ó Ollscoil Cardiff sa Bhreatain Bheag.  Thug an tOllamh Williams léargas ar straitéis teanga náisiúnta na Breataine Bige, Iaith Pawb. Luaigh Williams gur trí reachtaíocht, tionscnaimh oideachasúla agus cur chun cinn na teanga sa phobal a bhí i gceist ollsprioc na straitéise – líon na gcainteoirí laethúla Breatnaise a mhéadú de 5% faoin bhliain 2011 – a bhaint amach.
I seisiúin eile, tugadh cuntas ar thaighde comparáideach ar chur i bhfeidhm reachtaíocht teanga agus ar mhodhanna measúnaithe chuige sin, scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ina measc.  Phléigh an Dr Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin ‘Mionteanga agus Mórtheanga i Ré na Straitéise 20 Bliain’.  Dhírigh cainteoirí eile ar cheist na hinmharthanachta sa Straitéis, chomh maith le réaltacht agus idé-eolaíocht an dátheangachais sna ceantair Ghaeltachta. Tugadh léiriú spéisiúil ar an nGaeilge laghdaithe atá ag teacht chun cinn i nGaeltacht an lae inniu.  Aithníodh na deacrachtaí a bhaineann leis an Straitéis agus tugadh moltaí maidir le cuid na Gaeltachta den Straitéis.
Bhí painéal d’aoichainteoirí aitheanta i láthair chun ceisteanna a fhreagairt ón urlár maidir le tosaíochtaí chur chun cinn na Gaeilge sa tréimhse romhainn.  Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar chathaoirleach ar an seisiún seo, agus i measc na gcainteoirí ar an bpainéal bhí: An Seanadóir Labhrás Ó Murchú; Leas-urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Dinny McGinley, TD; hUrlabhraí ar Ghnóthaí Eachtracha do Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, TD. chomh maith le léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh, an Dr Conchúr Ó Giollagáin agus Donncha Ó hÉallaithe, taighdeoir agus gníomhaire pobail.
Ag caint ag Tóstal na Gaeilge dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, go bhfuil súil aige ‘gur fiche bliain fáis a bhéas i dtréimhse na Straitéise a thabharfaidh muid ar an aistear fada “Ó Aidhm go Feidhm”.
Ina hachoimre ag deireadh an Tóstail, mheabhraigh an Dr. Helen Ó Murchú do na rannpháirtithe tábhacht a ndúirt an tAire Ó Cuív – gur fúinne a bhí cineál na sochaí a athmhúnláil agus a athchruthú chun leasa an phobail i gcoitinne. Dar léi, is i dteannta a chéile, áfach, a chaithfear sin a dhéanamh. Ionadaithe Stáit, forais leathstáit, an earnáil dheonach Ghaeilge agus pobail na Gaeilge ag pleanáil agus ag saothrú mar chomhpháirtnéirí i bhfiontar na teanga d’fhonn an Straitéis 20 Bliain a fhíorú.
Beidh físeán d’imeachtaí uile an Tóstail ar fáil ar líne ag www.tostal.ie gan mhoill.
An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, leis an Dr Helen Ó Murchú, Cathaoirleach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála ag oscailt oifigiúil Thóstal na Gaeilge 2010
Gaelport.com ar an ngearrliosta do Ghradam Net Visionary
Is iad na ceithre láithreán gréasáin eile a bheidh in iomaíocht le Gaelport.com, don ghradam iomráiteach seo ná DSPCA, KildareStreet.com, Gaelick, agus DIT Hothouse.
Ag labhairt dó faoin ainmniúcháin, dúirt Kevin De Barra, Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí na Comhdhála, gur “cúis ríméad d’fhoireann uile Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur ainmníodh an láithreán Gaelport.com ar ghearrliosta na ngradam seo i mbliana, léiríonn seo an obair ar fad atá curtha isteach ag foireann na Comhdhála sa togra seo, agus is ábhar spreagtha don todhchaí é gan amhras”.
Tá tuilleadh eolais faoi na gradaim ar fáil ar an suíomh gréasáin www.iia.ie
Cuairt ón Aire Carey, TD ar Chruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge, agus tá sí comhdhéanta faoi láthair de 24 balleagraíocht, ó mhór-réimsí uile na hearnála timpeall na tíre.
Thug ionadaithe ó bhalleagraíochtaí na Comhdhála léiriú don Aire ar a gcuid oibre, chomh maith leis na deiseanna agus na dúshláin atá rompu.  Ag éirí as léiriú na n-eagras, lean plé leathan ar obair na hearnála agus na deacrachtaí i láthair na huaire a bhaineann le héiginnteacht mhaoinithe.
Luaigh Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Dr Helen Ó Murchú, go raibh flosc chun athraithe léirithe ag an earnáil, agus í réidh chun cabhrú le Straitéis Fiche Bliain Don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais a chur i bhfeidhm, ach go raibh an comhthéacs ag athrú go síoraí, agus gur theastaigh cinnteacht ón earnáil i dtaobh a todhchaí.
Labhair an tAire Carey ar thábhacht na hearnála deonaí i gcoitinne agus thug sé ardmholadh d’earnáil dheonach na Gaeilge de bharr an oiread dul chun cinn atá á dhéanamh ar bhonn leanúnach acu i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge agus an fhorbairt atá tagtha ar sheirbhísí Gaeilge.
Ag labhairt dó ar thodhchaí na teanga, dúirt an tAire, “Tá Straitéis fadtéarmach ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach sa Straitéis sin, agus beidh an Rialtas ag brath ar pháirtnéireachtaí le hearnáil na Gaeilge chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun na Straitéise a chur i gcrích”.
Bhronn an tUachtarán tuairisc ar an Aire ar obair bhalleagraíochtaí na Comhdhála, agus bhronn Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail, Fáinne Óir ar an Aire, mar aitheantas ar an tacaíocht a thugann an tAire Carey do chur chun cinn na Gaeilge.
©Foilsithe ar Gaelport.com 2 Meán Fómhair, 2010.
***Tá grianghraif ar ardchaighdeán ón ócáid seo ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaelport.com***
An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD, i láthair ag Cruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an 01 Meán Fómhair 2010.
An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD, Helen Ó Murchú, Uachtarán agus Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Fáinne óir á bhronnadh ar an Aire Carey, TD, ag Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
An tAire Carey le roinnt d'ionadaithe ó Bhalleagraíochtaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag cruinniú a tionóladh aréir, 01 Meán Fómhair 2010.
Gradam Idirlín na hÉireann buaite ag Gaelport.com
Tá tuilleadh eolais faoi na catagóirí eile de chuid Ghradaim Idirlín na hÉireann ar fáil ag www.webawards.ie.
Bhuaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gradam don Suíomh Gaeilge is Fearr ag Gradaim Idirlín na hÉireann 2010.
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge
Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil.  Léiríonn an Straitéis nua tiomantas an Rialtais i dtaobh na teanga, agus a fhís fhadtéarmach ina leith, le cuspóirí sainithe soiléire leagtha amach sa Straitéis.  Is gá tógáil anois ar na gealltanais atá luaite sa Straitéis agus plean feidhmithe a chur i dtoll a chéile, d’fhonn na spriocanna céimnithe atá leagtha síos sa Straitéis a bhaint amach.
Ag fáiltiú dó don Straitéis deir Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála: “Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ullamh chun ról gníomhach a ghlacadh i gcomhar le hearnáil dheonach na Gaeilge, chun Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge a fheidhmiú”.
Gaelport.com Ainmnithe do Ghradaim na Meán Digiteach
Tá na gradaim seo ar an bhfód ó bhí 2003 ann, agus cuireadh tús leo chun aitheantas a thabhairt d’earnáil na meán digiteach in Éirinn. Dearadh na gradaim chun sárchaighdeán obair sna meáin dhigiteacha in Éirinn a thabhairt chun solais, agus tugann na gradaim ardán d’obair chomhlachtaí, institiúidí agus eagraíochtaí i réimse leathan de chatagóirí.
Is cúis mhór áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil an láithreán gréasáin, www.gaelport.com, ainmnithe in dhá chatagóir éagsúil de na gradaim seo, is iad sin ‘Tionchar Sóisialta Is Fearr’, agus ‘Nuacht Ar Líne Is Fearr’.
Is é Gaelport.com príomhshuíomh eolais na Gaeilge.  Ar an láithreán gréasáin seo,  bíonn an nuacht is déanaí mar a bhaineann sé leis an nGaeilge chomh maith le cúrsaí reatha, cúrsaí oiliúna, imeachtaí, folúntais san earnáil agus fógraí poiblí.
Scaiptear nuachtlitir leictreonach ar shíntiúsóirí gach coicís. Is é ‘Eolas’ an teideal atá ar an nuachtlitir ildaite chuimsitheach seo a scaiptear saor in aisce chuig breis agus 6,700 síntiúsóir gach dara Máirt.  Leis an tseirbhís ‘As na Nuachtáin’, déanann foireann na Comhdhála mionscagadh ar na nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha gach lá, agus scaiptear scéalta a bhaineann le hearnáil na Gaeilge orthu siúd atá cláraithe i gcomhair na seirbhíse.
Tá líon na gcuairteoirí ag fás in aghaidh na míosa ar Gaelport.com, agus sa bhliain 2010 thug os cionn 2,000,000 cuairteoir aonaránach cuairt ar an suíomh, cuairteoirí iad seo as Éirinn agus ar fud na cruinne.  Sa bhliain 2010, ainmníodh Gaelport.com ar ‘An Láithreán Gaeilge is Fearr’ ag Gradaim Idirlín na hÉireann.
Bronnfar Gradaim na Meán Digiteach anocht (11 Feabhra 2011), ag ócáid speisialta agus i láthair ag an ócáid bhronnta beidh an t-iriseoir agus an craoltóir Mark Little mar fhear an tí.  Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na gradaim ar fáil ag http://www.digitalmedia.ie/awards.html.   Chun tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar Gaelport.com agus na seirbhísí a bhíonn á soláthar ann seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com.
Tá Gaelport.com maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Foilsithe ar Gaelport.com 11 Feabhra 2011
Ceist na Gaeilge le tabhairt san áireamh i gClár an Rialtais 2011-2016
Anois agus torthaí an Olltoghcháin fógartha i mbeagnach gach dáilcheantar timpeall na tíre faoin tráth seo, bunófar Rialtas nua gan mhoill, beidh Clár an Rialtais sin le daingniú, agus beidh an Chomhdháil ag déanamh cinnte go dtabharfar aird chuí ar cheist na Gaeilge sa Chlár Rialtais sin.
Bhí feachtas réamhthoghchánaíochta na Comhdhála bunaithe ar cheithre mhórphrionsabail: Tábhacht na Gaeilge dár bhféiniúlacht náisiúnta; Stádas na Gaeilge a chosaint agus a neartú; An Ghaeilge a chothú mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; agus ceart gach saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá saol.
Chuir an Chomhdháil liosta d’éilimh faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta, agus faoi bhráid gach iarrthóir neamhspleách roimh an toghchán, agus beidh an Chomhdháil ag oibriú go dian dícheallach sna seachtainí romhainn chun a chinntiú go dtabharfar gach ceann de na 10 n-éileamh seo san áireamh agus Clár an Rialtais 2011-2016 á bheartú.
Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Teastaíonn ón gComhdháil go mbeidh pé polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Rachaimid i dteagmháil le gach ball den Rialtas nua nó go ndéanfaimid cinnte de go nglacfar le gach ceann dár n-éileamh don Ghaeilge i gClar an Rialtais 2011-2016”.
© Gaelport.com 01 Márta 2011
Seo chugainn na Filí – Cuairt na bhFilí Albanacha 2011
I mbliana beidh na filí Albanacha Niall O’Gallagher as Glaschú, Maoilios Caimbeul ón Eilean Sgìtheanach, an t-amhránaí Fiona Dunn, atá ina hOifigeach na Gàidhlig in Ollscoil Ghlaschú agus an gceoltóir Dòmhnall MacDhòmhnaill ó Benbecula ar chósta thiar na hAlban ag tabhairt cuairte ar an tír seo i gcomhar Chuairt na bhfilí Albanacha 2011.
Beidh An Chuairt ar siúl ón 5-8 Aibreán agus is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i  mBéal Feirste a thosóidh an scléip i mbliana ag ócáid chultúrtha ar an Máirt, 5 Aibreán @ 7.30pm. Beidh oíche mhór chultúrtha i gceist le filí agus le ceoltóirí agus beidh aíonna speisialta ón gceantar áitiúil, an file Fionnghuala Ní Mhealláin, agus an cláirseoir Cathy Potter i láthair ar an oíche chomh maith.
I ndiaidh na filíochta agus na siamsaíochta sa tuaisceart rachaidh an grúpa ar aghaidh chuig Ráth Chairn glas na Mí, áit a mbeidh ócáid á reáchtáil in Áras Pobail Ráth Chairn i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn ar an 6 Aibreán @ 9pm. Tá míle fáilte roimh scoth na bhfilí, ceoltóirí agus damhsóirí áitiúla a bheith i láthair chun fáilte a chur roimh na filí Albanacha.  Beidh Fáilte Uí Cheallaigh roimh fhilí áitiúla píosaí filíochta a léamh ag an seisiún maidhc oscailte seo ar an oíche chomh maith.  Le linn na cuairte, tabharfar cuairt freisin ar Choláiste Feirste agus ar Choláiste Pobail Ráth Chairn, chun blaiseadh de theanga, d’fhilíocht, de cheol agus de chultúr na hAlban a roinnt le daltaí na scoileanna sin.
Is i gCois Teallaigh i Sráid Chill Dara a bheidh an oíche dheireadh de Chuairt na bhFilí Albanacha na bliana seo, áit a mbeidh an chraobh ceannais den chomórtas filíochta ‘Comórtas Uí Néill’ ar siúl ar Déardaoin 7 Aibreán. Comórtas filíochta dátheangach é seo ata ainmnithe in ómós Col. Eoghan Ó Néill, duine de bhunaitheoirí na féile seo, atá ar an bhfód le hos cionn 40 bliaina.
Is iad seo a leanas na filí a bhain amach an gearrliosta agus a bheidh ag léamh a gcuid dánta ar an oíche:
1. Sólas – Doireann Ní Ghríofa
2. Gort an Óir – Seán Breathnach
3. Ceangal na cúig gcaol – Seán Ó Muireagáin
4. Díosgán – Rody Gorman
5. Irrintiza – Ailbhe Ní Ghearbhuigh
6. Míol mór Bhreandáin – Proinsias Mac a’ Bhaird
7. Lúb ar lár – Máire Wren
8. Maidin Geimhridh – Fionnuala Ní Mhealláin
Beidh na filí clúiteacha Máire Holmes, agus Maoilios Caimbeul i láthair mar mholtóirí ar an oíche chun an cinneadh mór a dhéanamh agus an duais a bhronnadh ar an bhfile a scríobh an dán buacach.
I mbliana beidh duais de €500 agus Trófaí Uí Néill 2011 á bhronnadh ar an mbuaiteoir agus ní hamháin sin ach foilseofar an dán buacach san irisleabhar Comhar agus i nuachtlitir na Comhdhála, ‘EOLAS’.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gCuairt nó faoi Chomórtas Uí Neill is féidir teagmháil a dhéanamh le Máire Ní Phuirséil ag 01 6794780 nó ag maire@Comhdhail.ie.
Sa phictiúr tá Shona Masson a ghlac páirt i gCuairt na bhFilí Albanacha 2010.
© Foilsithe ar Gaelport.com 01.04.2011
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh chinntí an Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030
Ag labhairt faoi chinntí an Rialtais a d’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Fáiltíonn An Chomhdháil roimh chinneadh an Rialtais na ceantair Ghaeltachta a shainmhíniú bunaithe ar chritéir theangeolaíocha.  Cuirfidh an Chomhdháil pé cúnamh ar féidir léi ar fáil do phobail Ghaeltachta chun iad a chumasú chun tabhairt faoi phleananna teanga straitéiseacha a ullmhú agus a fheidhmiú a bheidh pobalbhunaithe”.
Bronnfar stádas reachtúil anois ar chineál nua ceantair, ‘Gaeltacht Gréasáin’ a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reatha.  Tabharfar stádas reachtúil freisin do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, is iad sin, bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.
Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Is céim mhór chun cinn atá glactha ag an Rialtas an tseachtain seo, maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.  Tá An Chomhdháil ullamh chun oibriú i gcomhar leis na háisíneachtaí stáit éagsúla, le pobail na Gaeltachta, agus le pobail eile na tíre chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm”.
© Gaelport.com 03 Meitheamh 2011
Fáiltíonn An Chomhdháil roimh “mholtaí praiticiúla ciallmhara” an Choimisinéara Teanga
Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.  Faoin Acht cuirtear dualgas reachtúil ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar  ‘scéim’ a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist.
Tharraing an Chomhdháil aird in 2009 ar dheacrachtaí a bhain le comhlachtaí poiblí a bhí ag tarraingt na gcos maidir le daingniú na scéimeanna reachtúla faoin Acht.  Is léir ó thuairisc reatha an Choimisinéara go bhfuil deacrachtaí leanúnacha ag teacht chun solais maidir le feidhmiú na scéimeanna sin toisc an mhoill a bhaineann le daingniú scéimeanna teanga.  Is gá breathnú go géar ar bhealaí nua chun aidhmeanna an Achta a chomhlíonadh, lena n-áirítear rangú ar chomhlachtaí poiblí mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga.
Is ábhar dóchais é don Chomhdháil go bhfuil forálacha an Achta a bhaineann le cumarsáid i nGaeilge agus na rialacháin a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla i stáiseanóireacht agus i gcomharthaíocht na n-eagras stáit á gcur i bhfeidhm go héifeachtach.
Ábhar díomá é áfach don Chomhdháil gurbh gá don Choimisinéir Teanga dhá thuarascáil speisialta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais le déanaí maidir le cásanna inar theip ar Chomhlachtaí Poiblí moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm tar éis dóibh a ndualgais reachtúla teanga a shárú.
Fáiltíonn an Chomhdháil le moladh an Choimisinéara maidir le polasaí earcaíochta a cheapadh don státchóras a thabharfadh aitheantas dáiríre d’inniúlacht in dhá theanga oifigiúla an Stáit.  Ag labhairt dó faoi thuairisc an Choimisinéara dúirt Kevin De Barra, Rúnaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Tá moltaí praiticiúla ciallmhara curtha ar fáil ag an gCoimisinéir Teanga, agus má leantar iad, cuirfear seirbhísí breise ar fáil trí Ghaeilge, a chinnteoidh an luach ar airgead is fearr do gach saoránach agus le himeacht ama sábhálfar airgead ar an Stát.  Impímid ar an Rialtas tabhairt faoin athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla gan mhoill chun cinntiú go neartófar na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil”.
Foilsithe ar Gaelport.com 05 Iúil 2011
An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha
Déanfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge sraith de sheimineáir phoiblí a reáchtáil sna míonna romhainn, i trí cheantar uirbeach, chun pobail na gceantar sin a chur ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, agus chun plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach.
“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar an tsraith seimineár seo, agus is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.
Labhróidh Liam P. Ó Murcú, ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, faoin dea-chleachtas pleanála teanga i gceantar uirbeach, agus tabharfaidh ionadaí ón  Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gnóthaí Gaeltachta léargas ar na riachtanais pleanála teanga sa cheantar áitiúil, mar a shonraítear iad faoin Straitéis.
Pléifidh Liam Ó Rinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG), agus Jerry Ahern, Cathaoirleach Chraobh Niall Uí Chathasaigh de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), na bealaí ar féidir leis an CLG agus CCÉ an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.
Mar aon leis na haoichainteoirí thuas, beidh ionadaithe ón gComhairle Cathrach chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge atá an-ghníomhach sa cheantar ar nós Gael-Taca agus Cumann na bhFiann ag tabhairt léargais ar a gcláir oibre féin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge i gCathair agus i gContae Chorcaí sna blianta romhainn.  Tabharfar léargas ar na tionscadail atá á bhforbairt cheana féin chun cabhrú i dtreo ghealltanais na Straitéise a chomhlíonadh.
Ag caint faoin tsraith seimineár, deir Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is í aidhm na seimineár poiblí ná eolas faoi dheiseanna cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar bhonn comhtháite a scaipeadh ar mhuintir an cheantair d’fhonn gréasáin Gaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt.  Ionas go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, is cinnte gur gá go leor daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge.  Cuirfear fearadh na fáilte roimh gach uile duine chuig an seimineár, agus reáchtálfar an seimineár go hiomlán dátheangach chun an freastal is fearr a dhéanamh ar an líon is mó daoine”.
Tá cead isteach chuig an seimineár saor in aisce, ach iarrtar ar dhaoine clárú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig Cillian de Búrca, cillian@comhdhail.ie.
Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i  nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.
Foilsithe ar Gaelport.com 13.09.11
Gradam Idirlín na hÉireann buaite arís ag Gaelport.com
Bhí iomaíocht ghéar idir scoth na láithreán gréasáin sa chatagóir seo de chuid Ghradaim Idirlín na hÉireann.  Is iad na láithreán gréasáin eile a bhí ar an ngearrliosta sa chatagóir seo ná: Foinse.ie, Raidio Rí-Rá, Lurgan.biz, cic.ie, Cailíndeas.ie  nuacht24.com; gaelsceal.ie agus nós Mag.
I measc na  seirbhísí eolais a bhíonn le fáil ar Gaelport.com tá seirbhís ar a dtugtar As Na Nuachtáin.  Déanann foireann na Comhdhála mionscagadh ar na nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha gach lá, agus scaiptear scéalta a bhaineann le hearnáil na Gaeilge orthu siúd atá cláraithe i gcomhair na seirbhíse.
Déantar nuacht na hearnála Gaeilge a uasdátú go laethúil, leis na scéalta is úire le fáil ar an bpríomhleathanach www.gaelport.com, nó ar shruth RSS.  Tá féilire le fáil chomh maith ar an suíomh a dhéanann cur síos ar na himeachtaí Gaelacha a mbeidh ar siúl go luath.  Déantar folúntais reatha in earnáil na Gaeilge a fhógairt go rialta ar shuíomh Gaelport.com.  Scaiptear nuachtlitir leictreonach na Comhdhála, EOLAS, gach coicís, le mórscéalta na Gaeilge, imeachtaí, folúntais, cúrsaí oiliúna, foilseacháin nua agus eolas faoi chúrsaí mionteangacha.
Ag labhairt di ag ócáid bhronnta na ngradam, dúirt Niamh Ní Shúilleabháin, Feidhmeannach Tionscadail le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil “an-áthas ar fhoireann na Comhdhála an duais iomráiteach seo a bhuachan don dara bliain as a chéile, agus cinnte is ábhar spreagtha seo dúinn don todhchaí!  Is iontach an rud é go bhfuil an oiread tóra ar sheirbhísí eolais na Comhdhála faoi láthair, agus go bhfuil aitheantas á thabhairt do Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, ag na gradaim idirlín is iomráití sa tír.”
Tá tuilleadh eolais faoi na catagóirí eile de chuid Ghradaim Idirlín na hÉireann ar fáil ag www.webawards.ie.
Niamh Ní Shúilleabháin agus Kevin De Barra, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag glacadh le Gradam Idirlín na hÉireann 2011 don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuaigh Gaelport.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com ar 24 Deireadh Fómhair 2011
Tacaíocht léirithe ag iarrthóirí na hUachtaránachta don Ghaeilge
Bhailigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge síniú ó gach aon iarrthóir, agus sa litir d’aithin na hiarrthóirí tábhacht na Gaeilge d’fhéiniúlacht na tíre agus an ról tábhachtach atá ag Oifig an Uachtaráin i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge agus todhchaí na teanga dá réir.
Gheall gach iarrthóir sa chás go dtoghfaí iad mar Uachtarán na hÉireann go gcomhlíonfadh siad na gealltanais thíos:
a.       Tabharfaidh mé gach tacaíocht ar féidir liom don Ghaeilge mar phríomhtheanga náisiúnta na hÉireann.
b.      Bainfidh mé úsáid as an nGaeilge oiread is ar féidir liom i gcomhlíonadh mo dhualgais mar Uachtarán, agus ag ócáidí poiblí i gcéin agus i gcóngar.
c.       Tabharfaidh mé gach cosaint do stádas na Gaeilge mar atá leagtha síos in Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann 1937.
Is féidir an litir iomlán a léamh ag an nasc seo: Litir Thacaíochta don Ghaeilge ó Iarrthóirí na hUachtaránachta 2011.pdf
© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Deireadh Fómhair 2011
Aighneachtaí á lorg – An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dreacht-sceime á lorg ag an Roinn ó pháirtithe leasmhara. Is féidir aighneachtaí a sheoladh isteach go leictreonach chuig breandan.ocaollai@dfa.ie nó a sheoladh sa phost chuig:
Breandán Ó Caollaí,
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádala,
76 – 78 Sráid Fhearchair,
Baile Átha Cliath 2.
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná: 5.00 i.n. De Luain 21 Samhain 2011.
Tá cóip de Scéim Teanga na Roinne 2006-2010 le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne www.dfa.ie
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:
http://www.gaelport.com/abhchoideacht
http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.
Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta ag lorg tuairimí maidir lena mbeartas Gaeilge
Creideann an Chomhairle Ceantair go bhfuil tábhacht le comhairliúcháin lena gcuid beartais a dhéanamh oiriúnach, mar sin, tá siad ag lorg do thuairimí ar an bheartas. Tá na doiciméid comhairliúcháin  ar fail ar ár suíomh gréasáin na Comhairle Ceantair.
Is féidir do thuairm a chur ag laura.porter@magherafelt.gov.uk nó is féidir leat scríobh chuig:
Laura Porter
Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta
50 Bóthar Bhaile Uí Rónáin
Machaire Fíolta
BT45 6EN
Iarrtar do chuid freagraí a mhúnlú timpeall na gceisteanna sa phro forma, nó go n-éascóidh sin an anailís a bheidh le déanamh ar thuairimí gach freagróir. Tá ceist ag an deireadh d’aon eolas nó tuairimíocht bhreise nach luíonn go héasca leis an struchtúr.
Is é Aoine 10 Feabhra 2012 spriocdháta an chomhairliúcháin seo.
Foilsithe ar Gaelport.com 10 Samhain 2011
Clár de Chainteoirí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta fógartha do Thóstal na Gaeilge 2012
Ar an bpainéal de shaineolaithe idirnáisiúnta a chuirfidh moltaí chun cinn i dtaobh an dea-chleachtais i dtíortha eile beidh An tOllamh Colin Williams, Scoil na Breatnaise, Ollscoil Cardiff, An tOllamh François Grin, Dámh an Aistriúcháin agus na hAteangaireachta, Ollscoil na Ginéive, agus Dr Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann.
Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go spreagfaidh Tóstal na Gaeilge an pobal i gcoitinne le haighneachtaí láidre a chur faoi bhráid na Roinne.
Tá an clár ar fáil le léamh anseo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011
Dónal Ó Braonáin, OÉ Gaillimh le Tóstal na Gaeilge a oscailt go hoifigiúil
Le linn eochairchaint an Tóstail tabharfaidh an tUasal Ó Braonáin forléargas ar chlár na comhdhála agus díreofar ar roinnt cheisteanna comhaimseartha a bhaineann le stádas agus le cearta teanga agus mar a bhaineann na hábhair seo le cur chuige agus cultúr na gceart trí chéile.
Cuirfear tús le himeachtaí an Tóstail ar 10am ar Dé Sathairn, 14 Eanáir 2012 san Óstán Hilton, Plás Charlemont Baile Átha Cliath 2.  Comhdháil lae atá i gceist le scoth na gcainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus iad ag díriú ar na bealaí ar féidir stádas na Gaeilge faoin mBunreacht a threisiú tríd an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Tar éis eochairchaint Uí Bhraonáin, déanfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin cur síos ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus ansin cloisfear moltaí praiticiúla chun cinn ó shaineolaithe idirnáisiúnta amhail: an tOllamh Colin Williams, (An Bhreatain Bheag); An tOllamh François Grin, (An Eilvéis), agus Dr Wilson McLeod (Albain).
Labhróidh painéal de shaineolaithe agus de ghníomhairí teanga ina dhiaidh sin agus iad ag cur moltaí chun cinn maidir leis na céimeanna ar féidir a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do stádas na Gaeilge faoin mBunreacht tríd an Acht Teanga.  Orthu siúd a labhróidh le linn an tseisiúin seo, beidh Dr John Walsh, OÉ Gaillimh, Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael, Máire Seosaimhín Breathnach, Comhairle Contae Phort Láirge, Cóilín Ó Cearbhaill, Conradh na Gaeilge, agus Dr Janet Muller, POBAL.
Tabharfar deis don phobal páirt lárnach a ghlacadh sa phlé i rith an lae, agus beidh fóram oscailte ann um thráthnóna chun mionchíoradh a dhéanamh ar na topaicí ar fad a ardaítear le linn na Comhdhála.  Tarraingeoidh Dr Peadar Ó Flátharta, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath na tátail ar fad le chéile agus é ag déanamh cur síos ar chonclúidí an Tóstail.
Ag labhairt dó faoi Thóstal na Gaeilge 2012 dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Tá clár cuimsitheach ábhartha curtha le chéile againn don Tóstal arís i mbliana, agus mórcheisteanna na teanga faoi chaibidil ag scoth na gcainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta.  Tá ionchur an phobail ar na ceisteanna seo ríthábhachtach, agus táimid ag súil go mór na ceisteanna seo a chíoradh le pobal na Gaeltachta agus le lucht labhartha na Gaeilge timpeall na tíre”.
Tá cead isteach chuig Tóstal na Gaeilge saor in aisce, ach iarrtar orthu siúd a bheidh i láthair clár roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Clár Johnston, T: 00 353 1 679 4780 R: cjohnston@comhdhail.ie.  Tá clár an Tóstail ar fáil ag www.gaelport.com/tostal2012.
© Gaelport.com 09 Eanáir 2012
“Neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga Ríthábhachtach” a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2012.
‘Treisiú Stádas na Gaeilge’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana, agus leag na haoichainteoirí idirnáisiúnta An tOllamh Colin Williams (An Bhreatain Bheag), Dr Wilson McLeod (Albain) agus an tOllamh François Grin (An Eilvéis) an-bhéim ar thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga chun stádas na Gaeilge a neartú faoin Acht Teanga, agus dúirt nach mbeadh muinín ag an bpobal in Oifig an Choimisinéara mura mbeadh an t-oifig sin iomlán neamhspleách.
I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus Séamus Mac Giolla Chomhail, Príomhoifigeach de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, maraon le saineolaithe acadúla sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga, agus gníomhairí teanga áitiúla.
Tháinig sé chun solais arís agus arís eile le linn óráidí na n-aoichainteoirí gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin gcóras reatha gur cur i bhfeidhm drogallach atá ar siúl ag formhór na gComhlachtaí Poiblí, go bhfuil teipthe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an córas reatha a riaradh go héifeachtach, agus gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo go práinneach.
Moladh le linn an Tóstail go mbreathnófaí ar an bhféidearthacht a mhalairt de chóras a fheidhmiú a chuimseodh rangú ar Chomhlachtaí Poiblí faoin Acht chun seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge don phobal a bheadh ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla.  Moladh go mbeadh ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga faoin gcóras úr i dtaca le dul i bhfeidhm ar nósmhaireachtaí laistigh de na Comhlachtaí Poiblí agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh sa chás nár chomhlíon na Comhlachtaí Poiblí a ndualgais reachtúla.
Ag tacú go láidir dóibh le moltaí an Choimisineára Teanga, d’aithin na saineolaithe a labhair ag an Tóstal go bhfuil géarchéim ann maidir leis an líon íseal foirne sa chóras poiblí atá in ann seirbhís a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit.  Aontaíodh go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear polasaí earcaíochta i bhfeidhm a thabharfaidh aitheantas d’inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon agus a chinnteoidh, dá réir, go mbeidh líon níos airde den fhoireann sna Comhlachtaí Poiblí faoin Acht in ann plé leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.
Beidh na moltaí ar fad a tháinig chun cinn le linn an Tóstail mar bhunús d’aighneacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Foilseofar achoimre na moltaí sin ar Gaelport.com, príomhshuíomh eolais na Gaeilge, chun go mbeidh siad ar fáil mar threoir don phobal agus iad ag líonadh suirbhé na Roinne nó ag ullmhú aighneachtaí le cur faoi bhráid na Roinne.
Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge 2012, dúirt Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa gur léirigh “an líon ard daoine a d’fhreastail ar Thóstal na Gaeilge i mbliana an spéis agus an tuiscint atá ag an bpobal i gcoitinne san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003”. Deir Mac Fhearghusa gur gá don phobal “gníomhú agus freagairt don athbhreithniú trí suirbhé na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chomhlánú roimh dheireadh na míosa”.
© Gaelport.com 14 Eanáir 2012